Tá sé molta ag comhairleoirí contae i gcontae na Gaillimhe go gceannódh Comhairle Contae na Gaillimhe an sciar scaireanna atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe in Aerfort na Gaillimhe, atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta in oirthear na cathrach.
Níos luaithe i mbliana bhí Údarás na Gaeltachta “ag féachaint ar dheiseanna” a bhainfeadh le ceannach an aerfoirt a bheadh ar leas mhuintir na Gaeltachta. I mí na Bealtaine, bhí an dá chomhairle ag lorg léirithe spéise sa suíomh 115 acra atá ar an gCarn Mór i limistéar pleanála teanga an Eachréidh. Tá an ceantar ar cheann de na LPTanna is laige ó thaobh na Gaeilge de sa Ghaeltacht.
Dúirt an comhairleoir contae Ollie Turner go bhfuil an-fhonn ar na comhairleoirí contae an t-aerfort a choinneáil i seilbh na comhairle agus “bogadh ar aghaidh” le forbairt éigin ar an suíomh.
“Tá a fhios againn go bhfuil an suíomh tábhachtach ó thaobh an gheilleagair agus ó thaobh an bhonneagair, ach tá trí bliana imithe tharainn ó bhí caint ann go deireanas faoin gComhairle Contae a bheith ag ceannach sciar na Comhairle Cathrach.
“Tá sé tugtha le fios ag an bPríomhfheidhmeannach go mbeidh ceardlann againn sna seachtainí amach romhainn do chomhairleoirí contae na Gaillimhe leis an scéal is déanaí a fháil ar an dul chun cinn agus ar stair na hidirbheartaíochta idir an dá chomhairle go dtí seo. Leanfaí ar aghaidh le comhrá níos doimhne ina dhiaidh sin go luath in 2026, agus cheapfainn go mbeimis uilig ag súil go mbeadh amlíne shoiléir ann faoin am sin,” a dúirt sé.
Go gairid i ndiaidh bhunú na seirbhíse aeir ag tús na 1970idí, bhog Aer Arann ón aerstráice san Órán Mór go hAerfort na Gaillimhe agus is ansin a bhí an tseirbhís aerthaistil Ghaeltachta lonnaithe ar feadh i bhfad sular tógadh Aerfort Chonamara sna Mine.
Úsáideadh an t-aerfort sa Charn Mór mar lárionad tástála don choróinvíreas, mar láthair scannánaíochta do thograí éagsúla scannán agus teilifíse, agus mar láthair do cheolchoirmeacha. Sa bhliain 2013 ba in Aerfort na Gaillimhe a tháinig an ‘Flying Nun’, an tSiúr Patricia Wall i dtír tar éis di spéirléimt ó eitleán os cionn na Gaillimhe.
Tá 14 bliana ann ó d’imigh an eitilt tráchtála dheireanach as Aerfort na Gaillimhe. Tá léas, a athnuaitear go bliantúil, ag Cumann Eitlíochta na Gaillimhe ar an suíomh ó shin. D’aontaigh na comhairleoirí ag an gcruinniú deireanach an léas a athnuachan arís ón 23 Nollaig. Cosnaíonn an léas €11,000 sa mhí ar an gCumann Eitlíochta.