Bhí baint mhór ag fear óg as Gaeltacht na nDéise le hócáid stairiúil a bhí ar siúl sa Róimh an mhí seo agus Cúl Camp CLG reáchtáilte san Iodáil den chéad uair riamh.
CLG Rome Hibernia a d’eagraigh an ócáid le gairid agus deis tugtha d’ógánaigh na Róimhe teacht agus blaiseadh de na cluichí Gaelacha a fháil.
I mbun na hócáide bhí Christy Breathnach, fear óg de bhunadh na Rinne atá anois ag cur faoi sa Róimh.
“Rud iontach é seo ní hamháin dúinne sa chlub ach don phobal Éireannach thar lear go ginearálta,” a dúirt Christy. “Is rud fíorspeisialta é páistí anseo sa Róimh a fheiceáil ag piocadh suas liathróid pheile, cuid acu den chéad uair riamh, agus iad ag baint taitneamh as gach nóiméad.”
Chaith Breathnach, ar múinteoir bunscoile é, seal ag obair in Abu Dhabi ach tá sé ina chónaí sa Róimh ó 2023 agus ardmholadh faighte aige as an obair atá déanta aige cúrsaí óige a chur chun cinn i gcumann Rome Hibernia, a bunaíodh in 2012.
“Rinne Christy agus an fhoireann cóitseála obair iontach, agus thaitin gach soicind den lá leis na páistí,” a dúirt cathaoirleach an chumainn, Gianni Goretti. “Lean siad orthu ag ciceáil scóranna agus ag pocáil timpeall leo féin i ndiaidh an tseisiúin—bhí deacracht ag roinnt tuismitheoirí iad a bhaint den bpáirc.”
Dúirt Goretti gur lá stairiúil dóibh sa gcumann agus do chúrsaí CLG san Iodáil trí chéile a bhí sa gcampa aon lae. Dhá ghasúr déag a ghlac páirt sa gcampa agus súil anois ann forbairt a dhéanamh air sin agus tuilleadh daoine a mhealladh.
“Bhí sé foirfe — an mhaidin a chaitheamh ag imirt peil Ghaelach agus iománaíochta le daoine óga i Villa Borghese, an pháirc is áille sa chathair agus is áille ar domhan, b’fhéidir,” a dúirt sé.
“Tugann sé spreagadh mór dúinn na páistí seo go léir a fheiceáil ag baint taitneamh as na cluichí gur breá linne. Anois ba mhaith linn cur leis an móiminteam seo agus ár gClár Óige a fhás ionas go mbeidh laethanta mar seo againn arís agus arís eile.”