Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Baol ann nach mairfidh an t-irisleabhar An Timire bliain eile gan socrú maoinithe

|

Tá an baol ann nach mairfidh an t-irisleabhar An Timire bliain eile mura socrófar maoiniú don fhoilseachán, dar le stiúrthóir na hirise, an tAthair Frainc Mac Brádaigh.

Agus é ag labhairt ag ócáid cheiliúrtha do An Timire, a bheidh 115 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn, ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, dúirt an tAthair Frainc go bhfuil amhras air go mbainfidh an t-irisleabhar 116 bliain amach mura dtiocfar ar réiteach éigin ar cheist an mhaoinithe go luath.

“Chaill Feasta agus An tUltach an maoiniú ó Fhoras na Gaeilge an t-am céanna is a chaill An Timire é agus tá an dá iris sin imithe ar shlí na fírinne anois. Tá muide ag brath ar na hÍosánaigh le maoiniú a thabhairt dúinn, ach níl a fhios agam an bhfuil an t-airgead acu níos mó nó an mbeidh siad sásta é a thabhairt.

“Tá 700 síntiúsóir againn agus tagann airgead eile isteach ón bhfógraíocht agus ó na cóipeanna a dhíoltar sna siopaí. B’fhéidir nach acmhainn do na hÍosánaigh tacú linn níos mó agus beidh maoiniú eile ag teastáil uainn má tá An Timire leis an gcéad chloch mhíle eile a bhaint amach,” a dúirt an tAthair Frainc leis an gceithre scór daoine a bhí bailithe ag Aonach an Oireachtais leis an irisleabhar a cheiliúradh.

 

Thug Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, aitheasc ómóis uaidh agus luaigh tábhacht na hoibre atá ar bun ag foireann An Timire ó bunaíodh an t-irisleabhar i 1910. Ghuigh sé gach rath ar an bhfoilseachán agus dúirt go raibh súil aige go mbainfeadh sé 150 bliain amach.

Rinne an tEaspag Alan McGuckian, Easpag an Dúin agus Chonaire, comhghairdeachas le foireann An Timire freisin agus labhair ar an gceangal a bhraith sé a bheith idir an Gaeilge agus an Chríostaíocht in Éirinn.

Labhair Ray Mac Mánais, duine atá ag scríobh míreanna don irisleabhar le tamall maith de bhlianta, ar a cheangal pearsanta féin leis An Timire agus ar an meas mór atá aige ar an Athair Frainc Mac Brádaigh as an méid atá déanta aige ar son na hirise ó ghlac sé ceannas uirthi in 2012.

Ba í Lasairfhíona Ní Chróinín a bhí ina bean tí ag an ócáid agus d’fhreastail Fionnuala Mac Aodha, eagarthóir reatha An Timire, agus Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí Oireachtas na Samhna, uirthi freisin. Tugadh aitheantas don obair a dhéanann riarthóir na hirise Martina Mhic an Phríora ag an ócáid freisin.

Bunaíodh An Timire i 1911 agus tá sí ar cheann de na hirisí is sine sa tír. Foilsítear gach ráithe í agus pléitear inti cúrsaí creidimh, cultúir, agus sóisialta. Is iad na hÍosánaigh a chuireann an t-irisleabhar amach, agus é mar aidhm ag an bhfoireann foilsitheoireachta “spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil”.

Déanfar ceiliúradh an bhliain seo chugainn ar 70 bliain d’Fhoilseacháin Ábhair Spioradálta (FS) chomh maith, an teach foilsitheoireachta atá faoi choimirce na nÍosánach. Bunaíodh FS i 1956 “chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí”.

An Timire agus FS lonnaithe in aon oifig amháin, ar leis na hÍosánaigh í, ar Shráid Líosain Íochtarach i mBaile Átha Cliath. Is é an tAthair Frainc Mac Brádaigh atá i gceannas ar Fhoilseacháin Ábhair Spioradálta faoi láthair. Cuirtear trí leabhar ar a laghad i gcló gach bliain.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta