Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An ‘bonn á bhaint’ de chearta teanga an phobail bhodhair in Éirinn

|

Tá an ‘bonn á bhaint” den cheart sa dlí atá ag úsáideoirí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) teacht ar sheirbhísí poiblí ina dteanga dhúchais in Éirinn, dar le tuarascáil a d’fhoilsigh Cumann Bodhar na hÉireann le deireanas.

Tugadh aitheantas oifigiúil do ISL san Acht ISL (2017) agus daingníodh ann na cearta atá ag an bpobal bodhar a dteanga dhúchais, ISL, a úsáid agus an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí ateangaireacht saor in aisce a chur ar fáil agus iad ag úsáid seirbhísí an stáit.

Dúradh sa tuarascáil Barriers to Studying and Working as an ISL Interpreter, a réitigh an Dr Gearóidín McEvoy i gcomhar le Cumann Bodhar na hÉireann, go bhfuil an ‘bonn á bhaint” de na cearta seo mar gheall ar an nganntanas géar ateangairí ISL.

Maítear sa tuarascáil go bhfágann na cúinsí oibre agus oiliúna a bhíonn ag ateangairí ISL in Éirinn nach féidir is nach fiú dóibh fanacht sa phost rófhada. Luaitear ar na bacanna eile atá ar ateangairí gairmiúla ISL an fhostaíocht éiginnte agus a dheacra is atá sé cáilíochtaí gairmiúla a bhaint amach. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil sé mar aidhm ag Cumann Bodhar na hÉireann ‘athruithe córasacha” a spreagadh a dhéanfadh ‘gairm inmharthana inmhianaithe” den ateangaireacht ISL.

Dúirt Comhairle Ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (CISL) go bhfuil an t-éileamh ar ateangairí ISL ag dul i méad ó achtaíodh Acht ISL (2017) ach go bhfuil an líon daoine atá ag dul isteach sa ghairm ró-íseal leis an éileamh sin a shásamh.

Tá tuairim is 5,000 duine in Éirinn arb í ISL a bpríomhtheanga. Tá cúrsa oiliúna amháin ag an tríú leibhéal don ateangaireacht ISL (i gColáiste na Tríonóide) ach ní thagann ach ceathrar nó cúigear ateangairí tríd an gcúrsa sin gach bliain. Níl ach 119 ateangairí cáilithe in Éirinn. Maítear sa tuarascáil go bhfágann an ganntanas ateangairí go bhfostaíonn comhlachtaí poiblí ateangairí nach bhfuil cáilíocht ná creidiúint acu le seirbhísí a chur ar fáil don phobal bodhar.

Fuarthas sa taighde go dtaitníonn a gcuid oibre go mór leis na hateangairí ISL atá ag obair in Éirinn agus go bhfuil siad ‘paiseanta” fúithi ach go bhfuil ‘bac mór” orthu mar gheall ar na ‘constaicí córasacha” atá rompu.

‘Is ar éigean a bhíonn seasmhacht fostaíochta ag ateangairí. Den chuid is mó, ní bhíonn aon chobhsaíocht oibre acu, ní bhíonn saoire ar phá acu, ní bhíonn ach saoire thuismitheoireachta reachtúil acu, ní bhíonn aon deis acu dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm.

‘Bíonn siad á meas faoina luach agus baintear an bonn dá ngairmiúlacht, agus d’fhéadfadh sé gur easpa fhorleathan feasachta faoi dhaoine bodhra agus ateangairí is cúis leis sin,” a deirtear sa tuarascáil.

Moltar sa tuarascáil go gcuirfí le líon na n-ateangairí atá ag obair in Éirinn agus go gcinntítear poist dóibh. Moltar go gcuirtear ‘tacaí” i bhfeidhm do shláinte agus d’fholláine na n-ateangairí agus gur chóir tuilleadh deiseanna oiliúna a chur ar fáil dóibh.

Tagraítear do ‘crannchur cód poist” sa tuarascáil a fhágann go bhfágtar réigiúin áirithe in Éirinn gan ateangaire ISL ar bith agus moltar gur chóir dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí ateangairí a spreagadh le dul ag obair in áiteanna eile.

Deirtear freisin go bhfuil gá le feachtas feasachta faoin bpobal bodhar, faoin ateangaireacht ISL, agus faoi chearta na ndaoine bodhra lena chinntiú go dtuigeann an pobal, agus comhlachtaí poiblí, an gá atá le hateangaireacht ISL agus na cearta atá ag an bpobal bodhar.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta