Cuirfidh Pól Deeds, an chéad duine a ceapadh ina Choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart, tús lena chúram nua inniu. Is ina oifig nua i dTeach an Chomhionannais ar Chearnóg Shaftsbury i mBéal Feirste a bheidh an coimisinéir nua lonnaithe.
Ar na cúraimí is mó a bheidh air sa chéad tréimhse ina ról nua, tá scríobh agus leagan síos na gcaighdeán teanga trína riarfar cearta teanga cainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt.
Beidh na caighdeáin teanga seo bunaithe ar mhúnla na gcaighdeán atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag cheana féin, cé go ndeir lucht feachtais agus saineolaithe cearta teanga gur “laige i bhfad” a bheidh na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm in Éirinn.
Mar chuid de na caighdeáin nua, beidh sraith polasaithe “dea-chleachtais” maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne, agus nithe eile nach iad.
Is é an dúshlán is mó a bheidh roimh an gCoimisinéir nua, dar le Dara Ní Chaoimh ón gCoiste um Riar an Chirt, ná an ceadú a bheidh ag teastáil ó cheannairí Stormont na caighdeáin a chur i bhfeidhm.
“An príomhdhúshlán a bheidh roimh an gCoimisinéir ná an ceadú a fháil ón gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an Leas-ChéadAire Emma Little-Pengelly araon do na caighdeáin atá le leagan amach aige.
“Is léir go bhfuil ról an Choimisinéara go hiomlán oscailte, agus gur féidir leis an DUP bac a chur ar an nGaeilge, mar atá déanta acu arís agus arís eile,” a dúirt Ní Chaoimh le Tuairisc.
Dúirt sí go mbeidh bunús níos láidre faoi chumhachtaí an Choimisinéara nuair a bheidh an cead sin faighte aige ó cheannairí an dá pháirtí in Stormont, ach go mbeidh an reachtaíocht teanga “i bhfad níos laige” sa Tuaisceart ná mar atá sí sa Bhreatain Bheag.
Sa chás nach n-aontóidh ceannairí Stormont faoi na caighdeáin a chuirfidh an Coimisinéir nua chun cinn, fágfar faoi Stát-Rúnaí na Breataine sa Tuaisceart, Hilary Benn, iad a cheadú.
Deir Conradh na Gaeilge go mbeidh cead ag an gCoimisinéir nua “comhairle, tacaíocht, agus treoir” a thabhairt d’eagrais phoiblí gan cead a fháil ón gCéad-Aire agus Leas-ChéadAire agus gur rud “suntasach” é sin. Deirtear sa reachtaíocht, áfach, go dtabharfaidh Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéadaire “treoir” don Choimisinéir maidir lena aidhmeanna go léir, an fheidhm sin san áireamh.
Tá sé ráite cheana féin ag breitheamh de chuid na hArd-Chúirte i mBéal Feirste gur chóir comhairle an Choimisinéara nua a lorg faoi chás na comharthaíochta dátheangaí i Stáisiún Lár Bhéal Feirste.
Chomh maith leis na cúraimí sin, beidh dualgas ar Phól Deeds gearáin ón bpobal a fhiosrú maidir le haon teip maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán nua teanga – feidhm atá cosúil le cumhachtaí an Choimisinéara Teanga ó dheas.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur “cloch mhíle shuntasach” é an lá inniu agus go bhfuil pobal na Gaeilge sa Tuaisceart ag “tús aistear nua”.
“Tá muid ag súil go mó rle bheith ag plé láithreach leis an Choimisinéir úr agus lena chuid feidhmeanna sa reachtaíocht agus ionchais mhór againn mar phobal go mbainfear amach fríd an Oifig seo an comhionannas a gealladh dúinn thar na blianta.
“Tá neart cainte agus neart cáinte déanta maidir le ‘veto’ a bheith ag an Chéad agus Leas-Chéad Aire ar na caighdeáin teanga, go mbeidh comhthoil de dhíth ón bheirt acu chun na caighdeáin sin a fhaomhadh. Tiocfaidh an scrúdú mór sin go luath agus moltaí an Choimisinéara i leith na gcaighdeán ullmhaithe aige,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Dúirt sé go raibh “feidhmeanna soiléire” i gcroí na reachtaíochta teanga a thugann cumhachtaí eile don Choimisinéir is féidir leis a úsáid láithreach.
“Tríd na feidhmeanna sin, tá muid ag súil leis go mbeidh an Coimisinéir ábalta comhairle agus treoir a thabhairt d’aon údarás poiblí a bhfuil a leithéid de dhíth orthu.
“Bíodh sin ar an Roinn Bonneagair ar cheist na comharthaíochta dátheangaí, ar Ollscoil na Banríona atá ag fanacht leis an chomhairle sin le fada an lá, nó le haon údarás poiblí atá ag plé le soláthar Gaeilge acu a bhfuil tacaíocht agus cuidiú de dhíth orthu,” a dúirt sé.