Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léaró dóchais is é taispeántas Parrott d’fhoireann sacar na hÉireann

|

Sa séú nóiméad d’am cúitimh, tugann Milos Kerkez an bhróg don liathróid a thrasnaíonn go dtí an leath Éireannach. Is cinnte go bhfuil an seans imithe. Tá an réiteoir ar tí an fheadóg a shéideadh. Tá am curtha amú ag na hUngáraigh, cinnte, ach is annamh a chuireann réiteoirí tuilleadh ama leis. Ach b’fhéidir go dtabharfadh sé an deis dheireanach do Chaoimhín Kelleher an liathróid a chur sa bhosca.

Agus sin a thugann sé. Cic láidir ó Kelleher. Éiríonn Liam Scales, an-ard le taobh Barnabás Varga. Preabann sí isteach sa bhosca sé shlat. Tá an tír ar fad ar bior. Is cosúil go moillíonn ar an am. Agus ansin, mar a bheadh féinics ag ardú ó luatha na hiarrachta neamhrathúla, tá Troy Parrott i lár an ruda. Ag brú thar Attila Mocsi, tá sé de stuaim ann an liathróid a chiceáil síos faoi Dibusz. Baineann sí croitheadh as an líontán. Ar feadh nóiméid, baintear siar asainn ar fad, ansin, cíor thuathail.

Bánaíonn an binse Éireannach agus Parrott ag baint a gheansaí de agus ag ráibeáil go dtí an taobhlíne. Ó thithe go tábhairní, ó chaisleáin go clóis, ó Bhéal Feirste go Bailí, pléascann náisiún. Ar feadh nóiméad amháin aoibhinn, is cuma aon rud eile. Gáire, deora, daoine ag léim san aer. Líontar muintir na tíre le lúcháir mheadhránach.

Is náisiúin muid a shantaíonn nóiméad den chineál seo, loiscthe ag blianta de thorthaí éadóchasacha agus aislingí millte. Ar deireadh, táimid tar éis filleadh ón imeall. Athsheinnfear cúl Parrott ar scáileáin teilifíse na hÉireann go ceann na mblianta fada in éineacht le béic Ray Houghton nó amhráin amhail ‘Outro’, ‘Just a Day’, ‘Put ‘em Under Pressure’. Ní éireoidh mé tuirseach riamh de bheith ag féachaint ar an liathróid sin ag neadú isteach sa chúinne íochtair. 

Ní haon áibhéil é a rá gur annamh a mhothaím an t-áthas tobann fiáin sin.

Ba gheall le míorúilt é tráth na Samhna do Troy Parrott. Molta ag José Mourinho agus tuartha mar an chéad réalta eile i sacar na hÉireann tráth, mhoilligh ar a ghairm tar éis gur theip air briseadh tríd le Spurs. Athbheodh é le foireann na hÍsiltíre áfach. Bhí sé torthúil roimh ghortú glúine i mí Lúnasa. Tá an chuma ar an scéal nach fada a bheidh sé in Alkmaar, le foirne na Príomhshraithe ag dul thart air cheana féin.

Is é an chéad imreoir Éireannach tréchlis é a scóráil as baile, agus is beag duine i stair an tsacair ar féidir leo sos idirnáisiúnta mar sin a mhaíomh. Ag tarraingt na hÉireann thar an Phortaingéil as féin, agus thar an Ungáir i bpiolóid an Puskás Aréna – tá sé éagsúil le haon rud atá déanta ag imreoir Éireannach cheana. Chuir a mhothúcháin shofheicthe san agallamh iarchluiche, agus áthas as cuimse a chlainne ar Rae Portland agus Sráid an tSirriam, leis an nóiméad. Tá a ghrá dá phobal, dá theaghlach, agus don chluiche speisialta. Is fíorlaoch áitiúil é Parrott, mórphearsa spórtúil do pháistí i lár na cathrach.

Tá Heimir Hallgrímsson, faoi bhrú ollmhór tráth, sábháilte amach is amach anois. I ndiaidh dó an Íoslainn a stiúradh go Craobhchomórtais na hEorpa agus Corn an Domhain, agus Iamáice go dtí an Copa América, tá seans ag An Fiaclóir a chuid tréchleas a iomlánú. Le creideamh gan iomrall ina scuad, agus stair idirnáisiúnta den scoth, ní chuirfeá geall ina choinne. 

Tá Séamus Coleman ríthábhachtach, freisin, ó d’fhill sé ar an bhfoireann. Tá an fear ó Dhún na nGall lán le misneach, bród, agus dílseacht – gach tréith gur chóir go léireodh foireann na hÉireann.

Tá cumhacht ar leith ag ár bhfoireann náisiúnta muidne a aontú. Chun meangadh a chur ar ár n-aghaidh, aisling a chur inár gcroí, agus an Luas ar mhaidin Luain a dhéanamh beagán níos gile. An lúcháir ar na meáin shóisialta, i ngrúpaí WhatsApp, le clanna agus le cairde – is rud speisialta é an chatairsis, an díchreideamh, agus an faoiseamh comhchoiteann. 

Cá mhéad uair atá ár n-aislingí tar éis dul i léig, in ainneoin ‘léirithe cróga’ agus ‘rudaí dearfacha le tógáil’? Ní síscéal é scéal na foirne seo. Do na 3000 leantóir a thaistil chuig Búdaipeist, agus a bhíonn ag fánaíocht timpeall na hEorpa agus an domhain ag tacú lenár laochra, caithfidh sé go raibh sé níos deise fós. Strainséirí ag tabhairt barróga dá chéile, fir aosta ag gol. Conas a bhí sé baoth-thogra de chuid Orbán a chloisteáil ag titim ina thost?

Do mo ghlúinse, fágtha gann ar rath, mhothaigh seo mar thuiscint. Tá an fuílleach ite againn, ag maireachtáil ar scéalta de Genoa agus Stuttgart, New Jersey agus Kashima. Bhí eagla orainn go raibh na laethanta sítheacha sin caillte go deo. 

Ar mhothaigh sé mar seo nuair a chiceáil David O’Leary liathróid thar Silviu Lung? Nuair a chuir Ray Houghton an liathróid i líon Sasana? Nuair a léim Robbie Keane ar bhuille cinn Niall Quinn, cosúil le Parrott, chun pointe a ghoid ón Ghearmáin? Bhaineamar sult as Long in aghaidh na Gearmáine, agus Brady in Lille – ach tá sé draíochtúil ceann de na nóiméid is fearr ar fad a chur le ríl na mbuaiceanna. B’fhilleadh ar Charlton agus Dunphy é, bonnáin ag séideadh, tábhairní ag pléascadh. In 10, 20, 30 bliain, ceisteoidh daoine, “Cá raibh tú nuair a rinne Parrott sin?”

Stair neamhsheasmhach atá ag Éirinn sna cluichí réitigh, ach níl orainn ach féachaint ar spiorad Euro 2016 le haghaidh inspioráide. An tSamhain sin, bhí teacht amach Brady ó cheo Zenica agus péire Walters ag Bóthar Lansdún go leor chun ár dticéid chun na Fraince a stampáil. Le cúnamh Dé, tarlóidh an rud céanna arís. Cibé rud a tharlóidh, beidh Míorúilt Bhúdaipeist againn go deo.

Tá an aisling Mheiriceánach beo. Scaoil chugainn Prág sa chéad chluiche eile.

The post Léaró dóchais is é taispeántas Parrott d’fhoireann sacar na hÉireann appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta