Déan ‘Seó Linn’ ar chamchuairt na Taibhdheirce
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Foghlaim don óige an dóigh chun dráma a chruthú in aon lá amháin agus tiocfaidh tú abhaile le dhá chluais nua, tinneas cinn b’fhéidir, agus go hiomlán spreagtha ag aisteoirí beaga na Gaeilge.
Sin atá á dhéanamh ag na hamharclannóirí Neasa Ní Chuanaigh agus Cillian Ó Donnachadha i gcomhar leis An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge fá láthair. Chuir siad tús le camchuairt ar an 3 Samhain a mhairfidh go dtí an 21 Samhain. Tabharfaidh siad “cruthaitheacht agus comhoibriú isteach i seomraí ranga ar fud na Gaillimhe” i gceardlanna drámaíochta. Buailfidh siad isteach i mbunscoileanna i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara chun daltaí a threorú tríd an phróiseas le dráma a chumadh in aon lá amháin.
Deir An Taibhdhearc go mbeidh deis ag gach rang ó bhun barr na scoileanna páirt a ghlacadh sna ceardlanna drámaíochta ‘Seó Linn’ agus a radharc gearr féin a chruthú. Ag deireadh an lae, tiocfaidh gach rang le chéile chun na míreanna a chum siad a léiriú. Déanfaidh sin go mbeidh seó iomlán á léiriú atá spreagtha ag na finscéaltaí faoi Scáthach, an trodaire Albanach a chuir oiliúint ar Chú Chulainn sa bhéaloideas.
Ealaíontóirí gairmiúla a dhéanfaidh an obair sna scoileanna agus a chruthóidh “eispéireas spraíúil bríomhar agus ionchuimsitheach i nGaeilge do pháistí”. Tá ‘Seó Linn’ saincheaptha le bheith fóirsteanach do na haoisghrúpaí atá ag glacadh páirte agus tabharfar deis a bheith ag obair ar chúl stáitse do dhaltaí nach bhfuil compordach píosa aisteoireachta a léiriú.

Dúirt Neasa Ní Chuanaigh, duine de na hamharclannóirí atá páirteach, “Mar ealaíontóir áitiúil ón Spidéal, táim ar bís Seó Linn a thabhairt go Cathair agus Contae na Gaillimhe, ach, go háirithe chuig scoileanna Chonamara.”
Leis an tionscadal seo, is í aidhm na Taibhdheirce ná dul i mbun oibre leis an chéad ghlúin eile d’aisteoirí sa Ghaeilge. Tugann Seó Linn deis do na daltaí scileanna cruthaitheachta a fhorbairt agus a fhoghlaim agus muinín a ardú ar fad trí mheán na Gaeilge.
Is é a dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce, “Gach bliain déanaimid píosa nua oibre a léiriú sa phobal. Ba é ár bhfócas i mbliana ná dul i ngleic leis an gcéad ghlúin eile de chainteoirí óga Gaeilge, chun iad a spreagadh agus chun foghlaim uathu. Táimid ar bís a bheith ag obair le beirt ealaíontóirí atá lonnaithe i nGaillimh, ag forbairt an léiriúcháin seo, ionas gur féidir leis dul ar camchuairt i scoileanna i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht Chonamara, le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, agus ó Ealaín na Gaeltachta.”
Níl aon táille ná táille áirithinte ar na ceardlanna. Glacfar leis na háirithintí de réir mar a thig siad isteach agus acmhainneachta. Dearadh leabhar oibre i gcomhpháirt le múinteoirí bunscoile don tionscadal fosta ina bhfuil gníomhaíochta do gach aois. Is féidir léirithe spéise ó scoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh a sheoladh chuig e.nichonchuir@antaibhdhearc.ie.
The post Déan ‘Seó Linn’ ar chamchuairt na Taibhdheirce appeared first on NÓS.