Tá difríocht shuntasach idir céatadán na ndaltaí ó thíortha eile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus an céatadán atá ag freastal ar scoileanna uile na tíre.
Léirítear sa Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht a sheol an Roinn Oideachais inniu gur Éireannaigh iad 98.3% de na daltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge in 2024. Tá an céatadán sin os cionn 13 phointe níos airde ná an 85.1% atá luaite le “gach bunscoil (Gaelscoileanna san áireamh)”.
De réir na bhfigiúirí nua, bhí 529,062 dalta bunscoile ar rollaí na tíre in 2024. B’Éireannaigh iad 449,998 acu sin agus ba ó thíortha eile iad 79,064 acu. Bhí 35,865 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge an bhliain chéanna agus gan ach 597, nó 1.7%, as tíortha eile.
Tá athrú beag ann ó na figiúirí deireanacha a d’eisigh an Roinn Oideachais ar an ábhar seo. In 2022 b’Éireannaigh iad 99% (98.3% in 2024) de na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí céatadán níos airde Éireannach i scoileanna uile na tíre in 2022 (89.6%) ná mar a bhí in 2024 (85.1%).
Is mionlach níos mó fós iad na daltaí as tíortha eile atá ag freastal ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. B’Éireannaigh iad 98.8% den 10,533 dalta a bhí i nGaelcholáiste in 2024 agus b’as tíortha eile iad 1.2% acu. As an 425,411 a bhí ag freastal ar iar-bhunscoileanna uile na tíre (Gaelcholáistí san áireamh) anuraidh, b’as Éirinn iad 86.7% acu. B’as tíortha eile iad 13.3% de na daltaí.
Tá treoir le heisiúint ag an Roinn Oideachais do scoileanna lán-Ghaeilge maidir le daltaí atá ag freastal ar na scoileanna sin nach í an Ghaeilge ná an Béarla an chéad teanga atá acu.
Eiseofar an treoir “le cinntiú gur féidir leis an páistí sin páirt lárnach ghníomhach a ghlacadh i saol na scoile” agus le go mbeadh teacht acu ar an gcuraclam ina iomlán. Deir an Roinn Oideachais gur cheart do scoileanna “tacaíocht a chur ar fáil” do na daltaí sin teanga na scoile, an Ghaeilge, a shealbhú.
“Aithnítear i gClár an Rialtais 2025 – Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú gur gá cur leis na tacaíochtaí ar leith atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil céatadán ard daltaí iontu nach í an Ghaeilge ná an Béarla a gcéad teanga,” a deirtear sa Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht.
Gealltar freisin go gcuirfidh Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile atá á maoiniú ag an Roinn Oideachais, “deiseanna foghlama gairmiúla” ar fáil do phríomhoidí agus do mhúinteoirí maidir leis an nGaeilge “mar theanga bhreise” agus go n-iarrfar ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) “acmhainní a fhorbairt” chun tacú le réimse na Gaeilge mar theanga bhreise.
Ó thaobh an chreidimh de, ba scoileanna a raibh éiteas Caitliceach iad 73.5% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht in 2024. Ní raibh aon bhunscoil lán-Ghaeilge ann a raibh “éiteas reiligiúnach aonair eile” agus ba scoileanna ilchreidmheacha (15.9%) agus idirchreidmheacha (10.6%) an chuid eile.
Náisiúntacht na ndaltaí i nGaelscoileanna, 2024
| Cur síos ar an náisiúntacht | Gaelscoileanna Rollachán | % | Gach bunscoil (Gaelscoileanna san áireamh) Rollachán | % |
|---|---|---|---|---|
| Éire (lena n-áirítear dé-náisiúntacht) | 35,268 | 98.34% | 449,998 | 85.06% |
| Náisiúntachtaí eile | 597 | 1.66% | 79,064 | 14.94% |
| Iomlán | 35,865 | 100% | 529,062 | 100% |
Náisiúntacht na scoláirí i nGaelcholáistí, 2024
| Cur síos ar an náisiúntacht | Gaelcholáistí Enrolment | % | Gach iar-bhunscoil (lena n-áirítear Gaelcholáistí) Enrolment | % |
|---|---|---|---|---|
| Éireannach (lena n-áirítear dé-náisiúntacht) | 10,405 | 98.78% | 368,849 | 86.70% |
| Náisiúntachtaí eile | 128 | 1.22% | 56,562 | 13.30% |
| Iomlán | 10,533 | 100% | 425,411 |
Bhí an céatadán de scoileanna Caitliceacha níos ísle i measc na scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid le bunscoileanna uile na tíre. Is scoileanna Caitliceacha iad 88.3% de bhunscoileanna uile na tíre (Gaelscoileanna ina measc), agus tá “éiteas reiligiúnach aonair eile” ag 6.2% de na scoileanna.
Níl ach 0.5% de scoileanna na tíre ar fad ina scoileanna ilchreidmheacha, agus is scoileanna lán-Ghaeilge iad sin. Tá 5.1% de na bunscoileanna sa stát ina scoileanna ilchreidmheach, céatadán atá níos ísle ná an ráta de Ghaelscoileanna freisin.
Is amhlaidh ceist an chreidimh i gcás na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá 31% de Ghaelcholáistí na tíre ina scoileanna Caitliceacha, murab ionann agus an 48.2% d’iarbhunscoileanna uile na tíre. Tá 51.7% de Ghaelcholáistí ina scoileanna ilchreidmheacha, i gcomparáid le 28.1% d’iarbhunscoileanna uile na tíre. Tá céatadán níos airde scoileanna idirchreidmheacha ann go náisiúnta ná mar atá ann i measc na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, áfach. Bhí 17.2% de Ghaelcholáistí ina scoil idirchreidmheach in 2024 le hais 19.9% d’iarbhunscoileanna uile na tíre.
Bhí 27 (18%) Gaelscoil ann a raibh an stádas DEIS acu in 2024, céatadán níos ísle ná na bunscoileanna ar fad sa tír a raibh an stádas sin acu (31%). Fágann sé sin go raibh 4,236 dalta Gaelscoile (11.7%) ag freastal ar scoil DEIS agus go raibh 152,440 (28.1%) de dhaltaí bunscoile uile na tíre ag freastal ar a leithéid de scoil.
Bhí an céatadán níos airde i gcás na nGaelcholáistí ach níos ísle mar sin féin ná an céatadán náisiúnta. Bhí 14 (28%) de na Gaelcholáistí ina scoil DEIS in 2024 agus 232 (32%) d’iarbhunscoileanna uile na tíre. Fágann sé sin go raibh 3,350 (23.6%) dalta iarbhunscoile ag freastal ar Ghaelcholáiste DEIS in 2024 agus 110,266 (26.8%) dalta iarbhunscoile ar fad sa tír ag freastal ar na scoileanna sin.
De réir na bhfigiúirí atá eisithe ag an Roinn Oideachais, tá 151 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ann, nó 5.1% den 3,082 scoil atá sa stát. Tá 36,303 dalta (6.8%) ag freastal ar na scoileanna lán-Ghaeilge sin. As na 722 iarbhunscoil sa tír, is Gaelcholáiste iad 29 (4%) acu agus tá 10,533 dalta ag freastal ar na scoileanna sin. Chomh maith leis sin, tá 14 aonad nó sruth Gaeilge ann taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá 0.4% (1,577) de na daltaí ag freastal ar cheann acu sin.