Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

€650,000 sa mbliain ag teastáil chun rannóg tithíochta a bhunú in Údarás na Gaeltachta

|

Buiséad thart ar €650,000 sa mbliain a bheadh ag teastáil chun rannóg tithíochta a bhunú in Údarás na Gaeltachta.

Seachtar ball foirne a bheadh ag teastáil chun an rannóg nua a bhunú dar le heolas a chuir an tÚdarás féin ar fáil do Chonradh na Gaeilge.

Tá an Conradh ar cheann d’eagraíochtaí agus grúpaí atá ag iarraidh go mbunódh an tÚdarás rannóg tithíochta agus go dtabharfaí níos mó cumhachtaí dó chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.

Níl aon treoir tugtha ag an rialtas d’Údarás na Gaeltachta rannóg tithíochta a bhunú ach moladh sa bplean tithíochta nua a foilsíodh níos luaithe an mhí seo go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go mbeadh an tÚdarás ag “tacú le tógáil tithíochta do phobail labhartha Gaeilge”.

De réir an eolais a chuir an tÚdarás ar fáil do Chonradh na Gaeilge maidir le rannóg tithíochta a bhunú, bheadh bainisteoir ag teastáil ag leibhéal an phríomhoifigigh chomh maith le beirt phríomhoifigeach cúnta chun anailís agus taighde a dhéanamh

Bheadh triúr oifigeach pobail ag teastáil, duine ó thuaidh, duine san iarthar agus duine ó dheas, chun comhairle a chur ar an bpobal faoi thithíocht phobail agus deiseanna forbartha agus bheadh fostaí eile ag teastáil do chúrsaí riaracháin agus tacaíochta.

Tugadh le fios gur costas €643,000 in aghaidh na bliana nó mar sin a bheadh ag baint le fostú an tseachtair sin.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbunófaí rannóg tithíochta laistigh d’Údarás na Gaeltachta chun Straitéis Tithíochta a éascú do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, chun comhordú a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla Ghaeltachta, Uisce Éireann agus na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus chun comhordú a dhéanamh ar fhorbairt Phleananna na gCeantar Tosaíochta sa Ghaeltacht, mar atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge ar maidin, dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, nach raibh sé ag iarraidh go mbainfí na dualgais atá ar na húdaráis áitiúla maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht ach go dtabharfaí ról monatóireachta agus comhordaithe don Údarás.

Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn

Dúirt de Spáinn gur bunaíodh an tÚdarás mar nach raibh aon dream eile chun cúrsaí fiontraíochta a spreagadh sa nGaeltacht agus go bhfuil an rud céanna ag tarlú anois maidir le cúrsaí tithíochta.

“Tá teipthe ar na húdaráis áitiúla go dtí seo tithíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní fheictear dúinn go bhfuil sé mar thosaíocht faoi leith acu é sin a athrú,” a dúirt de Spáinn.

“Níl muid ag caint, cé go mbeadh an Conradh féin breá sásta leis seo, go mbeadh [Comhlacht Ceadaithe Tithíochta] ag an Údarás agus go mbeadh siad ag tógáil tithe. Níl muid á rá sin faoi láthair. Tá muid ag rá gur chóir go mbeadh siad ag comhordú na hoibre ar fad atá ag dul ar aghaidh ag na húdaráis áitiúla, ag cinntiú go bhfuil na húdaráis áitiúla ag feidhmiú air seo don Ghaeltacht agus fios a bheith againn céard go díreach atá uainn sa Ghaeltacht.”

Dúirt de Spáinn nach bhfeictear don Chonradh go bhfuil réiteach na géarchéime san áireamh i bplean nua tithíochta an rialtais agus léirigh sé díomá go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, a bhí geallta roimh dheireadh na bliana, anois le bheith mar chuid de ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála don tithíocht sa Ghaeltacht’ atá le foilsiú in 2027.

Chomh maith le brannóg tithíochta a bhunú, tá de Spáinn ag iarraidh go dtabharfar an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta i mBille an Údaráis le talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí agus áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta