Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Níos mó naíonraí Gaeilge ‘á ndúnadh ná mar atá á n-oscailt’ 

|

Tá níos mó naíonraí Gaeilge “á ndúnadh ná mar atá á n-oscailt” agus géarghá le beartas nua ón stáit chun dul i ngleic leis an scéal, a dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inné.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghreácháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachais ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge go raibh gá le scéim nua a thacódh le naíonraí nua a bhunú.

“Níl naíonraí nua á mbunú ag ráta a thagann le héileamh an phobail agus leis an líon bunscoileanna lán-Ghaeilge,” a dúirt sí.

Dúirt ceannasaí Gaeloideachais go raibh deis ann go háirithe naíonraí nua a lonnú ar láthair bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus gur cheart don Stát “breathnú ar mhúnla poiblí a fhorbairt le soláthar luathbhlianta lán-Ghaeilge a chinntiú”.

Dúirt sí go raibh líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag dul i laghad le blianta beaga anuas agus gur cosúil gur deacrachtaí baill foirne a earcú agus a choinneáil is cúis leis.

Deir Gaeloideachas gur chóir scéim aitheantais agus fóirdheontais a bhunú ar bhonn práinne do na naíonraí atá ann cheana. D’fhéadfaí sin a dhéanamh mar chuid den phlean cuimsitheach atá beartaithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge sna luathbhlianta sa chóras oideachais, a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin.

“Mar a sheasann sé, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh.

“Ba cheart don Stát eolaire poiblí a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh, mar a dhéantar le scoileanna.

“Is gá an rogha a éascú do thuismitheoirí agus iad a spreagadh le dul i muinín an chórais, le feachtas náisiúnta maidir le buntáiste an naíonra.”

Dúirt príomhfheidhmeannach Gaeloideachas go gcaithfeadh an plean atá á ullmhú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don luathoideachas Gaeilge a bheith “uaillmhianach” más leis “dul i ngleic leis na dúshláin atá ag bagairt ar na naíonraí le blianta fada”.

Theastódh chomh maith, a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin “buiséad cuí le plean gnímh cuimsitheach a chur i bhfeidhm”.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta