Níl ach 2.3% de naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Leanaí. Tá 2.9% eile ag feidhmiú “go dátheangach”.
Thug an tAire Leanaí Norma Foley le fios i bhfreagra ar cheist Dála le deireanas nach bhfuil ach 105 naíonra, as an 4,582 naíonra sa tír, ag feidhmiú trí Ghaeilge. Dúirt an tAire go bhfuil 133 naíonra ann a “fheidhmíonn i suíomh measctha mar a bhfuil cuid den tseirbhís trí Ghaeilge”.
Bhí an t-eolas a thug an tAire Foley sa Dáil bunaithe ar eolas a thug na hIonaid Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Ionaid Cúram Leanaí in Aois Scoile féin faoi theanga oibre na n-ionad.
Dúirt Shónagh Ní Raghallaigh, Teachta Dála do Chill Dara Theas, a chuir ceist ar an Aire Leanaí sa Dáil faoi na naíonraí lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, go raibh “cur chuige an Rialtais maidir le soláthar an luathoideachais lán-Ghaeilge iomlán míshásúil”.
Dúirt Ní Raghallaigh le Tuairisc nach raibh i gcaint an Aire sa Dáil ach “béalghrá” agus go bhfuil an Roinn Leanaí ag déanamh “moilleadóireachta” seachas ag dul i ngleic leis an bhfadhb.
“Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil níos mó naíonraí ag dúnadh ná mar atá ag oscailt agus teastaíonn oibriú ar bhonn práinne anois má tá muid chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo – ní i gceann cúig bliana nuair a bheidh próisis fhada chomhairliúcháin curtha i gcrích,” a dúirt Ní Raghallaigh.
Dúirt an t-iarmhúinteoir Gaelscoile go bhfuil naíonra lán-Ghaeilge ina Dáilcheantar féin “ar tí dúnadh” agus go bhfuil an “scéal céanna” cloiste aici “i mbailte eile ar fud an stáit”.
Mhaígh Ní Raghallaigh go bhfuil “éileamh ann” ar naíonraí lán-Ghaeilge agus go bhfuil “dualgas ar an Aire an t-éileamh sin a shásamh”.
“Tá an Rialtas ag déanamh faillí ar na céadta teaghlach gach bliain. Impím ar an Rialtas infheistíocht chuí a dhéanamh anois,” a dúirt sí.
Ag tús na míosa seo, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach na heagraiochta Gaeloidachas, ag cruinniú de chuid Choiste Gaeltachta, Gaeilge, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais go raibh níos mó naíonraí Gaeilge “á ndúnadh ná mar atá á n-oscailt” agus go raibh géarghá le beartas nua ón stát chun dul i ngleic leis an scéal.
“Níl naíonraí nua á mbunú ag ráta a thagann le héileamh an phobail agus leis an líon bunscoileanna lán-Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghréacháin. Dúirt sí gur deacrachtaí ball foirne a earcú agus a choinneáil ba chúis leis an laghdú atá ag teacht ar líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht le blianta beaga anuas.
Dúirt Shónagh Ní Raghallaigh gur gá “pá agus coinníollacha córa” a thairiscint do na daoine atá “sásta an obair thábhachtach seo a dhéanamh” agus go bhfuil “cúrsaí ardoideachais sa luathoideachas de dhíth” i mbailte seirbhíse Gaeltachta le dul i ngleic leis an bhfadhb.
Dúirt an tAire Leanaí ina freagra Dála go bhfuil sí ag súil go bhfoilseofar an Plean Cúig Bliana don Ghaeilge “sna míonna amach romhainn” agus go dtacófar tríd an bplean sin le naíonraí “sa Ghaeltacht agus lasmuigh di” agus go ndéanfar forálacha sa phlean le “scoileanna, naíonraí lán-Ghaeilge san áireamh” a thógáil.
Mhol an tAire do “aon seirbhís a bhfuil deacrachtaí airgid acu” dul i dteagmáil le Coiste Cúram Leanaí a gcontae agus leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh ann.