Tá díomá léirithe ag polaiteoirí an fhreasúra agus grúpaí feachtais faoina bhfuil sa phlean nua tithíochta maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil sé “go maith” go bhfuil aitheantas tugtha ag an rialtas don Ghaeltacht sa cháipéis Delivering Homes; Building Communities: An Action Plan on Housing Supply Targeting Homelessness ach go bhfuil an eagraíocht teanga “beagáinín buartha” faoi “rudaí áirithe” sa phlean.
“An ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála’ a bhfuil caint air, tá sé sin le teacht in áit na dtreoirlínte pleanála a rabhamar ag fanacht orthu ó 2021, agus de réir an phlean seo tá an chuma ar an scéal nach mbeidh an Ráiteas Náisiúnta Pleanála againn go dtí an chéad leath de 2027. Bhí an tAire tar éis geallúint go mbeidh siad ann roimh an Nollaig,” a dúirt sé.
Dúirt de Spáinn go raibh “go leor rudaí in easnamh sa phlean” freisin agus nach dtugtar “ról i ndáiríre” d’Údarás na Gaeltachta ann, eagraíocht a bhfuil roinnt grúpaí feachtais ag éileamh cumhachtaí breise maidir le tithíocht di.
“Ní raibh aon tagairt d’aon scéim chun cabhrú le pobal na Gaeltachta a bheith in ann tithe a thógáil, ní raibh aon chaint ar aon scéim reatha atá ag an Roinn Tithíochta a leasú chun an Ghaeltacht a chur san áireamh. Tá rudaí áirithe in easnamh ann.
“Níl ról i ndáiríre luaite don Údarás ó thaobh comhordú a dhéanamh ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, mar sin tá roinnt rudaí atá ar lár sa phlean náisiúnta nua,” a dúirt sé.
Dúirt de Spáinn go mbeidh Conradh na Gaeilge anois “ag éileamh ar an mbeirt Airí” a dhéanamh cinnte go bhfoilseofar plean ar leith don Ghaeilge níos luaithe ná 2027 agus go “dtabharfaidh siad na hacmhainní d’Údarás na Gaeltachta chun ‘rannóg pleanála’ a chur ar bun” taobh istigh den Údarás féin.
Léirigh cathaoirleach an ghrúpa feachtais tithíochta Bánú, Donncha Ó hÉallaithe, díomá faoi cé chomh “beag” is a bhí an méid a luadh faoin nGaeltacht sa phlean nua freisin.
Dúirt Ó hÉallaithe go bhfuil sé go maith go bhfuil an Rialtas tar éis a aithint go bhfuil “fadhb tithíochta sa Ghaeltacht a gcaithfear déileáil leis go sonrach” ach nach bhfuil “aon uaillmhian” ag baint leis an méid atá sa phlean náisiúnta.
“Tá sé luaite ceart go leor go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta a bheith ag plé le soláthar cóireála fuíolluisce agus mar sin de sna Gaeltachtaí. Ach níl sé ráite go dtabharfar an cead dó ná maoiniú d’Údarás na Gaeltachta é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh Bánú ag súil go dtabharfaí aitheantas sa phlean nua do na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht maidir le scéimeanna séarachais a fháil do thithe agus go “ndéarfaí sa phlean go mbeadh cead ag Údarás na Gaeltachta” úsáid a bhaint as an scéim ‘Réidh le Tógáil’ le scéimeanna séarachais a chur ar bun le haghaidh grúpaí beaga tithíochta sa Ghaeltacht.
Tá beirt Theachtaí Dála de chuid Shinn Féin tar éis an cháipéis a cháineadh go láidir agus iad ag maíomh go bhfuil sé “lag” mar atá agus go bhfuil “gníomh” ag teastáil anois.
Dúirt an Teachta Dála as Gaeltacht Phort Láirge, Conor D McGuinness, le Tuairisc go bhfuil plean an Rialtais “thar a bheith lag” agus go bhfuil “easpa físe” léirithe ag an Roinn Tithíochta. Dúirt sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil “easpa práinne” ann maidir le dul i ngleic le géarchéim thithíochta na Gaeltachta agus nach féidir “muinín” a bheith ag pobal na Gaeltachta as an bplean.
“Tá easpa físe acu, tá easpa misnigh ann chomh maith, agus an t-aon straitéis atá leagtha amach ag an Rialtas, agus ag an Aire, seo ná easpa dóchais a chruthú. Tá an scéal á chur amach acu nach féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim seo – go bhfuil sé ‘ródheacair, [go bhfuil] sé róchasta’,” a dúirt McGuinness.
Dúirt sé go bhfuil an milleán á leagan ag an Rialtas ar an “earnáil” agus ar “rudaí taobh amuigh de chumhacht an Rialtais” agus go bhfágann sé sin go bhfuil an plean “thar a bheith lag” i dtaobh tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne, tithíocht ar chíos réasúnta, agus “go háirithe” tithíocht Ghaeltachta.
Cháin McGuinness fógra an Rialtais sa phlean go ndéanfar “scrúdú ar conas is féidir le gníomhaire stáit amháin obair le gníomhaire stáit eile” le réiteach a fháil ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht. Ag tagairt don líne sa phlean faoi Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair le hUisce Éireann a bhí McGuinness.
Tá sé molta ag an Rialtas sa phlean náisiúnta tithíochta go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta, Uisce Éireann, agus na húdaráis áitiúla as lámha a chéile le “tacú le tógáil tithíochta do phobail labhartha Gaeilge”.
“Tá práinn ar leith ag baint leis an ngéarchéim tithíochta inár gceantair Ghaeltachta. Tá glúnta óga, clanna óga, agus tá siad ag déanamh cinntí mar gheall ar cad atá siad chun a dhéanamh. Ní féidir leo fanacht gan teach, gan baile, i gcónaí ag feitheamh ar an Rialtas rudaí a dhéanamh i gceart.
“Tá daoine óga Gaeltachta atá ag iarraidh clann a thógaint trí mheán na Gaelainne, tá siad ag imeacht ón nGaeltacht. Tá siad ag cailliúint dóchais mar gheall air seo, agus tá siad, má tá an seans acu, ag ceannach tithe áit éigin lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, nó tá siad ag dul thar lear,” a dúirt McGuinness.
Dúirt an Teachta Dála Gaeltachta go bhfágfaidh a leithéid de threocht go mbeidh “ré na Gaeltachta thart” agus nach dtuigeann an Rialtas an fhadhb sin.
Cháin comhghleacaí McGuinness i Sinn Féin, Mairéad Farrell i nGaillimh Thiar, an plean freisin agus dúirt go raibh muintir na Gaeltachta i gConamara agus in Árainn “fágtha ag fanacht arís”.
“Is cosúil nach n-aithníonn an Rialtas cé chomh deacair is atá cás na tithíochta sa Ghaeltacht faoi láthair. Ní féidir le muintir Chonamara agus muintir Oileáin Árann teach a fháil ar cíos, teach a cheannacht, nó teach dá gcuid féin a thógáil. Ina ainneoin sin, ní raibh plean sonrach don Ghaeltacht áirithe sa phlean gnímh nua.
“Tá sé luaite sa cháipéis go mbeidh ‘Ráiteas Pleanála Náisiúnta’ don tithíocht sa Ghaeltacht foilsithe in 2027. Dúirt an Rialtas linn go mbeadh na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht foilsithe in 2024, ansin dúirt siad roimh dheireadh 2025. Níl ach mí amháin fágtha in 2025 agus níl siad foilsithe,” a dúirt Farrell.
Mhaígh sí nach mairfeadh pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht “mura bhfuil tithíocht ar phraghas réasúnta ann”.
“Ní theastaíonn plean i gceann cúpla bliain, teastaíonn plean agus gníomh anois,” a dúirt sí.