Fógraíodh an tseachtain seo le linn Fhéile Meán Cumarsáide Bhéal Feirste go bhfuil an dara sraith de Crá, dráma coireachta, coimisiúnaithe ag BBC Thuaisceart Éireann agus TG4. Cuirfear tús leis an scannánaíocht don tsraith sé chlár i gContae Dhún na nGall i dtús na bliana 2026.
Fíbín Media agus Fíbín Films NI Ltd a léiríonn Crá do TG4 agus do BBC. Tá an-tóir ar an gcoirscéinséir Gaeilge seo agus é díolta le hardáin i 68 tír.
Is iad Fíbín Media agus Fíbín Films NI a léireoidh an dara sraith de Crá.
Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag plé leis an dara sraith Richie Conroy, Sarah Gordon, chomh maith le Damian McCann, Noel McCann agus Philip Doherty, a stiúir an chéad sraith. Beidh Aoife Nic Ardghail, aisteoir agus bean scannánaíochta, ar an bhfoireann freisin.
Deir Darach Ó Tuairisg, an Léiritheoir Feidhmiúcháin, go bhfuil Fíbín Media thar a bheith sásta an tsraith a thabhairt ar ais agus a bheith ag obair arís leis an gcliar agus an criú. “Chuaigh an saol dorcha faoi leith a cruthaíodh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus tá muid buíoch dár gcuid páirtnéirí uilig as an gcúnamh leanúnach ionas gur féidir an dráma sainiúil Gaeilge seo a léiriú. D’fhéadfadh gur mó arís an t-ábhar iontais a bhainfidh leis an dara sraith.”
Deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 go rabhthas ag súil go mór leis an dara sraith.
“Fuair an chéad séasúr greim ar an lucht féachana lena chur i láthair, an chruthaitheacht agus cineál an ghrinn agus le Richie Conroy agus Philip Doherty i mbun meitheal speisialta cruthaitheachta, tá muid cinnte go mbeidh cláir spéisiúla dhrámaíochta a bhaineann go háirithe le hÉirinn le feiceáil ag an lucht féachana arís leis an dara sraith.”
Fuair an tsraith ardmholadh ón lucht féachana, a deir Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe le BBC Gaeilge. “Ba é Crá an chéad sraith drámaíochta coirscéalta i nGaeilge a craoladh ar BBC One Thuaisceart Éireann, BBC iPlayer agus BBC Four agus tar éis moladh chomh mór sin ón lucht féachana, is iontach an scéal go bhfuil an dara sraith ar na bacáin. Is fada liom go bhfeicfidh mé an casadh a bheidh sa scéal a chuirfear os comhair an lucht féachana sa dara sraith.”
D’fháiltigh Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta na Gaeilge le Scáileán Thuaisceart Éireann, roimh an dea-scéala freisin agus dúirt gur cúis ríméid ag an gciste seasamh leis an dara sraith.