Tá sé geallta ag an Roinn Oideachais go dtabharfar stádas speisialta do scoileanna lán-Ghaeilge i suirbhé faoi chaighdeán na bhfoirgneamh atá ag scoileanna ar fud na tíre.
Luaitear sa Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht a seoladh an tseachtain seo caite gur “ardaíodh imní faoi chóiríocht agus áiseanna” i roinnt scoileanna lán-Ghaeilge sa tír.
Tá “suirbhé fuinnimh agus reachta” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais faoi láthair i ngach scoil sa stát agus úsáidfear torthaí an tsuirbhé sin le “bonn maith fianaise” a chur ar fáil faoi chaighdeán na cóiríochta i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.
“Agus tosaíochtaí á n-aithint ag an Roinn maidir le tógáil agus athchóiriú scoileanna, aithneofar stádas speisialta na suíomhanna lán-Ghaeilge, go háirithe scoileanna atá ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach,” a deirtear sa pholasaí nua.
Tá imní á léiriú le fada ag príomhoidí, múinteoirí, agus tuismitheoirí i scoileanna lán-Ghaeilge faoi chaighdeán na cóiríochta atá i roinnt de na scoileanna sin. Sa bhliain 2023, bhí breis agus 40% de na scoileanna a bhí faoi chúram an Fhorais Pátrúnachta ag brath ar chóiríocht shealadach, amhail seomraí réamhdhéanta, tithe cónaithe, agus seanfhoirgnimh eile.
An samhradh seo, dúirt an tAire Stáit Seán Canney gur baineadh “stangadh” as go raibh scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ag fanacht breis agus 20 bliain ar fhoirgneamh nua.
Dúirt Canney go raibh sé deacair a chreidiúint go raibh Gaelscoil Choláiste Mhuire i lár na cathrach ag fanacht scór blianta ar áit nua agus go raibh an chosúlacht ar an scéal gur tuilleadh moille a bhí i ndán don togra.
Tá an scoil sin lonnaithe i seanfhoirgneamh ar Chearnóg Parnell “ar bhonn sealadach” ó bhí an bhliain 2003 ann. Tá imní léirithe go minic ag polaiteoirí agus ag pobal na scoile go bhfuil an foirgneamh ag titim as a chéile agus nach bhfuil sé oiriúnach do na páistí atá ag freastal air.