Beidh an chéad ghála de 40,000 aonad céille ón bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge ar fáil ar líne faoi dheireadh na míosa seo. Dúirt foireann an fhoclóra, ag an ócáid ‘Focal ar Fhocal’ a reáchtáladh ag Oireachtas na Samhna, go bhfuil 50,000 aonad céille as an 80,000 ar fad a bheidh ar an bhfoclóir idir lámha acu i láthair na huaire agus go bhfoilseofar a bhformhór acu sin ag deireadh mhí na Samhna.
Táthar ag súil go mbeidh an foclóir ina iomlán, an chéad mhórfhoclóir Gaeilge i stair na teanga, ar fáil i mí Lúnasa na bliana 2027. Cé go bhfuil lucht na foclóireachta ag obair ar dhá fhoclóir ar leith ag aon am amháin – an Foclóir Nua Gaeilge-Béarla (an ‘Ó Dónaill Nua’) agus an foclóir aonteangach Gaeilge – is don fhoclóir aonteangach atáthar ag tabhairt tús áite faoi láthair.
“Tá tús áite á thabhairt don fhoclóir aonteangach. D’fhéadfaí an dá cheann a fhoilsiú ag an am céanna ach mheasamar gur mó an t-éileamh a bheadh ar an bhfoclóir aonteangach Gaeilge, foclóir atá á éileamh ag an bpobal le breis agus céad bliain anuas.
“Tabharfaidh sé seo deis don fhoclóir nua ‘análú sa timpeallacht’. Dá bhfoilseofaí an dá cheann le chéile bheadh ar dhaoine rogha a dhéanamh idir brí na bhfocal a chuardach i mBéarla nó i nGaeilge, agus nílimid i dtaithí ar an teanga a thuiscint agus a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Ba cheart dhá bhliain a thabhairt don cheann aonteangach lena neadú sa tsícé sna scoileanna,” a dúirt bainisteoir an fhoclóra, Cormac Breathnach leis an slua céad duine a chruinnigh san Ionad Tionóil Idirnáisiúnta i mBéal Feirste leis an gcéad spléachadh a fháil ar an bhfoclóir nua.
Dúirt sé gur rud nua ar fad a bheadh ann do phobal na Gaeilge a bheith in ann brí focail agus nathanna a dteanga féin a thuiscint ina dteanga féin agus go bhfuil sé mar aidhm ag a fhoireann an nós fadbhunaithe aistriúchán Béarla a aimsiú le focal Gaeilge a thuiscint a bhriseadh i measc lucht labhartha na Gaeilge.
Dúirt Breathnach nach raibh de rogha ag cainteoirí Gaeilge go dtí seo ach téarmaí agus focail nár thuig siad a chuardach in Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill le haistriúchán Béarla a fháil orthu, agus ansin na torthaí sin a chuardach ar mhórfhoclóir Béarla amhail The Oxford English Dictionary leis an mbunfhocal Gaeilge a thuiscint. San fhoclóir nua a bheidh ar fáil an mhí seo, tabharfar míniú i nGaeilge, den chéad uair, ar iontrálacha Gaeilge.
Dúradh ag ócáid na foclóireachta freisin go bhfuiltear ag tabhairt tús áite, taobh istigh den fhoclóir aonteangach Gaeilge seo, “do bhríonna thar iontrálacha” agus go bhfágann sé sin nach mbeidh focail áirithe ar fáil i measc an chéad ghála sin atá le foilsiú an mhí seo. Is é sin le rá go dtabharfar tús áite do gach uile bhrí a bhaineann le focal (dála ‘faigh’) seachas líon ard focal éagsúil nach mbeadh ach brí nó dhó luaite leo a chur ar an bhfoclóir.
Dúirt Breathnach go mbeidh “roinnt iontrálacha móra, roinnt iontrálacha meánacha, agus roinnt iontrálacha beaga” ar an bhfoclóir nuair a nochtfar go poiblí den chéad uair é ach go mbeifear ag cur leis go seasta as seo go mí Lúnasa 2027.
Taispeánadh roinnt iontrálacha samplacha don lucht féachana ag an ócáid. Tá an leagan amach a bheidh ar an bhfoclóir nua ag teacht leis an leagan amach a bhfuil lucht labhartha na Gaeilge i dtaithí air ón New English-Irish Dictionary (NEID) atá ar líne ó 2013. Tá gnéithe áirithe den leagan amach bunaithe ar chórais a cheap Niall Ó Dónaill dá fhoclóir Gaeilge-Béarla féin in 1977 – na nodanna gramadaí, mar shampla.
“Ghoideamar an ribín gramadaí ó Niall Ó Dónaill, shíleamar go raibh sé an-úsáideach leis an eolas a chur i láthair an úsáideora. Tá taithí ag daoine ar na comhaid ghramadaí ar Foclóir.ie, agus má chliceáltar ar an mbarra [gramadaí] beidh tuilleadh comhthéacs ann. Beidh sé sin amhlaidh d’ainmfhocail, do bhriathra, agus d’aidiachtaí araon,” a dúirt Breathnach.
Beidh níos mó ná ceannfhocail loma ar fáil ar an bhfoclóir nua agus aird ar leith á díriú ag na foclóirithe ar nathanna cainte agus ar sheanfhocail. Beidh sainmhíniúcháin ar leith ann dá leithéid, in iarracht saibhreas na Gaeilge a mhíniú ar bhealach atá éasca ag lucht a labhartha a thuiscint.
Dála na bhfoclóirí eile atá curtha ar fáil ar líne ag Tionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, taispeánfar ‘iontrálacha gaolmhara’ ar an scáileán nuair a chuardófar ceannfhocal. Is é sin le rá go dtaispeánfar “aon iontráil bhreise” ar an bhfoclóir ina bhfuil an ceannfhocal a cuardaíodh le fáil.
Déanfaidh an t-inneall cuardaigh cuardach go huathoibríoch ar gach leagan de cheannfhocal a chuirtear isteach mar gheall gur “léir” do lucht an fhoclóra “an tslí gur thaitin sé sin le daoine” . Taispeánfar iontráil ar bith ina luaitear ‘ábhar, ábhair, hábhair, t-ábhar, n-ábhar’ agus a leithéid nuair a chuardófar ‘ábhar’, mar shampla.
Dúirt eagarthóir an fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin, gur 50-60% den fhoclóir nua a bheidh ar líne faoi dheireadh na bliana seo agus go bhfágann sé sin go mbeidh “a lán ceannfhocal agus bríonna nach mbeidh ar líne” ag an tráth sin. Beidh 10,000 níos lú aonad céille ann ná mar a bhí nuair a nochtadh NEID den chéad uair in 2013, ach dála an fhoclóra sin, beifear ag cur leis sna blianta amach romhainn.
“Tús oibre atá i gceist anseo. Is ag díriú ar ghnéithe áirithe den teanga atá muid faoi láthair, ar na réamhfhocail agus na huimhreacha agus rudaí mar sin. Ní bheidh na hiontrálacha uilig in aon chatagóir amháin [‘tíortha’, ‘ainmhithe’, ‘aimsir’, cuir i gcás] déanta i mbliana,” a dúirt Ó Mianáin.
Dúirt sé go bhfuil cúrsaí foclóireachta agus cúrsaí Gaeilge “in áit dhifriúil” ón uair a foilsíodh English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe (1959), Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill (1977), agus Foclóir Gaedhilge agus Béarla Phádraig Uí Dhuinnín (1927).
“Tá muid in áit dhifriúil anois, tá muid ag bogadh ón ‘nod don eolach’ agus ‘leathfhocal don fhear léinn’ go ‘treoir do dhaoine atá éiginnte’ anseo. An cinneadh a rinne muid i dtaca le sainmhíniúcháin, má thig an t-eolas a chur i láthair ar bhealach atá so-úsáidte ach nach bhfágfaidh go gcaillfidh an léitheoir toil na beatha, déanfar sin.
“Tá coimpléacs ag pobal na Gaeilge i leith na foclóireachta agus tá muid ag iarraidh an nós sin a bhriseadh agus normalú a dhéanamh ar úsáid foclóirí do ghnáthphobal labhartha na Gaeilge. Tá an ghramadach níos fusa agus níos soiléire sna nótaí gramadaí ar an bhfoclóir s’againne ná mar atá in An Caighdeán Oifigiúil, agus tá nótaí úsáide ann freisin, sa bhreis ar an eolas atá san iontráil féin,” a dúirt Ó Mianáin.
Sna nótaí úsáide sin, tá pointí a bhaineann le gramadach, réim, agus stíl agus tá sé i gceist ag na foclóirithe cur go mór leis an soláthar sin tríd an bhfoclóir ar fad.
Ar cheann de na difríochtaí móra eile a bheidh idir an foclóir nua agus na foclóirí a d’imigh roimhe ná an cinneadh a rinneadh téarmaí a bhfuil níos mó ná focal amháin iontu a chur isteach mar iontráil astu féin.
Mar shampla, caitear ‘agallamh’ nó ‘beirte’ a chuardach ar na seanfhoclóirí leis an téarma ‘agallamh beirte’ a thuiscint, agus mar sin féin ní thugtar an bhrí shainiúil atá leis an téarma mar a thuigtear sa lá atá inniu ann é. Beidh leithéidí ‘agallamh beirte’ agus ‘deireadh seachtaine’ ar an bhfoclóir nua mar iontrálacha astu féin agus sainmhíniú ar leith don bhrí áirithe a bhaineann leis an téarma iomlán ar fáil ann.
Beidh focail iasachta ar an bhfoclóir nua – leithéidí ‘ad hoc’ agus ‘cappuccino’ – ach cuirfear an lipéad ‘iasacht’ leo agus tabharfar míniú i nGaeilge ar an gcoincheap.
Chomh maith leis sin, dúirt Pádraig Ó Mianáin go mbeidh bheith istigh ag focail “a bhí beáráilte” as foclóirí eile go dtí seo, agus é ag trácht ar leaganacha canúnacha d’fhocail éagsúla.
“Beidh ainmhithe úra sa zú oifigiúil a bhí beáráilte go dtí seo. Tá an focal ‘fata’ ar an bhfoclóir. Tá ceannas iomlán ag ‘fata’ i gConnachta, agus in áit a bheith i bhfolach ag bun na hiontrála do ‘práta’, beidh a iontráil féin ag an bhfata. Beidh an cur síos mar a chéile le ‘práta’ ach beidh nóta leis ina dtugtar le fios gur focal a bhaineann le Connachta é. Tá muid dul a dhéanamh soláthar mar sin ar na focail ardmhinicíochta i gcanúintí uile na Gaeilge,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil an ghné sin an-tábhachtach mar gur airigh cainteoirí dúchais Gaeilge go dtí seo nárbh fhéidir a leaganacha féin d’fhocail a úsáid “nuair nach raibh siad le feiceáil ar an bhfoclóir”. Dúirt sé gur bhraith na daoine go raibh na leaganacha dlisteanacha sin “dícháilithe”.
Dar le hÓ Mianáin, is iad na samplaí úsáide an bua is mó a bheidh ag an bhfoclóir nua i dtaca le cúrsaí gramadaí mar gheall gur tríd an sampla seachas trí mhíniú teicniúil gramadúil a thuigfidh formhór na ndaoine na pointí gramadaí. Luaigh sé ‘na forainmneacha réamhfhoclacha leis an iarmhír threise’ sa chomhthéacs seo [‘agamsa’, ‘ortsa’, ‘leis-sean’ agus araile’]. Beidh eolas agus sampla úsáide do gach ceann acu sin ar an bhfoclóir nua, rud a bheidh níos éasca a thuiscint, dar le hÓ Mianáin, ná na rialacha a bhaineann leis an ngné sin den ghramadach mar a thugtar in An Caighdeán Oifigiúil iad.