Is “mórábhar imní” a laghad Gaeilge atá ag go leor múinteoirí, de réir tuarascáil nua ón Roinn Oideachais.
Sa tuarascáil nua ó chigirí na Roinne, léirítear an-imní faoin “éagsúlacht atá ann maidir leis an inniúlacht atá ag múinteoirí sa Ghaeilge”.
Deirtear gur léirigh na cuairteanna cigireachta a rinneadh ar scoileanna nach bhfuil dóthain líofachta sa Ghaeilge ag formhór múinteoirí chun curaclam teanga na bunscoile a chur i bhfeidhm mar is cóir.
De réir thuarascáil na gcigirí bhí éagsúlacht ó thaobh chaighdeán Gaeilge na múinteoirí i scoileanna Béarla “go háirithe i ndáil le cruinneas gramadaí, fuaimniú agus líofacht”.
“Cé gur léirigh formhór na múinteoirí dea-chaighdeán Gaeilge labhartha le linn cigireachtaí ar an nGaeilge, chuaigh sé dian ar roinnt múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go héifeachtach,” a deirtear sa tuarascáil.
De réir Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach, bhí “ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge labhartha” i níos lú ná leath de na ceachtanna ar bhreathnaigh na cigirí orthu.
Bhí “easpa muiníne” i leith úsáid na Gaeilge le sonrú i measc go leor múinteoirí i scoileanna Béarla.
Bhí a laghad Gaeilge nó muiníne ag múinteoirí áirithe gurbh éigean do na cigirí aiseolas a thabhairt dóibh i mBéarla amháin nó i meascán den dá theanga.
Bhí “difríocht shuntasach” ann, a deirtear, san ullmhúchán a rinne múinteoirí do cheachtanna Gaeilge agus ceachtanna Béarla.
Ba mhó freisin an t-eolas a bhí ag múinteoirí ar na hacmhainní teagaisc don Bhéarla ná ar na hacmhainní a bhí ar fáil don Ghaeilge.
D’fhág na heasnaimh sa chur chuige i leith na Gaeilge go raibh “éagsúlacht shuntasach maidir le torthaí foghlama leanaí sa Ghaeilge” i scoileanna Béarla.
Dá dheasca sin, ní raibh Curaclam Teanga na Bunscoile á chur i bhfeidhm ach ar bhealach “teoranta” sna scoileanna sin. Tugtar le fios i gcinntí cigireachta gur dhearfach, tríd is tríd, a bhí torthaí foghlama leanaí sa Ghaeilge i scoileanna Gaeilge.
Deirtear sa tuarascáil go léiríonn an fhianaise nach mar a chéile an tuiscint atá i scoileanna éagsúla ar conas an Ghaeilge a theagasc agus nach mar a chéile ach oiread an cur chuige a bhíonn ann maidir le “prionsabail theagaisc” an churaclaim a chur i bhfeidhm sna ceachtanna Gaeilge.
Deirtear go raibh “tionchar suntasach aige seo ar fhoghlaim teanga na leanaí”.
Ba léir go raibh gá “i gcuid mhór scoileanna” le “cur chuige ní ba chomhordaithe” chun an curaclam Gaeilge a chur i bhfeidhm agus bhí gá freisin le “monatóireacht” níos fearr ó lucht bainistíochta scoileanna.
De réir na tuarascála bhain fadhbanna éagsúla le teagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla.
“Tríd is tríd, bhí claonadh ag múinteoirí díriú go príomha ar stór focal a theagasc ina aonar, agus iad ag brath ar théacsleabhair agus ar chláir thráchtála.
“Níor tugadh dóthain airde ar fheidhmeanna teanga ná struchtúir gramadaí teanga a theagasc go follasach i gcomhthéacsanna lánbhrí.”
Ba é an toradh air sin, a dúradh, nach bhfuair leanaí dóthain ama “chun triail a bhaint as feidhmeanna teanga ná chun abairtí a chumadh go neamhspleách”.
Ba cheart, a deirtear, do mhúinteoirí foghlaim teanga na leanaí “a leabú isteach i bhfíor-chomhthéacsanna laethúla”. D’fhágfadh cur chuige mar sin
gurbh fhearr a bheadh leanaí in ann stór focal agus struchtúir theanga a shealbhú agus chuirfí lena muinín agus lena líofacht, a deirtear.
“Trí fheidhmeanna teanga a chomhtháthú isteach i saol na scoile ar bhealach a bhfuil cuspóir leis, cothaítear úsáid níos nádúrtha na Gaeilge le linn an lae scoile, rud a thacaíonn leis an inniúlacht chumarsáide atá ag leanaí sa teanga i gcoitinne ar deireadh.”
Tríd is tríd, tá gá le cur chuige cumarsáideach níos láidre chun an Ghaeilge a theagasc i scoileanna Béarla. Ba chóir do mhúinteoirí níos mó Gaeilge a úsáid sa rang agus an t-aistriúchán díreach go dtí an Béarla a sheachaint.
Ní raibh ábhar eile á mhúineadh trí Ghaeilge ach i líon beag scoileanna Béarla. Ba ghá an cur chuige sin a chur i bhfeidhm in i bhfad níos mó scoileanna.
Léirítear sa tuarascáil go mbíonn “tionchar dearfach” ag an tumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge “ar thorthaí foghlama leanaí”. Cothaíonn an tumoideachas “dearcadh dearfach agus díograis mhéadaithe i leith na Gaeilge”, a deirtear.
“Léiríodh i gcigireachtaí gur bhain leanaí i scoileanna Gaeilge an-tairbhe as an gcéad dá bhliain a chaitheamh i ranganna naíonán inar tumadh sa Ghaeilge labhartha iad, áit ar tugadh léitheoireacht agus litearthacht fhoirmiúil isteach tráth ní ba dhéanaí.
“Cuireadh ar chumas na leanaí treoracha a thuiscint, ceisteanna a chur agus iad féin a chur in iúl i nGaeilge mar gheall ar an úsáid chomhsheasmhach a bhain múinteoirí as an nGaeilge le linn ceachtanna.”
Deirtear i dtuarascáil na gcigirí go bhfuil gá le cur chuige nuálach agus éifeachtach “ar fud an chórais” chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí.
Ba cheart, a deirtear, do mhúinteoirí leas a bhaint as na hacmhainní a chuireann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus dreamanna eile ar fáil.
Moltar go dtógfaí ar obair na Comhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta (CNCM) maidir le Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) a “ailíniú” le Creat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET).
Ba cheart, a deirtear, do cheannairí scoile i scoileanna Béarla “a chinntiú” go bhfuil cur amach acu ar chur i bhfeidhm Churaclam Teanga na Bunscoile i leith na nGaeilge.
Moltar “deiseanna tráthrialta” a thabhairt do mhúinteoirí “plé agus machnamh” a dhéanamh ar na prionsabail. Ba chóir tacú le foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí “ionas go mbeidh na scileanna agus an tuiscint is gá acu ar phrionsabail agus cuir chuige oideolaíochta an churaclaim”. Deirtear gur chóir do mhúinteoirí “úinéireacht” a ghlacadh ar a bhfoghlaim ghairmiúil féin “ar mhaithe lena n-inniúlacht teanga sa Ghaeilge a neartú agus a chothabháil”.
Deirtear gur chóir do na scoileanna Béarla nach bhfuil ábhar eile á theagasc trí Ghaeilge acu tosú air sin a dhéanamh “chun eispéireas foghlama teanga na leanaí ar an nGaeilge a leathnú”.