Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Níl aon fhís ag an Roinn Oideachais i leith na Gaeilge’

Ní léir don eagraíocht Gaeloideachas “aon fhís” a bheith ag an Roinn Oideachais i leith na Gaeilge ná na Gaelscolaíochta.

Agus í ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, nach léir don eagraíocht go bhfuil fís ag an Roinn i leith na Gaeilge.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh “méid áirithe” d’iarracht déanta ag oifigigh na Roinne Oideachais le freastal ar an éileamh atá ar an nGaelscolaíocht faoi láthair ach gur dóigh léi go bhfuil “fís” in easnamh sa Roinn.

“Ní heol dúinn cén fhís atá ann don oideachas lán-Ghaeilge. Go deimhin, ní heol dúinn cén fhís, más ann d’fhís ar chor ar bith, atá ann don Ghaeilge sa Roinn Oideachais ag an bpointe seo.

“Dúradh linn go mbeadh sé mar chuid den pholasaí oideachais lán-Ghaeilge go mbeadh an ‘fhís’ ann. Ach níor tugadh deis dúinn mar earnáil agus mar phobal a thuiscint cén fhís atá ann agus comhairliúchán a dhéanamh air [an polasaí]. Seo an rud is tábhachtaí a tharlóidh don oideachas lán-Ghaeilge riamh agus níor tugadh deis dúinn comhairliúchán a dhéanamh ar an bhfís a bhaineann leis,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Ghréacháin go bhfuil sé “deacair a thuiscint cén fhíorthacaíocht atá ann don teanga agus don oideachas lán-Ghaeilge” taobh istigh den Roinn Oideachais.

Dúirt sí go gceapann sí go gcreideann an Roinn Oideachais féin go bhfuil sí ag cabhrú le fás na Gaelscolaíochta ach nár ghlac an Roinn le hachainí a heagraíochta féin, Gaeloideachas, suirbhé nua ar thuismitheoirí daltaí bunscoile a leasú.

“Nuair a rinneamar iarracht dul i bhfeidhm orthu faoi na himpleachtaí a bheadh ag an suirbhé, ní raibh siad sásta é a leasú ag an bpointe sin. Tá méid áirithe d’iarracht ann le cabhrú leis an éileamh,” a dúirt sí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta