Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ní chuireann neamhspleáchas institiúidí tríú leibhéal srian ar fhorbairt na hollscolaíochta Gaeilge – iaruachtarán Ollscoil na Gaillimhe

|

Tá sé ráite ag iar-uachtarán Ollscoil na Gaillimhe nach aon leithscéal é neamhspleáchas na n-institiúidí tríú leibhéal nuair a thagann sé go dtí forbairt tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge.

Agus é ag labhairt le coiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh gur minic go ndéantar “an iomarca” den “neamhspleáchas” nuair a bhíonn daoine ag labhairt faoi chur leis an soláthar Gaeilge ar an tríú leibhéal.

Dúirt sé dá gcuirfí maoiniú ar fáil d’institiúidí, go dtiocfadh fás ar an soláthar ábhair trí Ghaeilge.

Tá polaiteoirí agus lucht feachtais ag éileamh le roinnt blianta anuas go ndéanfadh ollscoileanna agus institiúidí eile níos mó chun cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil ag an tríú leibhéal, go háirithe i bhfianaise na sprice earcaíochta 20% san earnáil phoiblí atá le comhlíonadh faoi dheireadh 2030. Ach is beag dul chun cinn atá déanta, agus tá sé ráite go minic ag airí Ardoideachais agus ag oifigigh na roinne sin go bhfuil neamhspleáchas ag na hinstitiúidí tríú leibhéal agus nach féidir le rialtas a rá leo céard atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc.

Dúirt Ó hÓgartaigh, a d’éirigh as a ról mar uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe anuraidh, nár cheart go mbeadh an neamhspleáchas sin mar bhac ar chur chun cinn na Gaeilge ag an tríú leibhéal, áfach.

Dar leis, dá mbeadh maoiniú ar fáil chun an fhorbairt sin a dhéanamh faoi na hinstitiúidí féin a bheadh an cinneadh cur isteach ar an maoiniú sin.

“Tá éileamh ann i measc na mac léinn [d’ollscolaíocht trí Ghaeilge] agus iad siúd a bheidh ag lorg na gcúrsaí. Bheadh deis ann do na hollscoileanna mar sin, ní haon ualach é, na cúrsaí sin a chur ar fáil. Ní fheicim go mbeadh an neamhspleáchas mar leithscéal, má bhí sé riamh mar leithscéal.”

Bhí Ó hÓgartaigh ag aontú leis an méid a bhí le rá ag an Ollamh Cathal Seoighe, duine eile a bhí ag plé an ábhair seo ag an gcruinniú Oireachtais. Dúirt Seoighe nach gcuirfeadh tacaíocht don Ghaeilge isteach ar neamhspleáchas na n-institiúidí “beag ná mór”.

Dúirt Seoighe, áfach, nach bhféadfaí iallach a chur ar ollscoileanna tuilleadh ábhair a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go gcaithfí an tacaíocht chuí agus an rogha a thabhairt dóibh.

“Ní dóigh liom go n-oibreodh sé má dhéanann daoine iarracht iallach a chur ar na hollscoileanna go gcaithfidís an céatadán áirithe seo cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge. Ní dóigh liom go n-oibreodh sé sin. Ní dóigh liom go mbeadh sé inbhuanaithe ach oiread,” a dúirt sé.

Mhol Seoighe an múnla atá in úsáid sa mBreatain Bheag, áit a mbíonn an ghníomhaireacht náisiúnta Coleg Cymraeg Cenedlaetho ag tacú le cúrsaí sa Bhreatnais agus acmhainní don Bhreatnais a fhorbairt don tríú leibhéal.

Tá a dhá oiread níos mó mac léinn ag tabhairt faoi chéim a bhfuil cuid di i mBreatnais ná mar a bhí sular bunaíodh an Coleg Cymraeg Cenedlaethol in 2011.

“An bealach is fearr le tabhairt faoin oideachas ollscolaíochta i nGaeilge a fhorbairt i mo thuairimse ná ciste a bhunú faoi stiúir eagraíochta náisiúnta a bheadh freagrach as comhardú idir na hinstitiúidí tríú leibhéal maidir leis an teagasc trí Ghaeilge,” a dúirt an tOllamh Seoighe.

“Ba cheart an ciste sin a dháileadh ar ollscoileanna ar bhun iomaíoch, bunaithe ar na tairiscintí ar ardchaighdeán as Gaeilge a bheidís in ann a fhorbairt. Chinnteodh sé sin go gcuirfí acmhainní i dtreo na ranna a bhfuil sé ar a gcumas an dul chun cinn is mó a dhéanamh maidir le gnéithe éagsúla den ollscolaíocht trí Ghaeilge a sholáthar.”

Dúirt Seoighe nach bhféadfadh aon ollscoil amháin a bheith freagrach as an ollscolaíocht trí Ghaeilge a fhorbairt, ach mhol an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a mhalairt agus dúírt gur cheart Ollscoil na Gaillimhe a fhorbairt mar lárionad don ollscolaíocht trí Ghaeilge.

“Má tá freagracht ar chuile dhuine, ní bhíonn freagracht ar éinne,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

Luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh tábhacht Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge níos luaithe ina chuid cainte agus é den tuairim nach bhfuil leas iomlán bainte as an Acadamh go fóill.

“Dar liom go bhfuil féidearthachtaí an Acadaimh le baint amach fós agus go bhfuil acmhainn ar leith ansin gur fiú a chíoradh ó thaobh an dualgas reachtúil ar an tseirbhís phoiblí agus, níos leithne fós, ceist na hollscolaíochta tré Ghaeilge.”

D’eagraigh an tOllamh Cathal Seoighe togra píolótach chun modúil trí Ghaeilge a mhúineadh i Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice in Ollscoil na Gaillimhe ach cuireadh deireadh leis théis dhá bhliain ceal maoiniú fadtéarmach. Mar sin féin, dúirt sé gur léirigh an dul chun cinn a rinneadh an t-éileamh agus na féidearthachtaí atá ann maidir le hollscolaíocht trí Ghaeilge.

“Táim cinnte gur féidir ollscolaíocht a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní hamháin gur féidir, ach is ceart,” a dúirt sé.

“Is teanga bheo í an Ghaeilge agus is féidir aon ábhar a phlé inti. Tá saibhreas litríochta agus cultúrtha nach beag sa teanga féin, ar ndóigh, agus is mór is fiú an Ghaeilge mar ábhar ollscoile ach ní leor sin mar spás don Ghaeilge i gclár teagaisc na n-ollscoileanna.

“Ní ceart go mbeadh teanga bheo chomhaimseartha, teanga atá i measc na dteangacha oifigiúla san Aontas Eorpach, in úsáid le plé a dhéanamh ar chúrsaí cultúrtha agus oidhreachta amháin. Go deimhin, ba bhoichte i bhfad an dioscúrsa i nGaeilge d’uireasa an spás ceart a chruthú di sna hinstitiúidí ardoideachais.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta