Rinne Bord Oiliúna agus Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath (CDETB) neamhaird de chomhairle a chuir aistritheoir gairmiúil orthu faoi athainmniú na hinstitiúide breisoideachais ‘Coláiste Dhúlaigh’ i dtuaisceart na cathrach.
‘Dhúlaigh’, as féin, is ainm don choláiste breisoideachais ó beartaíodh fáil réidh leis an bhfocal ‘Coláiste’ níos luaithe i mbliana.
Dúirt an t-aistritheoir le lucht bainistíochta CDETB nach raibh “aon chiall” leis an athrú a bhí beartaithe agus gur cheart an t-athrú “a sheachaint más féidir ar chor ar bith”.
Rinneadh “athbhrandáil” ar na hinstitiúidí breisoideachais atá faoi chúram an CDETB ar fud na cathrach níos luaithe i mbliana. Cinneadh ‘Coláiste Dhúlaigh’ – a bhfuil campais aige sa Chúlóg, i gCill Bharróg, agus i Ráth Eanaigh – a athainmniú mar ‘Dhúlaigh’ as féin.
De réir cáipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, lorg foireann margaíochta CDETB comhairle ó “aistritheoir gairmiúil” faoin athrú a bhí beartaithe. Mhol an t-aistritheoir, sa chás go raibh an focal ‘Coláiste’ le baint as teideal na hinstitiúide, go n-úsáidfí an tuiseal ainmneach ‘Dúlach’ in áit an tuiseal ginideach ‘Dúlaigh’ d’ainm an naoimh ar ainmníodh an coláiste as. Moladh freisin go bhfágfaí an ‘h’ ar lár mar nach raibh gá leis sa tuiseal ainmneach.
“Is dóigh liom go gcaithfidh sibh ‘Coláiste Dhúlaigh’ a choinneáil sa teideal mar is é seo an t-aon ainm oifigiúil ar an scoil. An bhféadfadh sibh an t-aistriúchán ‘FET Coláiste Dhúlaigh’ a úsáid? Níl aon chiall leis an ainm ‘College Dúlaigh’, agus sheachnóinn é sin más féidir ar chor ar bith,” a dúirt an comhairleoir.
Sa deireadh, beartaíodh gan an focal Gaeilge ‘coláiste’ ná an focal Béarla ‘college’ a chur sa leagan nua de theideal na hinstitiúide breisoideachais. D’iarr príomhoide an choláiste, Patricia O’Brien Brennan, ar bhainistíocht CDETB an séimhiú a bhaint den ainm ach é a fhágáil sa tuiseal ginideach. I ríomhphost Béarla a scaipeadh go hinmheánach, dúradh:
“Ar son m’fhoirne ar fad, ba mhaith liom go ndéanfaí na hathruithe seo a leanas dár n-ainm branda:
“Dúlaigh, bain amach an litir ‘h’ le bhur dtoil mar ní úsáidtear é ach amháin nuair a bhíonn ‘Coláiste’ roimhe. Is dóigh linn nach mbeadh eolas ag an bpobal ar Barryscourt, Briarsfield, ná Springdale, ní hiad seo na ceantair a bhfuil muid lonnaithe iontu agus chuirfidís mearbhall ar dhaoine.
“Is dóigh linn gurb é ‘Dúlaigh, Coolock’, ‘Dúlaigh, Kilbarrack’ agus ‘Dúlaigh, Raheny’ is fearr,” a dúirt O’Brien Brennan.
Rinneadh neamhaird den chomhairle ghairmiúil agus d’iarratas an phríomhoide, áfach, agus beartaíodh ‘Dhúlaigh’ as féin a thabhairt ar an gcoláiste.
Dúradh i ráiteas a chuir CDETB ar fáil do Tuairisc go ndearnadh an cinneadh gan glacadh le comhairle an chomhlachta a fostaíodh le comhairle a chur ar fáil maidir le hainmneacha na n-institiúidí breisoideachais. Dúradh go ndearnadh neamhaird ar an gcomhairle ar mhaithe le “nasc stairiúil agus tábhacht” an ainm ‘Dhúlaigh’ a chosaint.
“Mar chuid den phróiseas seo, d’fhostaíomar aistritheoir gairmiúil le hainmneacha Béarla na n-ionad a aistriú go Gaeilge. Chuaigh muid i gcomhairle freisin le daoine ar an bhfoireann atá líofa sa Ghaeilge agus a chuireann chun cinn í.
“Maidir le City of Dublin FET College Dhúlaigh, dúirt aistritheoirí gairmiúla Gaeilge gur cheart an teideal ‘Coláiste Dhúlaigh’ a athrú, go teicniúil, go ‘Dúlach’, mar tá ‘Dhúlaigh’ sa tuiseal ginideach cheana féin i ndiaidh an fhocail ‘Coláiste’. Mar sin féin, measadh go mbainfeadh an t-athrú ó ‘Dhúlaigh’ go ‘Dúlach’ an nasc agus tábhacht stairiúil den ainm,” a dúradh sa ráiteas.
Dúradh go raibh sé “tábhachtach” go mbeifí airdeallach ar “aithint an bhranda” agus go gcoinneofaí “leanúnachas feasachta” agus na coláistí á n-athainmniú.
“Ba ar na cúinsí seo a beartaíodh an focal ‘Dhúlaigh’ a choinneáil in ainm an ionaid – City of Dublin FET College, Dhúlaigh – Coolock, Kilbarrack, Raheny,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn, nach raibh aon bhaint aige leis an togra seo, le Tuairisc nár thuig sé an fáth a n-íocfaí as comhairle ó shaineolaí teanga agus gan an chomhairle sin a leanúint.
“Ó thaobh na praiticiúlachta de, cén mhaith dul i gcomhairle le saineolaithe agus neamhaird a dhéanamh ar an gcomhairle sin? Níl aon díospóireacht ann faoin bpointe seo, ní hionann é agus na ceisteanna faoi ‘Duais Uí Chadhain’ agus ‘Duais Ó Cadhain’ agus araile. Tá sé dearg-mhícheart agus sin a bhfuil ann faoi.
“Ní dóigh liom gur ‘tuairim saineolaí’ é seo ach an tuairim a bheadh ag an duine ar an tsráid. Dá mbeinn ag iarraidh an cinneadh a rinne an coláiste a chosaint, ní bheinn in ann,” a dúirt Mac Lochlainn.
Tá trí champas ag Dhúlaigh i dtuaisceart na cathrach, ceantar a luaitear leis an naomh Dúlach (nó ‘Dúileach’). Is beag eolas atá ar fáil faoin naomh, ach is as a ainmníodh an paróiste Protastúnach atá i ngar don choláiste. Bhí sé ina easpag sa cheantar sa seachtú céad. Tá Clochar Dhúlaigh agus Tobar Dhúlaigh sa cheantar agus ainmníodh páirc agus teach altranais as an naomh freisin. Is é an 17 Samhain a lá féile.