Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ní ‘laghdú ach athrú’ a thiocfaidh ar fhostaíocht sa Ghaeltacht de bharr AI – Údarás na Gaeltachta

| ,

Ní thiocfaidh laghdú ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht mar gheall ar an Intleacht Shaorga, a deir Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Údarás na Gaeltachta

go bhfuil an t-athrú teicneolaíochta atá ag tarlú i láthair na huaire “inchurtha” leis an athrú a tharla ag tús na mílaoise le teacht an idirlín, ach nach mbeadh drochthionchar aige ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht.

“Is plé idirnáisiúnta atá ann ‘cén tionchar a bheidh ag an intleacht shaorga ar phoist’ agus bhí an plé céanna ann ar theicneolaíocht eile. Ní hé go dtiocfaidh laghdú ar phoist, ach tiocfaidh claochlú agus athrú ar na poist atá ann.

“Tá an éabhlóid seo ag tarlú sa Ghaeltacht le daichead bliain anuas. Tá poist ar leibhéal i bhfad níos airde ar fáil sa Ghaeltacht ná mar a bhí ar fáil sna 1980idí. Tá na moil dhigiteacha, G-Teiceanna, ann agus tá an deis ag daoine ar ardchumas filleadh ar an nGaeltacht, rud atá muid a iarraidh,” a dúirt Ó Néill.

Dúirt sé ag an seimineár ‘Ár dTeanga, Ár dTeicneolaíocht: Intleacht Shaorga agus Todhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta’, a reáchtáladh ag an Oireachtas le déanaí,  go bhfuil an tÚdarás ag iarraidh go mbeidh pobal na Gaeltachta “eolach” ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an Intleacht Shaorga agus go bhfuil siad ag iarraidh “deiseanna a thabhairt do dhaoine”.

Dúirt sé gur léir cheana go mbeidh tionchar ag an Intleacht Shaorga ar an gcaoi a mbeidh aistritheoirí agus daoine atá ag obair san earnáil closamhairc ag obair amach anseo, agus go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar freisin ag an teicneolaíocht nua ar an gcaoi a mbíonn cuntasóirí, dlíodóirí, agus innealtóirí ag obair.

Gheall Ó Néill go “seasfaidh an tÚdarás le pobal na Gaeltachta agus iad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin” a bhaineann leis an Intleacht Shaorga san ionad oibre.

“Táimid ag iarraidh a léiriú céard é an staid reatha atá ann faoi láthair, agus go dtuigfidh daoine go bhfuil treochtaí idirnáisiúnta ann air seo [AI]. Tá níos mó i gceist ná pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Níos luaithe i mbliana, d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta an cháipéis Uirlisí IS don Ghaeilge – Deiseanna gus Dúshláin inar cuireadh síos ar phleananna móra na heagraíochta don Intleacht Shaorga sna blianta amach romhainn.

Creideann an tÚdarás go láidir i bhforbairt na hIntleachta Saorga Gaeilge agus tá an lucht bainistíochta den tuairim gur chóir díriú ar an teicneolaíocht nua lena chinntiú nach bhfágfar an Ghaeilge in áit na leithphingine amach anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta