Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Buntáistí an Tumoideachais á bplé i dtaighde nua maoinithe ag COGG

|

Foilseofar tuarascáil nua bunaithe ar thaighde náisiúnta i dtaca leis an tumoideachas ag ócáid in Óstán Pháirc Bhaile an Róistígh i gCorcaigh Déardaoin an 20 Samhain. ‘An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn: Léargais ón Taighde Náisiúnta’ is teideal don tuarascáil acadúil.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) a mhaoinigh an staidéar cuimsitheach atá déanta ag an Dr Claire Dunne, Ceann Roinne ar an Bhéarla agus ar an Ghaeilge, thar ceann Institiúid Oideachais Marino.

Ag eascairt as an taighde ríthábhachtach seo, leagtar amach na príomhbhuntáistí suntasacha éagsúla a bhaineann leis an tumoideachas. Bhí idir bhuntáistí acadúla, bhuntáistí teangeolaíocha, agus bhuntáistí cognaíocha faoi scrúdú ag an Dr Dunne i measc buntáistí eile.

Déanfaidh an taighde seo eolas don chur chuige i dtaca le soláthar an tumoideachais in Éirinn chun díriú ar thorthaí dearfacha na Gaelscolaíochta.

Deir an Dr Claire Dunne, údar na tuarascála, “Ba chúis áthais dom tabhairt faoin taighde tábhachtach seo ar an tumoideachas ar oileán na hÉireann. Is léir go bhfuil léargais thábhachtacha ann do dhaoine atá ag obair sa ghort in Éirinn agus timpeall na cruinne.”

Gabhann Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG buíochas ó chroí leis An Dr Claire Dunne as a cuid díograise agus dua leis an obair fhíorthábhachtach seo.

“Tá tábhacht mhór ag baint leis an anailís seo mar tá go leor fianaise ann go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an tumoideachas. Tá sé ríthábhachtach na buntáistí sin atá bunaithe ar thaighde a roinnt le scoileanna agus leis an earnáil oideachais go ginearálta, ionas go bhféadfaí an t-eolas a chur ar thuismitheoirí agus iad ag déanamh cinntí faoi oideachas a bpáistí,” a dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa.

Seolfaidh an tOllamh Emeritus Oideachais, Áine Hyland, an tuarascáil ag an Tionól Forbartha in Óstán Pháirc Bhaile an Róistígh ag 19:15 ar an 20 Samhain. Is féidir an taighde a fháil anseo.

The post Buntáistí an Tumoideachais á bplé i dtaighde nua maoinithe ag COGG appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta