Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Mór Ceoil in Ionad na Fuiseoige

|

Is iontach an chraic agus an ceol a bhí in Ionad na Fuiseoige in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh agus Lá Mór Ceoil ar siúl. 

Bhí an t-ionad Gaeilge lán go doras le beagnach 80 ceoltóirí óga ag freastal ar an imeacht. Is é Cumann Ceoil na Fuiseoige a reáchtáil agus bhí cuairteoirí acu ó Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, An Caisleán Nua.

irt Kieran Brady ó Ionad na Fuiseoige gurb é an sprioc a bhí acu don Lá Mór Ceoil ná caidrimh a chothú idir na ceoltóirí óga ó cheantracha difriúla le go bhfeicfeadh siad cé chomh mór is atá pobal an cheoil agus gurb ann don cheol taobh amuigh de na ranganna rialta a bhíonn acu.

Labhair Meon Eile fosta le Caitlín Ní Ruanaidh a bhfuil mac aici ag freastal ar ranganna de chuid Chumann Ceoil na Fuiseoige. Mhol sí go hard an obair a dhéanann foireann Ionad na Fuiseoige chun grá don chultúr agus don cheol a neartú agus áit fháiltiúil a chur ar fáil don phobal i gcónaí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta