Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Imní ann gur sop in áit na scuaibe a bheidh i bpolasaí nua oideachais don Ghaeilge

|

Tá imní ar eagraíochtaí teanga agus oideachais gur sop in áit na scuaibe a bheidh sa pholasaí oideachais nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Inniu a sheolfar an polasaí a bhfuil an Roinn Oideachais ag obair air ó 2021 agus seolfar chomh maith plean gnímh dhá bhliain chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla.

Ní mór an dóchas atá ag lucht na teanga agus an ghaeloideachais go rachaidh na pleananna nua i ngleic leis na bunfhadhbanna a bhaineann le cás na Gaeilge sa chóras oideachais.

Meastar, mar shampla, nach ngéillfear sa pholasaí oideachais nua don éileamh fadbhunaithe go mbunófaí córas nua ar leith a dhéanfadh níos éasca é scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

Ina áit sin, meastar go gcloífidh an Roinn Oideachais lena bport go bhfágann cúrsaí déimeagrafacha gur fíorbheagán scoileanna nua a bheidh á dtógáil sna blianta amach romhainn agus nach ndéanfar aon eisceacht do scoileanna lán-Ghaeilge.

Níl bheidh aon sprioc luaite sa pholasaí ach oiread faoi bhunú tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge, tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.

Ní cosúil go mbeidh aon rud sa pholasaí ach oiread a dhaingneodh an ceart atá ag páistí ar an ngaeloideachas. I dtuarascáil a rinne Sealbhú, ionad taighde in DCU, mar chuid d’fhorbairt an pholasaí moladh go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge.

Tá sé ina imní chomh maith nach gcaithfidh an Roinn Oideachais i dtraipisí múnla an aonaid Ghaeilge, faoi mar a moladh i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn féin mar chuid den ullmhúchán don pholasaí.

Dúradh  sa taighde sin go bhfuil ag teip ar mhúnla an aonaid Ghaeilge sa scoil Bhéarla agus nár chóir aon aonad nua dá leithéid a bhunú.

Meastar go mbeidh bheith istigh sa pholasaí nua ag múnla nua na scoile satailíte, ach dar le lucht an ghaeloideachais gurb é an t-aon leigheas ar an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ná bunú scoileanna lán-Ghaeilge nua neamhspleácha.

Bunéileamh eile ag na heagraíochtaí ná go mbeadh “sprioc intomhaiste shoiléir” sa pholasaí nua maidir le méadú ar an líon scoileanna lán-Ghaeilge agus líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge. Ní bheidh a leithéid de sprioc sa pholasaí nua agus údar mór imní eile is ea é go bhfuil ceist an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge anois á plé ag tascfhórsa nua a bhunaigh an Roinn Oideachais.

Dar le daoine in eagraíochtaí teanga agus oideachais ar labhair Tuairisc leo, iarracht é bunú an tascfhórsa buncheisteanna faoin oideachas lán-Ghaeilge a chur ar an méar fhada nó iad a sheachaint ar fad.

Maidir leis an bplean gnímh dhá bhliain do theagasc na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla, is é an rud is mó a bhfuiltear ag súil leis ná go mbeadh moltaí cinnte ann maidir le dul i ngleic le heaspa múinteoirí Gaeilge, le daltaí a spreagadh chun níos mó suime a chur sa Ghaeilge agus le cur le líon agus caighdeán na n-áiseanna atá ar fáil don seomra ranga.

Fearacht an polasaí nua níl mórán dóchais ann ach oiread, áfach, go nglacfar sa phlean gnímh le bunéilimh lucht stocaireachta agus saineolaithe.

Meastar gur laige mór a bheidh ar an bplean gnímh ná nach dtabharfaidh sé aghaidh ar an ardú síoraí ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Léirigh polaiteoirí agus eagraíochtaí teanga imní an tseachtain faoi na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge.

De réir figiúirí a foilsíodh ar Tuairisc an tseachtain seo go raibh an líon is mó riamh daltaí sa chóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge anuraidh.

Ní thabharfar aird sa pholasaí nua ach oiread ann ar mholtaí maidir le curaclaim na Gaeilge ná ar éileamh Chonradh na Gaeilge go bhforbrófaí mórpholasaí do mhúineadh na Gaeilge a a bheadh bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.

Agus í ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, nach léir don eagraíocht go bhfuil fís ag an Roinn i leith na Gaeilge.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh “méid áirithe” d’iarracht déanta ag oifigigh na Roinne Oideachais le freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair ach gur dóigh léi go bhfuil “fís” in easnamh sa Roinn.

Dúirt príomhfheidhmeannach Gaeloideachas nach raibh aon mhuinín ag an eagraíocht ach oiread as an tascfhórsa atá bunaithe chun an t-éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge a mheas.

Tá conspóid mhór ag baint le gné na Gaeilge de shuirbhé a mbeidh na torthaí air á n-úsáid ag an tascfhórsa. Cuirtear ceist sa suirbhé ar thuismitheoirí ‘arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla go príomha nó trí mheán na Gaeilge?’.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh sé “deacair a shamhlú” go mbeadh mórán tuismitheoirí “sásta rogha a dhéanamh ar son oideachas lán-Ghaeilge” sa suirbhé mar gur bhain sé le páistí a bhí ar scoil cheana féin.

Dúirt sí nach bhfaighfí tuiscint chruinn ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge trí cheist a chur ar thuismitheoirí ar mhaith leo go ndéanfaí scoil lán-Ghaeilge den scoil Bhéarla a bhfuil a bpáistí ag freastal uirthi.

I mí Aibreáin na bliana seo bhagair eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais éirí as aon chomhoibriú a dhéanamh leis an Roinn Oideachais faoin bpolasaí nua don oideachais lán-Ghaeilge mura dtiocfaidh athrú mór ar chur chuige na roinne ina thaobh.

Dúirt Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé leis an oideachas lán-Ghaeilge nach mbeadh aon bhaint acu le forbairt ná cur i bhfeidhm an pholasaí mura dtiocfadh “athrú substaintiúil” ar chúrsaí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta