Cuirfear i gcré na cille inniu an Dr Gordon McCoy, duine de mhórphearsana shaol na Gaeilge sa Tuaisceart, a bhásaigh an tseachtain seo caite. Bhí Gordon McCoy ar dhuine de na daoine ó chúlra Protastúnach is mó a chuir an Ghaeilge chun cinn sa Tuaisceart agus bhí aithne mhaith air mar mhúinteoir Gaeilge in ‘Turas’ in Oirthear Bhéal Feirste.
Bhásaigh McCoy in Ospís Marie Curie i mBéal Feirste Déardaoin, an 13 Samhain.
Rugadh McCoy i dTamhnaigh Naomh i gcontae an Dúin i 1963. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge sna 1980idí agus é ina fhear óg. Chuir sé an-spéis sa teanga agus chaith sé a shaol i mbun taighde uirthi agus á múineadh.
Tar éis dó a bhunchéim a bhaint amach sa Léann Ceilteach agus san Antraipeolaíocht in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, chrom sé ar dhochtúireacht a dhéanamh faoi Phrotastúnaigh ó thuaidh a bhí ag foghlaim na Gaeilge.
D’fhoilsigh sé leabhar bunaithe ar a chuid taighde dar teideal Protastúnaigh agus an Ghaeilge i 1997. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí an leabhair Aithne na nGael/Gaelic Identities a foilsíodh in 2001 agus chuir sé féin roinnt leabhar agus léarscáileanna amach bunaithe ar a thaighde ar oidhreacht Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste.
Rinne sé taighde freisin faoin gcultúr Gaelach in Albain agus in Éirinn agus an nasc eatarthu; faoi chaidreamh Rialtas na Breataine leis an nGaeilge; agus faoin nGaeilge sa Tuaisceart i ndiaidh Phróiseas na Síochána.
Chuaigh sé ag obair leis an Iontaobhas Ultach i 1997. Bunaíodh an eagraíocht sin i 1989 leis an nGaeilge a chur chun cinn sa dá phobal sa Tuaisceart. Bhí McCoy ina oifigeach forbartha leis an eagraíocht agus dhírigh sé go minic ar dhaoine óna chúlra féin a mhealladh i dtreo na teanga, agus na constaicí a bhraith Protastúnaigh agus Aontachtaithe a bheith rompu a mhíniú don phobal eile.
Chaith sé seal ar an gComhairle um Chaidreamh Pobail agus seal ina chomhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge freisin.
Agus é ag obair leis an Iontaobhas Ultach, bhí colún aige féin agus ag Róise Ní Bhaoill san irisleabhar ar líne Beo! dar teideal ‘Taisce Focal’. Bhíodh cur síos sna hailt seo, a bhí dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, ar nathanna cainte as ceantair Ghaeltachta an Tuaiscirt.
Ba sa bhliain 2015 a chuaigh McCoy ag obair leis an eagraíocht Turas. Dúradh i ráiteas a chuir an eagraíocht sin amach an tseachtain seo gur “múinteoir den chéad scoth” a bhí in McCoy agus go raibh sé “paiseanta faoin nGaeilge mar theanga bheo”.
“Rinne Gordon neart taighde ar Chon Ó Néill, ar stair na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste, agus ar logainmneacha. Chuir sé tús le turais bus chun stair Ghaelach an cheantair a thaispeáint do mhuintir na háite, scríobh sé leabhar a chuireann síos go cruinn ar an stair sin, agus rinne sé léarscáileanna a léiríonn na bailte fearainn in oirthear Bhéal Feirste agus ar fud na cathrach,” a dúradh.
Mhúineadh McCoy ranganna oíche in Turas, áit a mbíonn go leor daoine ó chúlra Aontachtach agus Protastúnach ag foghlaim na Gaeilge. Dúradh sa ráiteas ó Turas gur ghnách leis teacht isteach agus oibriú go deonach mar mheantóir teanga nuair a bhí sé “ag streachailt” lena thinneas.
“Bhí Gordon paiseanta faoin nGaeilge mar theanga bheo. Ba ghnách leis a bheith ag labhairt Gaeilge le Gaeilgeoirí eile agus bhí sé mar chuid den chéad choiste de chuid Scoil na Seolta, a thugann deis anois don chéad ghlúin eile Gaeilge a fhoghlaim.
“Shíl Gordon gur teanga mharbh í an Ghaeilge agus é ina óige, ach is féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar in Oirthear Bhéal Feirste arís sa lá atá inniu ann, a bhuí nach beag lena chuid iarrachtaí ar son na teanga,” a dúradh sa ráiteas.
Beidh searmanas ann do Gordon McCoy i dteach tórraimh Wilton ar Bhóthar Chnoc na bhFiach i mBéal Feirste ag 14:30 inniu agus cuirfear a chorp ina dhiaidh sin i reilig pharóiste Thamhnaigh Naomh.