Ciste nua €14 milliún fógartha ag Coimisiún na Meán i dtionscnamh trasteorann
Fógraíodh clár nua tionscadal agus tograí meán uile-oileáin trasteorann inniu an 19 Samhain faoi chiste nua, is é sin Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Roinn an Taoisigh a thug an maoiniú faoi Oileán Comhroinnte, tionscnamh de chuid an rialtais agus an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a bhronn an maoiniú, ar fiú €14 milliún é, ar Choimisiún na Meán.
Seoladh an tionscnamh rialtais Oileán Comhroinnte i mí Dheireadh Fómhair 2020 d’fhonn leas a bhaint as Comhaontú Aoine an Chéasta agus comhoibriú, caidrimh agus comhthuiscint a chothú agus a fheabhsú in Éirinn.
I measc na dtograí a mhaoineofar faoi Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte tá an tionscnamh iriseoireachta ‘Iriseoireacht Oileáin Chomhroinnte Gan Teorainneacha’, soláthróidh Coimisiún na Meán trí bhabhta nua den scéim maoinithe rathúil Fuaim & Fís atá 20 bliain ar an fhód agus a thacaíonn le clársceidealú teilifíse agus raidió in Éirinn. Leis na babhtaí nua maoinithe de chuid Fuaim & Fís — ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’ — maoineofar clársceidealú “lena dtacófar le todhchaí chomhroinnte, lena gcuirfear chun cinn malartú cultúir agus lena gceiliúrfar oidhreacht éagsúil an oileáin.”
Spreagfar faighteoirí an mhaoinithe gné thrasteorann nó thrasphobail a fhobairt sna léiriúcháin lena spreagfar comhoibriú idir léiritheoirí, craoltóirí agus an lucht cruthaitheachta ar fud an oileáin. Rithfear na babhtaí nua gach bliain go ceann trí bliana.
Thairis sin, tabharfar tacaíocht don togra nua ‘Scéalta agus Eispéiris an Oileáin Chomhroinnte’ lena n-éascófar forbairt smaointe cruthaitheacha agus tallann nua ar bhonn uile-oileáin, ar nós na comhpháirtíochta rathúla Cine4 a sholáthair maoiniú do An Cailín Ciúin.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán, an méid seo a leanas: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach a fhorbairt d’Éirinn, lena múnlaítear ár bhféiniúlacht mar shochaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Patrick O’Donovan as maoiniú a chur ar fáil don chiste nua tábhachtach seo, Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Tá lúcháir ar an gCoimisiún inniu an chéad chlár gníomhaíochtaí faoin gCiste nua a fhógairt chun cur leis an gcomhoibriú, leis an gcomhar agus leis an gcruthaitheacht ar fud an oileáin.
“Is é an uaillmhian atá againn ná go léireodh tírdhreach meán na hÉireann na cultúir agus na traidisiúin ar fad, agus go léireofaí leis an tuairisciú a léimid i gcló agus ar líne, agus na cláir a fheicimid ar an teilifís agus a chloisimid ar an raidió, ár n-oidhreacht éagsúil, ár stair shaibhir agus ár dtuiscint chomhroinnte. Leis an tacaíocht don iriseoireacht trasteorann, litearthacht sna meáin ar fud an oileáin agus ábhar craoltóireachta comhoibríoch nua, beidh ról fíorthábhachtach ag Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte i ndáil le tacú le todhchaí chomhroinnte do na pobail uile ar an oileán.”
Deir Coimisiún na Meán fosta go bhfiosróidh siad deiseanna féideartha chun bheith ag obair le comhpháirtithe sa tuaisceart chun tacú le litearthacht sna meáin a chur chun cinn trí thograí luachmhara a chur ar fáil. Leis, tá sé d’aidhm ag an Choimisiún tionscadal comhaontaithe um litearthacht sna meáin a áireamh le linn thréimhse na scéime.
Anuas air sin, fobrófar tionscnamh nua ‘Oileán Comhroinnte — Iriseoireacht Gan Teorainneacha’ chun tuairisciú trasteorann a spreagadh. Díreoidh an tionscnamh ar iriseoirí óga agus céimithe i ngorta na hiriseoireachta clóite, craoltóireachta agus digití. Seolfar an scéim in 2026.
Tagann an dul chun cinn seo faoi stiúir Choimisiún na Meán, an ghníomhaireacht a fhorbraíonn agus a rialaíonn an tírdhreach meán in Éirinn agus a dhéanamh maoirseacht ar mhaoiniú earnáil na meán agus ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
Borradh suntasach faoi earnáil na meán agus na hiriseoireachta in Éirinn a bheas mar thoradh ar an chiste agus ar na scéimeanna nua seo. Is céim eile chun tosaigh é fosta i measc forbairtí eile le blianta beaga anuas atá ag spreagadh comhoibriú trasteorann in earnálacha éagsúla oibre.
The post Ciste nua €14 milliún fógartha ag Coimisiún na Meán i dtionscnamh trasteorann appeared first on NÓS.