Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gradam RTÉ RnaG le bronnadh ar Phóilín Ní Chiaráin ag Oireachtas na Samhna

|

Tá Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta le bronnadh ar cholúnaí Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin, ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste san oíche amárach. Bronntar an gradam mar chomhartha ómóis agus aitheantais do dhaoine as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

Tá Póilín Ní Chiaráin, arb as Gaeltacht Mhaigh Eo ó dhúchas di, ar dhuine d’iriseoirí móra na linne. Tá sí ina cónaí le fada an lá i mBéal Feirste agus bhí iomrá uirthi le linn na dTrioblóidí mar gheall ar an tuairisciú a rinne sí ar chúrsaí an Tuaiscirt sa tréimhse chorraitheach sin. Áirítear í i measc na n-iriseoirí agus na dtráchtairí is oilte ar chúrsaí polaitíochta atá ag saothrú i ngort na Gaeilge.

Rugadh Ní Chiaráin i nDumha Locha in Iorras i nGaeltacht Mhaigh Eo. Chuaigh sí ar scoil i gColáiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh agus bhain sí céim amach in Ollscoil na Gaillimhe. Ba le RTÉ a chuir sí tús lena gairm sna meáin chumarsáide mar thaighdeoir agus mar láithreoir le RTÉ. Chaith sí tréimhsí leis an gclár cúrsaí reatha Féach agus le Nuacht RTÉ sular thug sí a haghaidh ar Bhéal Feirste i 1981 agus í i mbun tuairisceoireachta agus anailíse do RTÉ News ar chúrsaí reatha ó thuaidh.

D’fhág sí RTÉ ina diaidh agus ghlac le ról an Cheannasaí Nuachta leis an BBC i nDoire agus scríobhadh sí colún seachtainiúil don nuachtán Foinse a fhad is a mhair sé ó 1996 go 2009. Tá ailt dá cuid foilsithe ar The Irish Times, Comhar, agus nuachtáin chlóite eile, agus tá sí ina colúnaí le Tuairisc ó bunaíodh an suíomh seo i mí Dheireadh Fómhair 2014.

Bíonn sí le cloisteáil go minic agus í ag trácht ar chúrsaí an Tuaiscirt do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar na cláir Blas agus An Focal Scoir ar BBC Thuaisceart Éireann.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Phóilín Ní Chiaráin in 2021 as a “saothar fíorchumasach, láneolasach, ildánach” sna meáin chumarsáide i gcaitheamh na mblianta. Bhronn an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa an gradam ‘An Peann Faoi Bhláth’ uirthi i 1998 freisin.

“Nuair a chuimhním ar Phóilín Ní Chiaráin cuimhním ar iriseoir den scoth, scéalaí a bhfuil anailís agus machnamh domhain déanta aici, craoltóir agus scríbhneoir atá deisbhéalach, cruinn agus údarásach, agus níl ansin ach cuid bheag de.

“Tá sí ar dhuine de na hiriseoirí is mó taithí agus is mó a bhfuil meas uirthi atá ag saothrú faoin méid a bhíonn ag titim amach ó thuaidh le linn na dTrioblóidí agus ó shin,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhronnfaidh an gradam ar Ní Chiaráin thar ceann an stáisiúin amárach.

Dúirt Mac Donncha go bhfuil an gradam le bronnadh ar Ní Chiaráin mar gheall ar an “tseirbhís mhór mhillteach” atá tugtha aici mar iriseoir do lucht éisteachta an raidió, do lucht féachana na teilifíse, agus do lucht léite na meán scríofa.

“Is mór an onóir dom an Gradam seo a fháil ó Raidió na Gaeltachta. Tá ardmheas agam ar an raidió agus tá mé bródúil as an gcúram a rinne RnaG ariamh anall de chúrsaí an Tuaiscirt.

“Ní domsa amháin an t-aitheantas seo ach don bpobal as ar fáisceadh mé in Iorras i gcontae Mhaigh Eo agus na daoine go léir abhus a mbíonn a scéalta agam le hinseacht,” a dúirt Ní Chiaráin.

Beidh Póilín Ní Chiaráin faoi agallamh ag Helen Ní Shé in eagrán speisialta beo de Paiste Cainte agus An Pod Gaeilge, podchraoladh Tuairisc, a bheidh á thaifeadadh beo ag Oireachtas na Samhna i Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, san Ionad Tionóil Idirnáisiúnta (ICC) i mBéal Feirste ag 4pm inniu, Dé Sathairn, an 1 Samhain.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta