Tá an Roinn Oideachais ag súil go gcuirfear tús leis an obair thógála ar fhoirgneamh nua do Ghaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn.
Dúirt an t-iarAire Oideachais, Helen McEntee, (a aistríodh chuig an Roinn Cosanta an tseachtain seo) go bhfuil Gaelcholáiste Reachrann i measc 80 togra atá ar chlár oibre na Roinne don tréimhse 2026/2027 “mar chuid den chlár caipitil oibre dhá bhliain” atá ag an Roinn Oideachais.
Dúirt McEntee sa Dáil gur bhain sí taitneamh as an gcuairt a thug sí ar an meánscoil lán-Ghaeilge níos luaithe i mbliana agus gur léir di gur theastaigh foirgneamh nua ón scoil.
“Tá a fhios agam gur cuireadh tús agus stop leis an obair seo ar iliomad cúiseanna le blianta beaga anuas. Tá sé i gceist agam tógálaithe a chur ar an suíomh a luaithe agus is féidir. Ar dtús, caithfidh sé dul amach ar tairiscint.
“Tá mé sásta a rá go bhfaighidh an scoil fógra le tairiscintí a lorg ón lá inniu. Tabharfaidh sé sin an deis dúinn a chinntiú go mbeidh tógálaithe ar an suíomh ag briseadh na talún an bhliain seo chugainn, agus go mbeidh scoil 600 dalta den chéad scoth ann don phobal sin agus don cheantar máguaird,” a dúirt McEntee.
Cothrom an ama seo anuraidh, shiúil daltaí agus múinteoirí Ghaelcholáiste Reachrann amach as an scoil mar agóid faoin drochbhail atá ar an scoil, a osclaíodh den chéad uair in 2001.
Cé go bhfuil an scoil ar an bhfód le ceathrú céid, níl foirgneamh buan ann ná halla scoile, leabharlann, seomra lóin, ná bothán rothar. Tá dhá thrian den scoil i bhfoirgnimh réamhdhéanta a cuireadh ar fáil ansin mar réiteach sealadach ar cheist na cóiríochta don scoil nuair a osclaíodh í.
Dúirt an Teachta Dála do Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh Barra Ó hÉineacháin le Tuairisc go bhfuil sé “an-sásta” go bhfuil dul chun cinn déanta ar cheann de na ceisteanna is mó a bhí ag dó na geirbe aige nuair a toghadh den chéad uair é i mí na Samhna seo caite.
Labhair Ó hÉineacháin go minic faoin scoil le linn a fheachtais toghchánaíochta agus sa Dáil ó toghadh ina ionadaí neamhspleách don cheantar é in Olltoghchán 2024.
“Nuair a bhí mé ag dul isteach sa rialtas, bhí Gaelcholáiste Reachrann agus Ospidéal Beaumont i measc na rudaí ba thábhachtaí dom. Tá go leor rudaí eile atá mé ag iarraidh a dhéanamh, ach bhí Gaelcholáiste Reachrann gar do bharr an liosta i gcónaí.
“Tá mé an-sásta go bhfuil sé tar éis bogadh ar aghaidh, agus go mbeidh sluaistí sa talamh i mí an Mhárta seo chugainn. B’fhéidir go bhfuil mé rómhuiníneach leis an tuar sin, ach caithfidh mé a bheith muiníneach. Tá na daoine ag fanacht ar scoil nua anseo le cúig bliana is fiche, nuair a bhí mé ag na doirse anuraidh bhí sé ar bharr a ngoib ag muintir na háite agus bhí glaonna a bhfáil agam faoi le bliain anuas,” a dúirt Ó hÉineacháin.
Dúirt sé go mbeidh an scoil nua ina heiseamláir agus go mbeidh spás inti do 600 dalta chomh maith le dhá sheomra ar leith do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.
“Is í an scoil is nua agus is fearr a bheidh sa tír, beidh sí ina heiseamláir do scoileanna eile. Beidh sé iontach don oideachas, beidh sé iontach don oideachas lán-Ghaeilge, tá mé lánsásta go bhfuil rudaí ag dul chun cinn anois,” a dúirt sé.