Tá sé fógartha gurb é Darach Ó Scolaí buaiteoir an ghradaim do leabhar Gaeilge na bliana ag na An Post Irish Book Awards dá shaothar Bódléar
Fógraíodh na buaiteoirí uile ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath aréir agus ba é leabhar Uí Scolaí a roghnaíodh mar bhuaiteoir ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2025’. Leabhar Breac a d’fhoilsigh Bódléar.
Is as Cois Fharraige do Dharach Ó Scolaí, agus bhunaigh sé féin agus a dheartháir Caomhán an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac i 1994.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, ar Bódléar, i mbliana cheana féin agus Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2025 ar shaothar Uí Scolaí i mí Mheán Fómhair.
Ba iad An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile, (Cló Iar-Chonnacht), Fiche le Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac) agus Scéalta Nollag le Alan Titley, (LeabhairCOMHAR) na leabhair eile a bhí san iomaíocht do ghradam na Gaeilge i mbliana.
Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar ghradam na Gaeilge agus dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Seán Ó Coinn, go bhfuil “clú agus cáil ar Éirinn thuaidh agus theas dá litríocht agus dá scríbhneoirí i nGaeilge agus i mBéarla”.
“Is cúis mhór bhróid againn i bhForas na Gaeilge go bhfuilimid ag cinntiú go bhfuil aitheantas á thabhairt d’údair Ghaeilge agus do litríocht na Gaeilge trínár gcomhpháirtíocht leis An Post do na gradaim seo. Tréaslaím leis na buaiteoirí ar fad agus go háirithe le Buaiteoir Ghradam Love Leabhar Gaeilge 2025.”
Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.
Baineadh céim stairiúil amach san fhoilsitheoireacht Ghaeilge i mbliana ag An Post Irish Book Awards nuair a bhuaigh An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin (Futa Fata) Leabhar Páistí na Bliana do Shóisir taobh amuigh den chatagóir Ghaeilge.
Bhí leabhar Hector Ó hEochagáin An Irish Word a Day (Gill Books) agus Ninety-Nine Words for Rain le Manchán Magan (Gill Books) ainmnithe sa chatagóir don leabhar is fearr ó fhoilsitheoir Éireannach. Bhí ‘The Gaeilge Guide’ le Mollie Guidera, arna fhoilsiú ag Hachette Books, ainmnithe sa chatagóir The Last Word Listeners Choice Award.
Bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes ar iarUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ar an oíche fosta as ucht an méid atá déanta aige ar son litríocht na hÉireann.