Tá glór an scríbhneora Domhnall Mac an tSíthigh (nó Danny Sheehy mar a thugtaí freisin air) anois ar cheann de na glórtha is féidir a roghnú ar an suíomh Abair.ie agus caint i nGaeilge á sintéisiú.
D’fhógair foireann Abair.ie in 2022 go raibh siad ag obair ar shintéiseoir cainte Gaeilge a bheadh bunaithe ar thaifeadtaí a rinneadh den fhile, scríbhneoir, agus eachtraí aitheanta as Baile Eaglaise i gcontae Chiarraí a bhásaigh sa bhliain 2017.
Tá an glór sin anois ar fáil sa leagan is nua den suíomh a nochtadh go poiblí den chéad uair ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Tá ocht nglór anois ar fáil ar Abair.ie agus canúintí Thír Chonaill, Chonamara, Chorca Dhuibhne, agus na nDéise le cloisteáil ann.
Bhásaigh Mac an tSíthigh gan choinne nuair a d’iompaigh tonn an naomhóg a raibh sé inti béal fúithi i mbéal na habhann Minho ar theorainn na Portaingéile leis an Spáinn ar an 9 Meitheamh 2017. Bhí a dhóthain ábhair cainte taifeadta aige i gcaitheamh na mblianta le go bhféadfaí sintéiseoir cainte a chruthú a bheadh an-chosúil lena ghlór féin. Ba mhinic a bhí Mac an tSíthigh le cloisteáil ar chláir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, chomh maith le stáisiúin eile.
Aithníodh Mac an tSíthigh ar dhuine de na cainteoirí ba bhreátha i gCorca Dhuibhne, agus in Éirinn féin, agus bhí saineolas aige ar chaint a mhuintire in iarthar Duibhneach.
Chomh maith le glór Mhic an tSíthigh, tá glórtha a cumadh le cúnamh na hintleachta saorga darb ainm ‘Colm’ agus ‘Neasa’ ann do chanúint Chiarraí ar Abair.ie.
Tá tús curtha ag lucht an tsuímh leis an obair ar chanúint Mhaigh Eo ach dúirt an Dr Ailbhe Ní Chaiside ag ócáid ag Aonach an Oireachtais inné go “dtógfaidh sé tamall” agus “nach dtarlóidh sé thar oíche” go mbeadh an glór nua Connachtach ar fáil don phobal.
Tá obair ar bun ag lucht Abair.ie le blianta beaga anuas ar sheirbhísí sintéise agus aitheanta cainte a ghabhfaidh chun tairbhe phobal na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn. Beidh glórtha an tsintéiseora in úsáid ar lear mór seirbhísí – táirgí dála Alexa agus Siri, léitheoirí suíomhanna gréasáin, agus ar uirlisí a thabharfaidh glór do dhaoine nach bhfuil a nglór féin acu.
“An fhís atá ag Abair ná go bhfuil muid ag iarraidh teic a bhunú a bheidh go hiomlán sonrach do struchtúr na teanga, agus ag coinneáil i gceart le struchtúr na teanga. Tá muid ag iarraidh go mbeidh freastal ar na canúintí ar fad, agus tá muid ag dul de réir a chéile ó chanúint go canúint.
“Tá an obair seo bunaithe ar thaighde, agus tá feasacht teanga agus teangeolaíochta taobh thiar den teicneolaíocht. Tá muid ag iarraidh go mbeidh muid ag freastal ar na riachtanais is mó a bhíonn ag an bpobal, agus bíonn éagsúlacht mhór i measc an lucht úsáide. Tá cainteoirí dúchais na Gaeltachta ann, tá daoine lasmuigh den Ghaeltacht, daoine ó thuaidh, daoine ó dheas – agus i Meiriceá, i Sasana, agus sa tSeapáin,” a dúirt Ní Chaiside.
Dúirt sí nach bhfuil “áit ar bith ar domhan” nach mbíonn Abair in úsáid ag daoine “taobh amuigh den Mhongóil Amuigh” agus go bhfuil sé thar a bheith éasca ag cainteoirí Gaeilge teacht ar an eolas faoi Abair trí na meáin chumarsáide anois.
Dúirt Ní Chaiside go mbíonn seirbhísí Abair ina gcúnamh “do mhúinteoirí, do dhaoine óga, do sheandaoine, do chainteoirí líofa, d’fhoghlaimeoirí, agus do dhaoine faoi míchumas” chomh maith le heagrais agus comhlachtaí Gaeilge agus “fiú aisteoirí a bhíonn ag labhairt na Gaeilge ar an scáileán”.
Beidh sraith ócáidí eile ag Abair ag Oireachtas na Samhna as seo go deireadh na féile.