Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Fáilte mhór curtha ag daltaí Gaelscoile roimh an uachtarán nua Catherine Connolly

|

 

 

Chuir an tUachtarán nua Catherine Connolly béim ar thábhacht na Gaeilge agus í ag labhairt le daltaí Gaelscoile i mBaile Átha Cliath, an chéad choinne oifigiúil aici mar uachtarán.

Thug Connolly cuairt ar Ghaelscoil Inse Chór i mBaile Átha Cliath 8 ar maidin, áit ar chas sí le daltaí na bunscoile.

Bhuail an tUachtarán agus a fear céile Brian McEnery le foirne peile, camógaíochta agus fichille na scoile sula ndearna sí píosa cainte i halla na scoile.

Mhol an tUachtarán Connolly do na gasúir coinneáil orthu ag foghlaim na Gaeilge agus de réir tuairisc ag RTÉ dúirt sí leo go dtabharfadh an teanga “súil eile ar an domhan” dóibh.

D’fhógair sí freisin nach mbeadh aon obair bhaile ag na páistí anocht.

Agus é ag labhairt le Tuairisc roimh an gcuairt, dúirt Príomhoide Ghaelscoil Inse Chór, go raibh “Catherine Connolly-mania” tar éis an scoil a bhualadh.

Dúirt Colm Ó Nualláin gur “léiriú láithreach” a bhí sa gcuairt ar an tábhacht atá leis an teanga do Connolly agus gur comhartha a bhí ann go bhfuil sí chun í a chur i lár an aonaigh le linn a huachtaránachta.

“Bhíomar thar a bheith sceitimíneach nuair a fuaireamar an nuacht. Tá rud éigin an-speisialta faoi toisc gurb é an chéad dualgas oifigiúil a bheidh aici mar uachtarán.”

Is é seo an chéad lá iomlán ag Connolly mar uachtarán agus roinnt coinní beartaithe trasna na tíre. Chomh maith leis an gcuairt ar Ghaelscoil Inse Chór, bhuail an tUachtarán isteach chuig Ionad Acmhainní Teaghlaigh i mBaile Átha Troim agus tá sí le cuairt a thabhairt ar Aonad Altranais Pobail Pháirc Mhuirlinne i nGaillimh tráthnóna.

Rinneadh Connolly a insealbhú mar an deichiú uachtarán ag searmanas speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inné.

Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh le linn an tsearmanais agus tá súil ann go mbeidh tiomantas Connolly don teanga ina dhea-sampla do dhaoine, go háirithe san earnáil phoiblí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta