Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An Fhraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis á staidéar ag formhór daltaí a fuair díolúine ón nGaeilge mar gheall ar dheacrachtaí foghlama

|

Bhí níos mó ná leath na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama fós ag déanamh staidéar ar theanga iasachta anuraidh.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais, bhí 37,974 dalta iarbhunscoile in 2024 a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge mar gheall ar riachtanais speisialta oideachais (RSO). Bhí 51% de na daltaí sin, 19,404, ag tabhairt faoin bhFraincis, an Ghearmáinis nó an Spáinnis tráth go raibh cead faighte acu gan an Ghaeilge a staidéar.

Laghdú é an 51% ón mbeagnach dhá thrian de dhaltaí a raibh díolúine acu de bharr RSO a bhí ag déanamh staidéir ar theanga iasachta in 2021.

In ainneoin an laghdaithe sin, deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar chúrsaí teangeolaíochta agus ar chúrsaí oideachais, go léiríonn na figiúirí go bhfuil teachtaireacht ann go fóill bhfuil an Ghaeilge ródheacair do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu, teachtaireacht nach bhfuil aon bhunús léi dar leis.

Creideann Ó Duibhir, a bhí ina stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go léiríonn na figiúirí go mbíonn daltaí le RSO in ann teangacha a fhoghlaim agus nach bhfuil aon chúis ann nach dtabharfadh siad an Ghaeilge leo dá gcuirfí an curaclam in oiriúint dóibh.

“Léiríonn na figiúirí an dochar atá á dhéanamh ag córas na ndíolúintí. Tá comhairle á cur ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí nach bhfuil siad in ann Gaeilge a fhoghlaim de bharr go bhfuil míchumas foghlama acu,” a deir Ó Duibhir le Tuairisc.

“Léiríonn na figiúirí go bhfuil beagán os cionn leath de dhaltaí ar ceileadh foghlaim na Gaeilge orthu ag foghlaim teanga iasachta. Níl córas na ndíolúintí ag teacht leis an gcleachtas agus an taighde reatha idirnáisiúnta.

“Tá sé in am ag an Roinn Oideachais agus Óige a aithint go ndearnadh botún ollmhór in 2019, go bhfuil an córas as smacht agus go mba chóir deireadh a chur leis láithreach.”

Nuair a d’athraigh an Roinn Oideachais córas bronnta na ndíolúintí in 2019, dúradh go ndéanfaí rud “annamh” agus “eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge ach is ag dul i méid atá líon na ndíolúintí ó shin. Bronnadh beagnach 61,000 díolúine ar dhaltaí iarbhunscoile anuraidh, rud a d’fhág go raibh díolúine ag duine as gach seachtar daltaí dara leibhéal sa stát.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a bhí ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge nuair a moladh deireadh a chur le córas na ndíolúintí, go bhfuil “cur chuige iomlán nua” ag teastáil chun go mbeadh deis ag gach dalta an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Sa pholasaí cuimsitheach maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais a d’fhoilsigh Sinn Féin anuraidh, d’aithin muid go raibh líon suntasach ag fáil díolúine nach raibh deacracht ar bith acu an dara teanga a fhoghlaim, agus a bhí ag déanamh staidéar ar theanga iasachta go dtí an Ardteist fiú gan fadhb ar bith. Tugann na figiúirí nua seo le fios dúinn go bhfuil sé sin fós fíor, agus go bhfuil córas na ndíolúintí “lochtach go mór”, mar atá ráite ag Cumann Disléicse na hÉireann,” a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Teastaíonn cur chuige iomlán nua chun freastal ar riachtanas gach dalta seachas scata ollmhór a scaradh ónár dteanga náisiúnta, go háirithe nuair atá siad breá in ann teanga a fhoghlaim.”

Ar an ábhar céanna, léirigh an Teachta Ó Snodaigh díomá nach raibh aon tagairt déanta do riachtanais speisialta oideachais i bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun faoi shonraíocht nua le haghaidh Gaeilge na hArdteiste.

Lorg an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) aighneachtaí le gairid maidir leis na sonraíochtaí nua atá le forbairt do Ghaeilge na hArdteiste agus cé gur aithníodh i gcáipéis eolais don athbhreithniú go raibh ceangal idir an t-ardú atá tagtha ar líon na ndíolúintí agus an laghdú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag déanamh scrúdú Gaeilge na hArdteiste le blianta beaga anuas, níor pléadh an scéal a thuilleadh.

“Teip atá ann daltaí a choimeád amach ó foghlaim na Gaeilge seachas cúrsa foghlama a chur in oiriúint dá riachtanais, agus iachall orthu go minic roghnú idir croí-ábhar na Gaeilge agus rochtain ar shainteagasc,” a deir an Teachta Ó Snodaigh.

Deir sé go dteastaíonn cur chuige “ionchuimsitheach” d’fhoghlaim an dara teanga agus go gcaithfí measúnuithe agus scrúduithe oiriúnacha a chur ar fáil mar chuid den chur chuige sin.

“Ní gá go mbeadh brú ar dhalta le deacracht scríbhneoireachta an scrúdú céanna scríbhneoireachta a dhéanamh sa leagan céanna nó san am céanna, agus d’fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí ann inar gá do daltaí áirithe scrúdú cainte amháin a dhéanamh,” a deir Ó Snodaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta