Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Tá ‘Catherine Connolly-mania’ anseo’ – cuairt ar Ghaelscoil an chéad choinne ag an Uachtarán nua

|

Léiriú ar ghrá agus ar thiomantas an uachtaráin nua don Ghaeilge é gur cuairt ar Ghaelscoil Inse Chór an chéad choinne oifigiúil a bheidh ag Catherine Connolly, dar le príomhoide na scoile.

Tá coinní ag Catherine Connolly, a insealbhaíodh ina huachtarán inné, i gcontae na Mí agus i nGaillimh níos déanaí inniu, ach cuirfidh sí tús lena céad lá mar uachtarán le cuairt chuig Gaelscoil Inse Chór.

“Tá sé dochreidte,” a deir Colm Ó Nualláin, príomhoide na scoile i mBaile Átha Cliath 8.

“Bhíomar thar a bheith sceitimíneach nuair a fuaireamar an nuacht. Tá rud éigin an-speisialta faoi toisc gurb é an chéad dualgas oifigiúil a bheidh aici mar uachtarán. Ní chreidim gur roghnaigh sí muid ach is dócha go roinneann muid léi an grá don teanga.”

Thart ar 210 dalta atá ag freastal ar an scoil agus iad ag súil go mór le teacht an uachtaráin, a deir Ó Nualláin.

“D’insíomar an scéal dóibh agus thosaigh siad go léir ag bualadh bos go han-sásta. Bhí cúpla deoir ann freisin, bhíodar ar bís,” ar sé.

“Tá cineál Catherine Connolly-mania ag bualadh na scoile!”

Deir Ó Nualláin gur “léiriú láithreach” atá sa gcuairt ar an tábhacht atá leis an teanga do Connolly agus gur comhartha atá ann go bhfuil sí chun í a chur i lár an aonaigh le linn a huachtaránachta.

“Mar Ghaeilgeoirí, is aoibhinn linn an teanga ach mothaíonn tú i gcónaí go mbíonn tú ag troid ar son na teanga, ag troid ar son deiseanna [í a úsáid].

“Deireann polaiteoirí rudaí ó am go chéile ach, an bhean seo, tá sí tar éis a léiriú láithreach, ‘Nuair a labhraím faoin nGaeilge, is toisc an grá atá agam don Ghaeilge é’.”

Iardhalta de chuid na scoile, a bunaíodh i 1977, é Ó Nualláin, agus deir sé gur cuimhin leis an agóidíocht a bhí ag teastáil chun aitheantas a fháil ón rialtas.

“Bhí troid mhór againn chun scoil cheart a fháil. Sin an rud a bhí mé ag rá, go mbíonn orainn troid ar son na teanga. Is iardhalta mé féin agus is cuimhin liom a bheith ag suí taobh amuigh d’oifig na Roinne Oideachais daichead bliain ó shin ag lorg foirgnimh fiú.”

Is cinnte go bhfuil dul chun cinn mór déanta ó shin agus ní hí Catherine Connolly an chéad uachtarán a thug cuairt ar Ghaelscoil Inse Chór. D’oscail Micheál D. Ó hUigínn sciathán nua den scoil in 2012.

“Caithfear a rá, an t-iarUachtarán, thug sé an-tacaíocht don teanga chomh maith. We’re on a roll!,” a deir Ó Nualláin ag gáire.

Bhí níos mó ama acu fáil réidh don chuairt sin in 2012 ach tá Ó Nualláin ag súil go mór leis an ócáid inniu in ainneoin na deifre.

“Deirtear linn go bhfuil sí ag iarraidh deis a fháil bualadh agus labhairt leis na páistí. Rachaidh sí b’fhéidir ag labhairt lenár gCoiste Glas, le comhairle na ndaltaí, leis na foirne peile agus mar sin de ar feadh cúpla nóiméad.

“Beidh taispeántas beag againn sa halla. Cúpla amhráin, rince Gaelach agus bronnadh beag. Tuigeann muid gur bean an-ghnóthach í agus is dócha go mbeidh uirthi a bheith ar a bealach tar éis uair an chloig nó mar sin.

“Bíonn gach lá difriúil ar scoil ach lá ar leith a bheidh anseo.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta