Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Portráid nochta in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin

|

Bhí foirgneamh Raidió Fáilte ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, lán go doras Dé Céadaoin seo caite agus ócáid chuimhneacháin do Ghearóid Ó Cairealláin ar siúl ann.

Nochtadh portráid de Ghearóid, an gníomhaí teanga mór le rá a fuair bás beagnach bliain ó shin agus a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió Fáilte, Coláiste Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus tograí Gaeilge eile nach iad.

Bhí an ócáid ar cheann de na chéad imeachtaí a tharla le linn Oireachtas na Samhna 2025, a tháinig go Béal Feirste an tseachtain seo caite den chéad uair ó bhí 1997 ann. Is é Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, a nocht an pictiúr.

Labhair Meon Eile le Dónall Mac Giolla Chóill, a raibh dlúthchairdeas aige le Gearóid. D’inis sé dúinn faoin chinéal duine a bhí ann agus faoin ról a bhí aige in Oireachtas na Samhna go Béal Feirste 1997, agus é ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am.

Dúirt mac le Gearóid, Ainle Ó Cairealláin, linn gur mhothaigh sé bród as an mhéid daoine a tháinig chuig an ócáid agus go léiríonn sé an meas atá ag daoine ar chuimhne Ghearóid. Labhair sé fosta faoin tionchar a d’imir glúin a athar ar Ghaeilgeoirí an lae inniu.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta