Tá sé molta go mbeadh an Taoiseach Micheál Martin i gceannas ar choiste a dhéanfadh maoirseacht ar pholasaithe an rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bhíodh an Taoiseach ina chathaoirleach ar choiste rialtais a bhí ag plé le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ach cuireadh deireadh leis an gcoiste sin in 2017.
Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, mhol Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go mbunófaí a leithéid de choiste rialtais in athuair chun airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais a thabhairt le chéile le pleananna don teanga agus don Ghaeltacht a phlé.
Dúirt Julian de Spáinn nach raibh aon phlean comhtháite ag an rialtas maidir le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge agus gur léir nach mbíonn ranna rialtais ag labhairt lena chéile faoi chúrsaí teanga.
Mhol de Spáinn go mbunófaí coiste rialtais chun na ranna éagsúla a thabhairt le chéile.
“Má thógtar ceannasaíocht, dá mbeadh an Taoiseach ag tabhairt na n-airí ar fad le chéile lena rá go bhfuil ‘X’ le cur i bhfeidhm – an Straitéis 20 Bliain a bhí i gceist ach tá sí sin beagnach ag ceann scríbe, chaithfí straitéis nua a chur le chéile – dá mbeadh an Taoiseach ag teacht taobh thiar de, dhéanfadh sé an-difear ó thaobh ceannasaíochta de.”
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Naoise Ó Cearúil gur “an-mholadh” a bhí ann.
Ba in 2017, go luath tar éis do cheapachán Leo Varadkar mar Thaoiseach, a cuireadh deireadh leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Laghdaíodh líon na bhfochoistí ó dheich gcinn go cúig cinn agus bhí coiste na Gaeilge i measc na gcoistí ar cuireadh deireadh leo.
Bhíodh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bhíodh idir airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíodh aige.
Dúirt Conradh na Gaeilge ag an am gur “céim ollmhór ar gcúl” a bhí sa gcinneadh.
Níor reáchtáladh ach trí chruinniú den choiste Gaeilge sna 14 mí sular cuireadh deireadh leis.
Agus é ag labhairt i dTeach Laighean inné, dúirt Julian de Spáinn gur easpa uaillmhéine an difríocht is mó idir rialtas na hÉireann agus leithéidí rialtas na Breataine Bige maidir le cur chun cinn na teanga dúchais.
Dúirt de Spáinn nach raibh ón rialtas anseo ach “an méid reatha móide beagáinín níos mó” ach go raibh an rialtas níos uaillmhianaí maidir le cur chun cinn na Breatnaise sa mBreatain Bheag.
“An sampla is éasca de sin ná an scolaíocht trí mheán na Breatnaise. Tá siadsan ag iarraidh [céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Bhreatnaise] a mhéadú ó 23% go dtí 40% faoi 2050. Tá siad ag iarraidh milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach,” a dúirt de Spáinn.
“Bhí uaillmhian anseo nuair a leagadh síos [an sprioc sa Straitéis 20 Bliain] 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ach níor cuireadh na hacmhainní taobh thiar de.
“Is ceist do Rialtas na Breataine Bige í an bhfuil siad chun na hacmhainní a chur ar fáil chun an milliún agus an 40% a bhaint amach ach ón méid a fheicimse, tá siad ag cur méid áirithe acmhainní ar fáil chuige sin agus tá an meon ag dul sa treo sin.”