Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Aire Stáit don tSláinte le casadh leis an HSE le leapacha folmha Áras Mhic Dara a phlé

|

Tá geallúint tugtha uaidh ag an Aire Stáit don tSláinte, Kieran O’Donnell, casadh le hoifigigh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) leis na naoi leapa fholmha atá in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a phlé.

Dúirt an tAire O’Donnell sa Dáil aréir seo gur labhair sé le hoifigigh a Roinne féin agus le hoifigigh an HSE cheana faoin gceist ach go bhfuil sé i gceist aige cruinniú a shocrú leis an HSE anois le “fáil amach go díreach” céard atá ag tarlú maidir le cúrsaí earcaíochta sa teach altranais Gaeltachta.

“Tá mé ag iarraidh a fháil amach go díreach céard atá ag tarlú. Tá a fhios againn go bhfuil an próiseas earcaíochta ar bun agus go bhfuil [na leapacha] an-tábhachtach agus an-tairbheach do sheandaoine na háite.

“An gheallúint a thugaim uaim anocht, ar bhealach réamhghníomhach agus praiticiúil, ná go gcasfaidh mé féin leis an HSE le fáil amach céard atá ag tarlú agus cén chaoi ar féidir linn dlús a chur leis an earcú foirne leis na leapacha a oscailt a luaithe agus is féidir,” a dúirt sé.

Ba iad na Teachtaí Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell (SF) agus John Connolly (FF) a tharraing anuas ceist Áras Mhic Dara sa Dáil.  Dúirt Farrell gur “mór an scannal” é go bhfuil naoi leaba gan líonadh in Áras Mhic Dara a fhad is atá dhá dhuine dhéag – “a bhfuil cúram ón áras sin ag teastáil go géar uathu” – ar liosta feithimh d’áit sa teach altranais.

“Tá na naoi leaba shingle sin folamh anocht agus ag an am céanna tá 73 duine ar tralaí san ospidéal i nGaillimh. Ní dhéanann sé sin ciall ar bith. Tá tuilleadh brú á chur ar an ospidéal, agus brú á chur ar dhaoine atá ag iarraidh a gcúram sláinte a fháil níos gaire don bhaile.

“Ní scéal nua é seo, tá feachtas ar siúl ar an gCeathrú Rua ar feadh na mblianta. Anois tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag rá linn gur fadhb foirne é agus nach mbeidh na leapacha sin oscailte go dtí an t-earrach ar a thúisce. Teastaíonn gníomh láithreach,” a dúirt sí.

Dúirt an tAire Stáit O’Donnell nach féidir le hÁras Mhic Dara glacadh le haon duine eile faoi láthair mar gheall nach bhfuil dóthain foirne ag an teach altranais ach go bhfuil próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair.

“Faraor, scaití bíonn tionchar ag ganntanas foirne ar líon na leapacha a bhíonn ar fáil. Tá líon na leapacha atá ar fáil ag am ar bith ag brath ar líon na ndaoine atá fostaithe lena chinntiú go gcoinnítear caighdeán sláinte agus sábháilteachta na foirne agus na ndaoine atá ina gcónaí san áit. Ríomhtar líon na leapacha a bhíonn ar fáil bunaithe ar líon na foirne a bhíonn ar fáil agus na scileanna atá ag an bhfoireann sin.

“Tá mé ag iarraidh a gheallúint go bhfuil an HSE tiomanta gach post folamh in Áras Mhic Dara a líonadh agus sna hospidéil phobail agus tithe altranais uile sna réigiúin, agus go leanfaidh siad orthu ag fiosrú na mbealaí is féidir é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Thug sé le fios gur reáchtáladh feachtas earcaíochta d’Áras Mhic Dara le deireanas agus gur tháinig an feachtas sin chun críche agus go gcuirfear tús leis an earcú “in am trátha”.

“Tá súil ag an HSE leapacha a oscailt in Áras Mhic Dara arís nuair a earcófar an fhoireann nua ag tús na bliana,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála John Connolly sa Dáil gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar earcú agus coinneáil na n-altraí sa tír seo.

“Caithfidh muid breathnú ar earcú agus coinneáil na n-altraí sa tír agus athbhreithniú a dhéanamh air sin. Tuigim go bhfuil próiseas ar siúl faoi láthair le foireann a chur ar fáil do na leapacha seo ach bhí sé an-deacair iad a líonadh,” a dúirt sé.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta