Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Deireadh Fómhair 2025
Just Mustard – WE WERE JUST HERE (Partisan)
WE WERE JUST HERE by Just Mustard
Is léir ó éisteacht le halbam úr Just Mustard go bhfuil sé i gceist acu gurb iadsan a bheidh ar an gcéad ghrúpa Éireannach a shiúlfaidh sna sála ar Fontaines D.C. tríd an doras sin a bhfuil na focail THE INDIE BIGTIME scríofa os a chionn i soilse móra neoin.
Más rud é go bhfuil an dornán singlí a d’eisigh an grúpa le cúpla mí anuas cloiste agat (‘Polyanna’, ‘We Were Just Here’, ‘Endless Deathless’) tuigfidh tú go bhfuil téagar úr i bhfuaim Just Mustard, agus foinn a ghreamóidh i d’aigne acu le dul leis.
Fuaimníonn gach rud níos toirtiúla agus níos saibhre — an ghile níos lonraí, an dorchadas níos doimhne. Spleodrach agus taibhsiúil san am céanna go minic. Katie Ball ag canadh, mar is dúil di, ar nós anam damanta (nó cailín a chaith Lá Nollag sáinnithe i bpoll portaigh ar a haonar!).
Tá giotáir loiscneacha shoegaze ‘Endless Deathless’ go diail ar fad, iad caite anuas ar dhord toirtiúil a bhfuil seabhrán leictreonach ag baint leis a chuireann ceol Curve i gcuimhne dom.
An mise amháin a chloiseann rud beag de luascadh anonn is anall ‘Sexy Boy’ de chuid Air san amhrán ‘We Were Just Here’ (ach ceol don log maisála seachas don tolglann i gceist, abair)? Tá blas Aphex Twin i ré ‘Flim’ agus ‘Alberto Balsalm’ ar dhrumaí teanna éadroma ‘Dandelion’.
Albam a ghluaiseann go deas, is nach bhfanann thar fhad a fháilte. Ná caill Just Mustard nuair a osclaíonn siad do The Cure i bPáirc Mharlaí BÁC agus ag Belsonic i mBéal Feirste i mí Meithimh na bliana seo chugainn.
Caitríona Frost – Spreag (Féineisithe)
Cnagcheoltóir as Corcaigh is ea Caitríona Frost. Cé gur le ceol clasaiceach agus ceol do scannáin is mó a bhíonn sí ag plé ina post lae mar shaorcheoltóir le dreamanna mar Cheolfhoireann Náisiúnta na hÉireann, ar Spreag cloisimid í ag cur cnaguirlisí mar an mhairimbe agus an vibreafón in oiriúint do cheol traidisiúnta na hÉireann.
Tá idir cheol nuachumtha agus phíosaí traidisiúnta le clos anseo, agus is léir sa dá chás go bhfuil go leor machnaimh déanta ag Frost ar na bealaí is éifeachtaí le hornáidaíocht shéiseach an cheoil thraidisiúnta a thabhairt leat mar chnagcheoltóir. Tá sí ag tarraingt anseo, mar a deir féin, ar a taithí féin ar cheol traidisiúnta a sheinm ar an veidhlín agus ar an bhfeadóg stáin, chomh maith le stíl seinnte Mhichíl Uí Shúilleabháin, nach maireann (cuimhnigh go n-áirítear an pianó i measc na gcnaguirlisí tiúnáilte).
Cé go bhfuil gluaiseacht ‘Trip To Paris 1-3’ agus ‘Síle na Gig’ i dteannta an phíobaire Muireann Ní Shé ina buaicphointe domsa, tá caighdeán an cheoil seo an-ard tríd is tríd. Cinntíonn rogha fhairsing aoicheoltóirí agus aoi-amhránaithe Frost (Nell Ní Chróinín, Steve Cooney, Mike McGoldrick agus Eabhar McMahon ina measc) go bhfuil gach port difriúil lena chéile.
Vanessa Wagner – Philip Glass: The Complete Piano Études (Infiné)
Philip Glass: The Complete Piano Etudes by Vanessa Wagner
Ba ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar éagsúlacht luasanna, uigeachtaí agus teicnící pianó, agus chun uirlis oideolaíoch trína bhfeabhsódh a sheinm phianó féin, a chum an cumadóir agus pianódóir Philip Glass a chéad leabhar étude (1-10). Deir sé gur eachtraí nua in armóin agus struchtúr a bhí i gceist le Leabhar 2 (étude-annaí 11-10).
Tá iontais go leor don éisteoir cúramach ar an taifeadadh seo den scór étude sin déanta ag an bpianódóir Vanessa Wagner as Rennes na Briotáine. Intinn ghasta, méara éadroma. Seachnaíonn stíl chaolchúiseach Wagner an blas meicniúil a bhíonn ar cheol Glass in amanna. Is ceol deas milis é seo, ach éist le hasarlaíocht ‘Etudes 3’ agus ‘Etude 14′ is tuigfidh tú go mbaineann Wagner an-sásamh as na dúshláin a chuireann na píosaí seo roimh an phianódóir.
(Albam Atheisithe na Míosa)
Marva Whitney – It’s My Thing (Vampisoul)
Eisithe ar dtús in 1969, tá fáil anois ar an albam début seo de chuid an amhránaí anamcheoil agus func Marva Whitney, nach maireann, ar cheirnín 180g a bhuí le ceirníní Vampisoul na Spáinne.

Léirithe ag James Brown féin – fear a raibh baint aige freisin le scríobh formhór d’amhráin an albaim – agus taifeadta i dteannta buíon cheoil Brown, na JBs, tá It’s My Thing ag cur thar maoil le poirt theasaí dhiongbháilte func mar ‘Unwind Yourself’ (sampláilte ag 45 King ar ‘Let Me Clear My Throat’ le DJ Kool), ‘It’s My Thing’ (freagra Whitney ar ‘It’s Your Thing’ le The Isley Brothers), ‘Get Out Of My Life’ agus ‘I’m Tired, I’m Tired, I’m Tired (Things Better Change Before It’s Too Late)’.
Dinimít!
Joanna Duda Trio – Delighted (Byrd Out)
Seans go bhfuilim ciontach as barraíocht spáis a thabhairt d’fhuaim éalúchach an spiritual jazz ar na leathanaigh nuair ba cheart dom ardán a thabhairt níos minice do ghrúpaí snagcheoil a bhíonn ag soláthar stíleanna níos úire eachtrúla.
Seo chugat, mar sin, albam iontach de shnagcheol fuinniúil comhaimseartha a léiríonn cumas damanta cruthaitheach an phianódóra Phollanaigh Joanna Duda agus a compántas thar sé rian shamhlaíocha spleodracha. Tá obair iomasach Michał Bryndal ar na drumaí thar na bearta.
The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Deireadh Fómhair 2025 appeared first on NÓS.