Mura bhfuil faic eile déanta ag polasaí oideachais lán-Ghaeilge nua na Roinne Oideachais, tá a chion déanta aige d’úsáid an bhriathair saoir san aimsir fháistineach.
Tá, mar shampla, 12 ‘Fiosrófar’ sa pholasaí nua a seoladh inné. Agus cad é a fhiosrófar? ‘Na bealaí’ gan dabht. Agus ‘na deiseanna’.
Na bealaí a d’fhéadfaí a fhiosrú chun seo siúd agus eile a dhéanamh, agus ‘na deiseanna’ go léir a d’fhéadfaí a fhiosrú chun seo siúd agus eile a dhéanamh.
Níl teorainn ach oiread leis na féidearthachtaí gur gá iniúchadh a dhéanamh orthu, nó iad a bhreithniú mura bhfuil siad tábhachtach a ndóthain chun go dtuillfidís an t-iniúchadh.
Ach an dtógfar aon ghaelcholáiste nua de thoradh an pholasaí seo, abair sna 13 contae sa stát nach bhfuil aon ghaelcholáiste ann?
N’fheadar, mar tá tascfhórsa bunaithe chun é sin agus ceisteanna tábhachtacha eile a fhiosrú. Ná cuireadh sé iontas ar éinne má thagann an tascfhórsa céanna ar ais agus an freagra céanna acu is a bhíonn ag an Roinn Oideachais i gcónaí.
De bharr cúinsí déimeagrafacha is ar éigean go mbeidh aon scoil nua á tógáil againn sna blianta amach romhainn agus ní haon eisceacht cás na scoile lán-Ghaeilge nua. Ach seo duit, idir an dá linn, cúpla múnla eile don soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Ní maith leat m’Aonad, cad faoin ‘scoil satailíte’ nua as an bpíosa seo ar an bpraghas céanna?
In 2022, dúradh i dtuarascáil taighde a chuir an Roinn i dtoll a chéile mar chuid d’fhorbairt an pholasaí nua gur dócha nach mbeadh ach “deiseanna teoranta” ann gaelscoileanna nua a bhunú amach anseo.
Caithfear dá bharr, a dúradh, “roghanna eile níos inbhuanaithe” a fhiosrú chun cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
D’fhéadfadh an méid sin a bheith ráite sa pholasaí agus gan an tascfhórsa a bhac ach ní foláir an cluiche a imirt, go háirithe agus an Ghaeilge á labhairt ó Áras an Uachtaráin go cúirteanna Shasana.
Ealaín ann féin an polasaí Gaeilge agus is seoid sa seánra An Polasaí Don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuirtear tús leis le ‘fís’ agus éiríonn sé níos teibí ina dhiaidh sin.
Is í an ‘fhís’ ná “go mbeadh oideachas lánGhaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha”.
Cé a bheadh ina choinne sin?
Ach conas a bhainfear amach é? Cén uair? Cé mhéad a chosnóidh sé? Agus cén fáth nach bhfuil an focal ‘díolúine’ luaite in aon chor in ainneoin ceann ón nGaeilge a bheith ag duine de gach seachtar daltaí? A leithéid de cheisteanna suaracha!
Féachaimis arís ar an bhfís agus fágaimis é sin go léir faoin tascfhórsa go fóill.
Seoladh chomh maith inné Is féidir liom, is féidir linn, Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán Béarla.
Ná bí ag súil sa tseoid eile seo le mórán sonraí faoi conas is féidir liom agus nó conas is féidir leat.
Ach is féidir linn, agus sin é an rud is tábhachtaí.
Níl uait ach do shúile a dhúnadh agus ligean don bhfís tú a threorú. Beidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách.
Ar bhonn céimnithe agus de réir mar a cheadaíonn cúinsí buiséid agus eile…