Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fiosrúchán fós ar bun maidir le bás mná i gCois Fharraige

| ,

Tá an Garda Síochána fós i mbun fiosruithe maidir le bás mná i gConamara Dé hAoine seo caite.

Aimsíodh corp Philomena Hernon i dteach cónaithe i Sáile Chuanna taobh thiar den Spidéal tráthnóna Dé hAoine.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar a corp ag an deireadh seachtaine ach níl na torthaí fógartha ag na Gardaí agus an fiosrúcháin fós ar bun.

Tá na Gardaí ag iarraidh fáil amach an timpiste thragóideach a bhí sa mbás nó an raibh cúis eile i gceist.

Baintreach sna seascaidí ab ea Philomena Hernon agus bhí triúr clainne aici. Is é an t-iarFheisire Eorpach, Seán Ó Neachtain a deartháir.

Agus é ag labhairt leis an Sunday Independent, dúirt Ó Neachtain gur chreid sé gur timpiste a bhí i mbás a dheirféar agus go ngoilleann na ceisteanna atá ann faoina bás go mór ar a muintir.

Aimsíodh corp Philomena Hernon gar do bhun staighre sa teach agus tá na Gardaí ag fiosrú an é gur thit sí. Meastar go bhféadfadh sé gur bhásaigh sí roinnt uaireanta an chloig sular aimsíodh a corp agus sular cuireadh fios ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála.

Gabhadh fear sna daichidí ag an láthair ach níor bhain a ghabháil le bás Phiilomena Hernon. Líomhnaítear go ndearna an fear a tógadh bagairtí ar na paraimhíochaineoirí a tháinig ag an teach agus gurbh éigean do na Gardaí é a cheansú sular gabhadh é.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta