Tá sé admhaithe ag an Aire Oideachais Helen McEntee go bhfuil líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge ag an dara leibhéal “níos airde ná ba mhaith linn”.
Ghéill sí go raibh “ardú tagtha” ar líon na ndíolúintí ag an dara leibhéal ach go bhfuil líon na ndíolúintí “seasta”. Ardú 4.7% a tháinig i mbliana ar líon na ndaoine atá ag freastal ar iarbhunscoileanna na tíre a fuair díolúine.
Breis is 73,000 dalta bunscoile agus iarbhunscoile a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh agus b’ionann sin agus an líon is mó riamh daltaí sa chóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge.
60,946 dalta iarbhunscoile ar fad a raibh díolúine acu ón nGaeilge anuraidh agus beagnach 20,000 díolúine nua a bronnadh ar dhaltaí dara leibhéal.
Agus í ag freagairt ceist Dála faoin chóras díolúine na Gaeilge ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Shónagh Ní Raghallaigh, dúirt McEntee go bhfuil i bhfad níos mó daltaí ón Úcráin tagtha isteach sa chóras agus go bhfuil thart fá “leath de na daltaí sin” tagtha thar lear.
Dúirt sí nach leithscéal ar bith é seo mar sin féin agus go gcaithfear “níos mó a dhéanamh” chun dul i ngleic le fadhb na ndíolúintí.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt Shónagh Ní Raghallaigh go raibh córas na ndíolúintí “as smacht go hiomlán” agus nach raibh “aon phráinn” á léiriú ag an Aire chun rud ar bith a dhéanamh faoin bhfadhb.
Dúirt sí go raibh an deis á séanadh ar pháistí páirt a ghlacadh “inár gcultúr náisiúnta” agus gur ceist “comhionannais” í sin.
Deir an Roinn Oideachais gur gá breathnú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge “i gcomhthéacs níos leithne” agus go bhfuil cuid mhór daltaí atá tagtha thar lear anois ag freastal ar scoileanna in Éirinn.
Tá an bhreis is 7,000 Úcránach atá ag freastal ar iarbhunscoileanna luaite go sonrach ag an Roinn maidir leis an ardú atá tagtha ar dhíolúintí, rud nár thacaigh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar chúrsaí oideachais in Éirinn, leis ar chor ar bith.
“Maidir leis na daltaí a thagann thar lear, níl sé maith go leor nach bhfuil deiseanna foghlama Gaeilge á dtabhairt againn dóibh.
“Táimid ag plé le líon suntasach daltaí a tháinig thar lear le breis is scór bliain anuas. Ba cheart go mbeimis ag cur deiseanna ar fáil dóibh tabhairt faoi chúrsa Gaeilge ionas go bhfaighidís an deis chéanna léargas a fháil ar chultúr na tíre ina mbeidh a bhformhór ag caitheamh a saol. Is bealach imeasctha í foghlaim na Gaeilge dóibh,” a dúirt Ó Duibhir.
Inniu a sheolfar an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil an Roinn Oideachais ag obair air ó 2021 agus seolfar chomh maith plean gnímh dhá bhliain chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla.
Deir príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin nach bhfuil an plean gnímh “chun réiteach a aimsiú ar na fadhbanna suntasacha, córasacha” atá ann.
“Má tá muid ag déanamh tairiscint ghníomhach ar dhíolúintí do pháistí ar feadh an ama ag ráta dochreidte, tá muid i bponc i gceart leis an teanga seo,” a dúirt sí.
Deir sí go bhfuil “gníomh práinneach” de dhíth chun dul i ngleic le fadhb na ndíolúintí agus nach gcuideoidh an Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla leis na fadhbanna seo a réiteach.
Mhaígh sí gurb é córas na ndíolúintí “an bata is mó atá chun an teanga a bhualadh chun báis”.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn go bhfuil “neamhaird á déanamh ar cheist na ndíolúintí” ag an Roinn agus gur cheart “mórpholasaí do mhúineadh na Gaeilge” a fhorbairt bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.