Tuatha Dé Danann 12: Tochmarc Étaíne
Scéal mór a bhaineann leis na Tuatha Dé é Tochmarc Étaíne (mealladh Éadaoin). Tá cuid de ar fáil i Lebor na hUidre. Baineann an lámhscríbhinn seo leis an 12ú/13ú haois nó rinne scríobhaithe éagsúla obair uirthi. Tá cuid mhaith de thús agus deireadh Tochmarc Étaíne ar iarraidh, ámh. Tá leagan den scéal ar fáil i Leabhar Buide Leacáin (ar scríobhadh é idir 1391-1401) agus píosaí eile de i lámhscríbhinní éagsúla. Cuireadh in eagar é cúpla uair agus tá clú ar an aistriúchán go Béarla a cuireadh i gcló sa leabhar Early Irish Myths and Sagas le Jeffrey Gantz. Le déanaí, tá an scéal mar spreagadh ag an leabhar Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce leis an údar chlúiteach Diarmuid Johnson. Ní eagrán, go díribh, atá sa leabhar seo ag Johnson ach sníomhann sé leaganacha éagsúla den scéal le chéile agus líonann sé bearnaí go cruthaitheach sa dóigh go bhfuil rud cosúil le húrscéal ann. “Na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha” atá scríofa ar shuíomh an fhoilsitheora.
As na scéalta ar fad a bhaineann leis na Tuatha Dé, thig a rá go bhfuil scéal Éadaoin ar cheann de na scéalta is mó atá ar eolas againn. Ní hionann sin, ámh, agus a rá go mbíonn an scéal ar fad ar eolas againn ach go n-aithníonn muid ainm na mná agus go dtuigeann muid go bhfuil scéal bainteach léi. Seo thíos achoimre de shaghas ar an scéal. Is féidir a rá go bhfuil trí chuid leis an scéal agus pléifidh mé iad de réir roinne.
Cuid 1
An chéad rud a tharlaíonn ná go dtagann Aengus (a phléigh mé roimhe) ar an tsaol. Is í Boand, atá pósta ar Elcmar, a mháthair. Cuireann an Daghdha Elcmar faoi dhraíocht sa dóigh nach n-aithníonn sé naoi mí ag gabháil thart, luíonn an Daghda le Boand agus tagann Aengus ar an tsaol. Is é Midir a athair altramais. Agus Aengus fásta, faigheann sé Brú na Bóinne mar áit chónaithe.
Tagann Midir ar cuairt chuige ach cailleann sé súil nuair a thosaíonn buachaillí ag troid agus caitheann ceann acu píosa cuilinn ina threo. Bíonn Dian Cecht in ann an tsúil a chur ar ais ach iarrann Midir cúiteamh ar Aengus. Ceann de na rudaí a iarrann sé ná an bhean is áille sa tír.
Tá a fhios ag Aengus gurb í Étaín (iníon le hAilill, rí Uladh) an bhean is áille agus déanann sé iarracht í a fháil dá oide. Bíonn ar Aengus go leor a dhéanamh agus a íoc sula n-aontaíonn Ailill ach socraítear an ‘caidreamh’ seo idir Midir agus Étaín sa deireadh.
Tá Midir pósta ar bhean darb ainm Fúamnach agus déanann sí cuileog den bhean nua. Caitheann Étaín thart fá mhíle bliain mar chuileog sula dtiteann sí i gcupán agus ólann Étar (bean le laoch de chuid Chonchuir Mhic Neasa) í. Rugann Étar Étaín, mar leanbh arís, 1012 bliain ó rugadh í an chéad uair. Fada roimhe seo, ámh, mharaigh Aengus Fúamnach as an rud a rinne sí ar an bhean óg aláinn.
Cuid 2
Agus Étaín níos sine (don dara huair), ba mhaith leis an rí, Eochu Airem, bean aige. Arís, is í Étaín an bhean is áille sa tír agus pósann sí an rí. Titeann deartháir an rí i ngrá léi fosta, ámh. A láidre a ghrá do bhean a dhearthár, tosaíonn sé ag fáil bháis le brón ar an ábhar nach dtig leo a bheith le chéile.
Téann an rí chun turas a dhéanamh thart fán tír agus fágtar Étaín chun aire a thabhairt don fhear atá ag fáil bháis. Insíonn sé údar a thinnis dá dheirfiúr chleamhnais agus aontaíonn sí luí leis chun é a leigheas a fhad is nach ndéanann siad taobh istigh é (nó is lena fear céile an dún nó caisleán agus níor mhaith léi é seo a dhéanamh ina theach féin). Tarlaíonn seo faoi thrí agus, ar an tríú huair, léiríonn Midir é féin di agus faigheann Étaín amach gur bhuail sí le Midir faoi thrí, ní lena deartháir cleamhnais. Mar a thit sé amach, chuir Midir draíocht ar Ailill a d’fhág ina chodladh é agus chuir sé riocht Ailill air féin. Ní cuimhin léi é ach míníonn sé go raibh siad pósta agus aontaíonn Étaín gabháil leis má ligeann Eochu di.
Cuid 3
Agus Eochu ar ais, cuireann Midir dúshlán air ficheall a imirt leis. Cuireann siad geall de shaghas ar na cluichí agus baineann Eochu. Socraíonn siad cluiche eile a imirt agus “dhá lá thart ar Éadaoin agus póg uaithi” (an teanga uasdátaithe agam) mar dhuais. Baineann Midir an iarraidh seo.
Iarrann Eochu air pilleadh i gcionn bliana chun a dhuais a fháil agus, cé go mbailíonn Eochu arm chuige chun seo a chosc, tagann Midir ar ais agus éiríonn leis Étaín a sciobadh leis. Cuireann Eochu a fhir amach chun iad a aimsiú; abrann sé leo gabháil a thochailt in achan sí sa tír chun iad a aimsiú.
Aimsítear iad sa deireadh agus cuirtear 50 bean ar an chuma le hÉtaín os comhair Eochu. Deirtear leis a bhean a roghnú as an chaoga. Tá seift amháin ag Eochu; tá bua áirithe ag a bhean chun deoch a dhoirteadh. Ordaíonn sé ar na mná deoch a dhoirteadh agus aimsíonn sé a bhean ar an dara duine ón deireadh. Glacann sé abhaile í agus beirtear iníon leo.
Bliain ina dhiaidh sin, tagann Midir ar ais agus buaileann sé leis an rí. Míníonn sé go raibh Étaín ag iompar nuair a sciob sé leis í agus gurb í a iníon féin a roghnaigh sé an bhliain roimhe.
Fágann sé é, dar ndóigh, go raibh iníon aige lena iníon féin. Náire air, ordaíonn Eochu go bhfágfar an leanbh san iargúltas chun bás a fháil. Tagann beirt uirthi, ámh, agus tógann siad go maith í agus léiríonn sí buanna iontacha nó is d’fhuil uasal í. Pósann sí Eterscél agus beirtear páiste. Conaire Mór (a bhí ina ardrí 63-33 RC dar le Foras Feasa ar Éirinn) an páiste sin.
Níl a fhios againn cad a tharla d’Étaín i ndiaidh d’Eochu an bhean mhícheart a roghnú ach is dócha gur fhan sí le Midir.
The post Tuatha Dé Danann 12: Tochmarc Étaíne appeared first on NÓS.