Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

“Tá feidhmeanna soiléire luaite a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge”: Ré Nua tagtha faoi dheireadh

|

Chuir an Dr Pól Deeds tús oifigiúil lena chuid oibre ina ról úr mar an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh inniu, Déardaoin 20 Samhain 2025. Fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair fá aimsir an Oireachtais gur ceapadh an Dr Pól Deeds sa ról nua atá ina phríomhghné den Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh in Westminster in Nollaig 2022.

Is de bharr an chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua a ritheadh an tAcht sin in Westminster. Comhaontú é Ré Nua a tháinig chun cinn i mí Eanáir 2020 i ndiaidh trí bliana gan an Feidhmeannas ag feidhmiú ag Stormont as siocair gur éirigh Martin McGuinness as ról an LeasChéad-Aire in Eanáir 2017 mar fhreagra ar dhiúltú lom an DUP agus Arlene Foster éirí as post an Chéad-Aire tar éis an scannail RHI ó thuaidh. Níor éirigh Foster as an ról go dtí mí an Mheithimh 2021.

Dea-chleachtais um chaighdeáin teanga don chuid is mó a mbeidh an Coimisinéir Teanga freagrach as. Faoi na dualgaisí seo agus mar chuid de na caighdeáin teanga, forbrófar polasaithe dea-chleachtais maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne agus tuilleadh eile.

Déanfaidh na polasaithe seo eolas do chur chuige na n-eagraíochtaí stáit agus poiblí sa tuaisceart maidir le dea-chleachtais um chaighdeáin teanga a chur i ngníomh agus de réir Sceideal 3 d’Acht an Ombudsman um Sheirbhísí Poiblí TÉ (2016).

Beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir Gaeilge na caighdeáin seo a dhréachtú agus beidh sé faoin Chéad-Aire agus faoin LeasChéad-Aire iad a cheadú. Sa chás nach bhfuil an bheirt ar ghreim lámh agus ag béicíl go ríméadach faoi chaighdeáin an Choimisinéara, nó sa chás go bhfuil an Feidhmeannas imithe chun fáin arís, bronann an tAcht nua cumhachtaí ar Rúnaí Stáit na Breataine na caighdeáin sin a cheadú díreach.

Chomh maith leis sin, leagtar amach sa reachtaíocht go bhfuil dualgas ar an Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’ (féach Alt 78L(3)) agus, anuas air sin, go bhfuil air aon ghearán ón phobal a fhiosrú maidir le teip ar aon cheann de na húdaráis phoiblí na caighdeáin teanga a chur i bhfeidhm.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá breis agus leathchéad bliain d’fheachtasaíocht, d’eagrú pobail agus d’athghábháil teanga curtha i gcrích chun muid a thabhairt chomh fada leis an phointe seo go bhfuil Acht Gaeilge againn a thugann, d‘ainneoin na laigí soiléire, seasamh oifigiúil don Ghaeilge sa dlí ó thuaidh. Ní ceann scríbe í an reachtaíocht seo, agus cé nach gcomhlíonann sé an méid a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn, is clochmhíle shuntasach í. 

“Níl aon amhras ann ach go bhfuil muid mar phobal ag tús aistir nua agus an Coimisinéir nua Gaeilge ag toiseacht ar a chuid oibre inniu. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge leagtha amach go poiblí sa reachtaíocht ar a mbunaítear an oifig sin. Tá muid ag súil go mór le bheith ag plé láithreach leis an Choimisinéir úr agus lena chuid feidhmeanna sa reachtaíocht agus ionchais mhóra againn mar phobal go mbainfear amach fríd an Oifig seo an comhionannas a gealladh dúinn thar na blianta. 

“Tá neart cainte agus neart cáinte déanta maidir le ‘veto’ an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ar na caighdeáin teanga, go mbeidh ‘comhthoil’ de dhíth ón bheirt acu chun na caighdeáin sin a fhaomhadh. Tiocfaidh an scrúdú mór sin go luath agus moltaí an Choimisinéara i leith na gcaighdeán ullmhaithe aige.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin fosta go bhfuil obair le déanamh idir anois agus an lá thiocfaidh an scrúdú, “Idir an dá linn, tá feidhmeanna soiléire luaite i gcroí na reachtaíochta a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’. Is feidhmeanna iad seo a luíonn leis an Choimisinéir Gaeilge amháin, gan aon ‘veto’ nó ‘comhthoil’ ó na hAirí luaite leo. 

“Tríd na feidhmeanna sin, tá muid ag súil leis go mbeidh an Coimisinéir ábalta comhairle agus treoir a thabhairt d’aon údarás poiblí a bhfuil sé a leithéid de dhíth orthu, bíodh sin ar an Roinn Bonneagair ar cheist na comharthaíochta dátheangaí, ar Ollscoil na Banríona atá ag fanacht leis an chomhairle sin le fada an lá, nó le haon údarás poiblí atá ag plé le soláthar Gaeilge ach a bhfuil tacaíocht agus cuidiú de dhíth orthu. Dhéanfadh na feidhmeanna sin difear claochlaitheach don bhealach éighníomhach, leatromach go rímhinic, a mbíonn an stát ag caitheamh le soláthar Gaeilge.”

The post “Tá feidhmeanna soiléire luaite a thugann cumhacht don Choimisinéir Gaeilge”: Ré Nua tagtha faoi dheireadh appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta