Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘D’iarr an tUachtarán go gcasfaí an ‘Ár nAthair’ i stíl shean-nósach, mar a a theastaigh ó Sheán Ó Riada an chéad lá!’

| ,

Ón gceol go dtí a hóráid bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ag searmanas insealbhaithe Chatherine Connolly i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inné. Fógraíodh Catherine Connolly ina deichiú huachtarán ar Éirinn ag an searmanas a cuireadh ar bun i Halla Naomh Pádraig, áit ar insealbhaíodh gach uachtarán ar Éirinn go dtí seo.

Is é an Tánaiste Simon Harris a thionlaic Catherine Connolly chun an ardáin agus chas Banna Uimhir 1 an Airm an fonn Sí Bheag, Sí Mhór agus í ag siúl suas. Ba é an Lifteanantchoirnéal JB Power a rinne an cóiriú ar an bpíosa ceoil sin. Meastar gurb é an cláirseoir cáiliúil Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670–1738) a chum an fonn, agus deirtear go minic gurb é an chéad fhonn a chum sé.

Tugadh cuireadh ansin do gach duine suí síos agus nuair a bhí siad ina suí chas Eugene Lambe, píobaire uilleann as Cinn Mhara i gcontae na Gaillimhe fonn ar an bpíb uilleann. I measc na bport a chas sé, bhí ‘My Own Dear Galway Bay’ amhrán in ómós d’áit dhúchais Chatherine Connolly, arb as Sean Talamh i gCathair na Gaillimhe í.

Is é an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín, an chéad duine a labhair ag an ócáid. Labhair sé i nGaeilge ar dtús agus cuireadh á thabhairt aige do na ceannairí eaglasta agus daonnachtach a bhí i láthair, a mbeannachtaí a chur ar an uachtarán nua agus ar a téarma uachtaránachta.

“A Dhaoine uaisle, tugaim cuireadh anois do na hionadaithe oifigiúla Críostaithe, Giúdacha, Ioslamacha agus Daonnachta chun tús a chur leis an tseirbhís oinigh agus machnaimh,” arsa an Taoiseach.

Labhair Ardeaspag Bhaile Átha Cliath Dermot Farrell i nGaeilge i rith na seirbhíse agus cuireadh á thabhairt aige paidir an Tiarna a rá. Tháinig an t-amhránaí ar an sean-nós agus cláirseoir, Sile Denvir, go dtí an micreafón agus chas sí leagan cumhachtach gan tionlacan de chóiriú Sheáin Uí Riada den Ár nAthair.  Bhí an-áthas ar Shíle Denvir a bheith páirteach san ócáid, a dúirt sí le Tuairisc.

“Bhí an-ríméad go deo orm cuireadh a fháil casadh ag an insealbhú. Bhí sé speisialta dom fhéin go pearsanta mar gur Gaillimheach go smior í an tUachtarán Catherine Connolly agus ceangal láidir aici le muintir Chonamara.

“Bean chróga, chineálta, stuama, Ghaelach í agus tá an-mheas go deo agam uirthi agus ba mhór an onóir é a bheith páirteach sa searmanas insealbhaithe inniu.”

Chas Síle Denvir dhá phíosa ceoil ar an gcláirseach chomh maith leis an leagan ar an sean-nós den ‘Ár nAthair’.

“Taitníonn an chláirseach go mór leis an Uachtarán nua agus bheartaigh mé dhá phíosa a chasadh di – ‘Fáinne Geal an Lae’ agus ‘Seabhac na hÉirne’. Is dóigh gur píosa é ‘Fáinne Geal an Lae’ atá ar eolas ag muintir na hÉireann uilig agus theastaigh uaim go ndéanfadh daoine an ceangal sin leis an gceol. Chas mé an leagan atá ar fáil i mbailiúchán James Goodman mar go dtaitníonn an ceann áirithe sin liom féin.”

Is píosa é ‘Seabhac na hÉirne’ a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (bunaithe ar phíosa a chum Ruairí Dall Ó Catháin).

“Tá uaisleacht faoi leith ag baint leis mar phíosa agus é feiliúnach le ceiliúradh a dhéanamh ar lá mar é. D’iarr an tUachtarán go gcasfaí an ‘Ár nAthair’ i stíl shean-nósach, mar a thug Seán Ó Riada mar threoir nuair a chum sé an ceol an chéad lá riamh!”

Ba léir, a dúirt na tráchtairí teilifíse, go ndeachaigh an ceol go mór i bhfeidhm ar an Uachtarán nua i rith an tsearmanais.

Sa bheannacht a thug an tArdeaspag Farrell, luaigh sé an focal ‘meitheal’ agus é ag guí go mbeidh spiorad na meithle lárnach i dtéarma uachtaránachta Connolly le daoine a thabhairt le chéile.

Nuair a bhí an tseirbhís oinigh agus machnaimh thart labhair an Taoiseach i nGaeilge arís agus cuireadh á thabhairt aige don phríomhbhreitheamh móid an Uachtaráin a riaradh.

“A dhaoine uaisle, faoi mar is eol díobh tá Catherine Connolly tofa go cuí chun oifig Uachtarán na hÉireann. Tá na natha poiblí luaite in Alt a 8 d’Airteagal a 12 den Bhunreacht anseo i láthair, agus iarraim anois ar an bpríomhbhreitheamh an tUachtarán tofa a chur faoin dearbhú atá ordaithe,” arsa an Taoiseach.

Léigh an Príomhbhreitheamh Dónal O’Donnell na treoracha i nGaeilge ar dtús, de réir mar a dhéantar go traidisiúnta.

Ansin ghlac an t-uachtarán tofa le móid na hoifige.

“I láthair Dia na huilechumhachta, táimse Catherine Connolly, á ghealladh agus á dhearbhú go sollúnta is go fírinneach a bheith i mo thaca agus mo dhídean do bhunreacht na hÉireann agus a dlíthe a chaomhnú, mo dhualgas a chomhlíonadh go dílis coinsiasach de réir an bhunreachta agus an dlí agus mo lán dícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann. Dia do mo stiúradh agus do mo chumhdaigh.”

Bronnadh séala oifig an Uachtaráin ar Connolly ina dhiaidh sin.

Labhair Catherine Connolly i nGaeilge agus i mBéarla i rith a céad óráide mar Uachtarán. Mhol sí muintir na hÉireann agus dúirt sí gurb iad na daoine a casadh uirthi agus í ar an bhfeachtas a thug muinín agus misneach di.

“Is sibhse muintir na tíre, cosmhuintir na tíre a casadh orm agus mé ar fud na tíre, a spreag mé agus a spreag m’fhoireann le linn an fheachtais. Sibhse a chuaigh agus a théann i ngleic le heaspa seirbhísí agus riachtanas gach lá beo.

“Easpaí nár cheart a bheith fós ann i dtír atá chomh saibhir. Spreag sibh mé le bhur ndúthracht agus bhur bhflaithiúlacht, ag roinnt bhur scéalta agus taithí liom go fial. Is sibhse a thug agus a thugann misneach dom, misneach a bhainfidh mé úsáid as anois agus a thógfaidh mé air agus mé ag obair ar bhur son mar Uachtarán.”

Labhair sí ansin faoi chás na teanga féin agus a mianta di mar uachtarán.

“Ar ndóigh tá tábhacht na teanga chun anam agus spiorad na tíre a thabhairt chun cinn tuigthe agam le blianta fada anois – anam agus spiorad a bhí curtha faoi chois le blianta, bíodh sin d’aon ghnó de bharr smacht na dtíoránach nó de bharr neamhairde, neamhchúraim nó easpa tuisceana.

“Tír gan teanga, tír gan anam. Agus is fíor sin, mar nuair atá a teanga múchta, ní féidir leis an tír, nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spiorad a chur in iúl.

“Cuireadh ár dteanga, teanga ársa ár sinsear, teanga ina bhfuil spiorad ár sinsear agus nádúr ár dtíre le mothú i chuile focal, sa dara háit, gan meas nó ómós tugtha di.

“Plúchadh croí ár muintire nuair a cuireadh stop leo úsáid a bhaint as a dteanga féin, teanga a chuireann mothúchán agus croí in iúl le chuile fhocal. Ach scaoilimis le chéile anois leis an bhfaitíos sin. Ligimis don Ghaeilge bláthú.”

Dúirt sí go gcaithfí éisteacht “leo siúd ar fad nach bhfuil uathu ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin”.  Chaithfí ómós a léiriú “dóibh agus dúinne, Gaeilgeoirí, Gaeil agus lucht foghlama na Gaeilge”, ar sí.

Bheadh an Ghaeilge lárnach ina tréimhse uachtaránachta, a dúirt sí.

“Ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bheas an Ghaeilge san Áras ach sa chéad áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata agus go ceolmhar faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre, agus ar ndóigh déanfar í a labhairt go húdarásach agus gan aon drogall nuair is gá.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta