Beidh Gaelcholáiste Synge, iar-bhunscoil chomhoideachais lán-Ghaeilge, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ag oscailt a chuid doirse i mí Mheán Fómhair 2026 ach tá go leor neamhchinnteachta ann go fóill faoi go leor rudaí praiticiúla a bhaineann leis an phróiseas aistrithe.
Fógraíodh i mí Mheán Fómhair seo a chuaigh thart go raibh scoil chomhoideachais lán-Ghaeilge le déanamh de CBS Sráid Synge, iarbhunscoil do bhuachaillí i ndeisceart na cathrach, ach léirigh bord bainistíochta, múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile amhras faoin phlean ó shin i leith mar gheall ar an easpa eolais ón Aire Oideachais agus óna roinn.
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an cathaoirleach ar an ngrúpa BÁC 2468 atá i mbun feachtais ó 2021 chun Gaelcholáiste an oscailt sa cheantar, go bhfuil “go leor ceisteanna fós gan feagra.”
Deir sé go bhfuil “deis an-mhór caillte” nuair a bhí páistí ag clárú don scoil úr mar nach raibh go leor eolais ar fáil do thuismitheoirí faoi go leor rudaí praiticiúla a bhaineann leis an Ghaelscoil úr.
Ag labhairt dó le Tuairisc dúirt de Spáinn, gur gheall an t-iar-aire Oideachais Helen McEntee go mbeadh an t-eolas ar fad acu tamall ó shin ach nár “tháinig sé fós”, agus go bhfuil siad ag éileamh ar an aire úr an t-eolas sin a chur ar fáil “go práinneach” mar go bhfuil sé chun a bheith “fíordheacair aon tuismitheoir a mhealladh do 2026 ag an phointe seo”.
“Má tá tú ag smaoineamh ar do pháiste a chur ann don chéad sé bliana eile – tá tú ag iarraidh fáil amach cén saghas foirgnimh ina mbeidh siad ann – conas a chinnteoidh siad go mbeidh an Ghaeilge chun cinn agus go mbeidh an tumoideachas á chur i bhfeidhm sa scoil,” a dúirt sé.
Nuair a fógraíodh an nuacht ar dtús go raibh scoil chomhoideachais lán-Ghaeilge le déanamh de CBS Sráid Synge, dúradh go mbeadh gach dalta sa scoil ag fáil a gcuid oideachais go hiomlán trí Ghaeilge ó thús na bliana scoile 2026/27, ach fógraíodh ó shin go nglacfaí le rang a mhúinfí trí Bhéarla agus go mbeadh na daltaí a chláródh don oideachas lán-Ghaeilge á lonnú i bhfoirgneamh ar leith ar an champas.
Dúirt Medb Ní Fhearghail, Príomhoide Tánaisteach ar Ghaelcholáiste Synge le Tuairisc an tseachtain seo go raibh “cruinniú mhór” acu an tseachtain seo a chuaigh thart “ó thaobh an fhoirgnimh de” agus go mbeadh na daltaí a thosaíonn i Meán Fómhair 2026 lonnaithe i mbunscoil Sráid Synge ar dtús ar feadh bliana.
“Beidh an chéad bhliain lonnaithe sa bhunscoil [Sráid Synge] mar gur timpeallacht lán-Ghaeilge atá sa bhunscoil cheana fhéin agus beidh muid ag obair ar bhogadh isteach sa mheánscoil nuair a shroicheann na scoláirí an dara bliain,” a dúradh.
Deir de Spáinn gurb é an tuiscint atá acusan ag an phointe seo ná go mbeadh daltaí úra a bheas ag fáil oideachais trí mheán an Bhéarla le hearcú don scoilbhliain úr in 2026 chomh maith, rud a chiallódh go mbeadh sé doiligh timpeallacht lán-Ghaeilge a chruthú do na daltaí Gaeilge nuair a bhogann siadsan isteach sa mheánscoil.
Deir sé má bhíonn grúpa Béarla le bheith sa scoil sna blianta tosaigh go mbeadh an ghrúpa sin “an-mhór” agus go mbeadh sé deacair “deighilt” a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh an tumoideachas i bhfeidhm sa scoil.
“Tá cinneadh déanta an scoil a aistriú go Gaelcholáiste – is cóir é sin a dheanamh chomh tapaidh agus is féidir,” a dúirt sé.
Deir Ní Fhearghail go bhfuil “an Gaelcholáiste ag dul ar aghaidh agus tuigeann gach duine é sin anois” ach go bhfuil siad go fóill i mbun oibre agus nach stopfaidh siad go dtí go bhfuil siad “sásta” go bhfuil na “coinníollacha ar fad bainte amach” acu.
Dúirt sí fosta, go bhfuil cúrsaí Gaeilge á gcur ar fáil do chuid de na múinteoirí atá sa mheánscoil faoi láthair agus go mbeidh siad ag “múineadh trí mheán na Gaeilge sna blianta romhainn” ach go mbeidh cuid de na múinteoirí “ag bogadh ar aghaidh” amach anseo.
“Tá a lán éilimh le haghaidh Gaelcholáiste sa cheantar agus tá muid sásta go mbeidh na scoláirí seo ó na Gaelscoileanna sa cheantar ábalta leanacht leis an tumoideachas sa Ghaelcholáiste anois ar an bhliain seo chugainn,” a dúirt sí.