Is léir go raibh deifir an-mhór ar Mhairéad Ní Nuadháin agus í ag dul chuig an aerfort mar ní léir dom gur léigh sí an litir a scríobh mé chuig an Irish Times i gceart. Anuas air sin, ní léir dom gur thug sí léi an teachtaireacht.
Níl aon amhras go bhfuil seachfhoinsiú á dhéanamh ag RTÉ ar chláir faisnéise. Ní haon scéal nua é go deimhin. Ach nuair a roghnaíonn meán poiblí seachfhoinsiú iomlán a dhéanamh ar ghné thábhachtach dá sholáthar iriseoireachta, is ceart aird a tharraingt air. Ní masla, cáineadh ná ionsaí ar dhíograis, cruthaitheacht ná tiomantas léiritheoirí neamhspleácha a bhí ann. A mhalairt a bhí i gceist mar mura mbeidh meáin seirbhíse poiblí láidre sa stát seo, ní bheidh earnáil neamhspleách láidir ann ach oiread.
Is tráthúil go bhfuil ionsaí suntasach agus leanúnach déanta ar an BBC le seachtainí beaga anuas. Cad chuige? Cén bhagairt a bhaineann le meáin seirbhíse poiblí? Oibríonn meán seirbhíse poiblí amhail an BBC, RTÉ agus TG4 ar son leas an phobail. Ní cás le meán seirbhíse poiblí leas lucht rachmais, leas úinéirí a chónaíonn thar sáile nó leas ceannairí polaitiúla a fhéachann leis an bhfírinne a chur as a riocht agus a bhrú faoi chois. Is fál lárnach daonlathach in éadan na tíorántachta iad. Ba cheart go mbeadh ar acmhainn na meán seirbhíse poiblí a scéalta féin a insint gan fuacht gan faitíos.
Ní gá ach féachaint ar iompar na mórghréasán tráchtála craolacháin sna Stáit Aontaithe le bliain anuas chun tábhacht na n-ardán poiblí a thuiscint i gceart. Feacann siad glúin agus cúbann roimh an údarás nuair a thagann a leas tráchtála féin i gceist. Jeff Bezos, úinéir Amazon, a shocraigh polasaí eagarthóireachta an Washington Post roimh an toghchán thall. Eagla an mhórchomhlachta Disney roimh chinneadh mífhabhrach rialála FCC a thug orthu tabhairt ar NBC Jimmy Kimmel a bhaint den aer. Chuige sin, ní foláir maoiniú cóir a choinneáil le meáin phoiblí ionas nach mbeidh na hardáin chriticiúla seo faoi chomaoin leasanna seachtracha.
‘Níl sé eacnamúil,’ a deir Mairéad go mbeadh aonad seachtrach craolacháin ag RTÉ a thuilleadh. Tagairt atá ansin do sheanchinneadh agus seanchath a troideadh beagnach 25 bliain ó shin. Is cinnte nach mbeidh sé eacnamúil má shocraíonn ardbhainistíocht RTÉ nach mbeidh sé eacnamúil. Is é an sprioc a bhíonn le seachfhoinsiú ná seirbhís a cheannach isteach atá níos saoire ná an costas a bhí ann roimhe sin. Scaoiltear daoine chun siúil (mar atá ag tarlú in RTÉ agus san earnáil phríobháideach faoi láthair m.sh. Reach) agus ísliú mór ar luach saothair an dá thoradh a bhíonn ar sheachfhoinsiú go cinnte.
Tá impleachtaí d’iriseoirí laistigh de RTÉ, TG4 agus lasmuigh san earnáil neamhspleách má théitear chun cinn le seachfhoinsiú eagarthóireachta ar scála mór. Impleachtaí dá gcumas scéalta a insint go neamheaglach agus impleachtaí dá bpá agus coinníollacha fostaíochta. Saol corrach ar bheagán cúitimh a bhíonn ag an gcomhlacht léiriúcháin neamhspleách. Ainneoin conarthaí ollsoláthair agus a leithéid, bíonn líon mór acu ag maireachtáil ó lámh go béal. Socrú eacnamúil é sin chomh maith atá bunaithe ar an éagóir. Más é múnla an fhoilsitheora/craoltóra atá á roghnú ag RTÉ dá dTreo Nua is fearr do chách sin a admháil, a aithint agus scagadh ceart a dhéanamh ar na socruithe eagarthóireachta agus eacnamúla.
Is é an mórphointe i ndáiríre ná go mbeidh an iriseoireacht, na meáin seirbhíse poiblí agus an earnáil neamhspleách uile go léir thíos le socrú seachfhoinsithe atá bunaithe ar an éagothroime eacnamúil.
- Tá Séamus Dooley ina Ard-Rúnaí Cúnta ar Cheardchumann na nIriseoirí.