Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Suíomh gréasáin Fhís an Phobail seolta

|

Seoladh suíomh idirlín úrnua de chuid Fs an Phobail le linn Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste ar na mallaibh. 

Líonra pleanála teanga Iarthar Bhéal Feirste is ea Fís an Phobail – fuair an limistéar stádas oifigiúil mar cheantar líonra Gaeilge’ ó Fhoras na Gaeilge in 2018. 

Is é an sprioc atá ag Fís an Phobail don suíomh úr seo ná mol pobail a chruthú ionas go dtig le pobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste nuacht, eolas nó tacaíocht a aimsiú in aon áit amháin.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin gur céim shuntasach chun tosaigh í ‘fisanphobail.com’ do Ghaeilgeoirí in iarthar na cathrach, agus go bhfuil sé tábhachtach go gcoinníonn pobal na Gaeilge suas le cúrsaí teicneolaíochta sa lá atá inniu ann.

Bhí Tomaí Ó Conghaile – scríbhneoir, aistritheoir agus bunaitheoir na hirise NÓS – i láthair chun an suíomh a sheoladh go hoifigiúil agus labhair sé faoin phobal Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste agus an dóibh a mbeidh an áis seo ina cuidiú dóibh. 

Is féidir leat dul chuig an suíomh tríd an nasc seo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta