Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tionchar Taylor Swift go fóill le mothú i ndiaidh 12 albam

| ,

Tá albam úrnua eisithe ag Taylor Swift an mhí seo. An dara halbam déag s’aici. Is é sin…

…The Life of a Showgirl

Níl a fhios agam an bhfuil mórán d’intreoir de dhíth ar an cheoltóir a thuill ‘an tEalaíontóir Domhanda is Mó’ ar Spotify in 2024. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a bheith aineolach uirthi ag an phointe seo.

Is cinnte go dtiocfadh liom ‘Swiftie’ a thabhairt orm féin. Is téarma ar leith é seo a thugann leantóirí Taylor Swift orthu féin. Tá pobal láidir cothaithe ag Swifties timpeall an domhain, daoine de gach cúlra agus ar gach aois. D’fhás muid go léir aníos leis an bhean seo agus measaim féin gur guth cumhachtach láidir í do mhná timpeall an domhain. 

Is dócha gur tháinig méadú ar phobal Taylor Swift ón Eras Tour fiú, camchuairt dhomhanda a thosaigh i mí an Mhárta 2023 agus a chríochnaigh i mí na Nollag 2024, ar fhreastail breis agus 10 milliún daoine uirthi timpeall an domhain. D’fhreastail mé féin ar sheó den chamchuairt nuair a bhî sí in Éirinn i mí Meithimh 2024. Sheinn sí ar feadh trí oíche i ndiaidh a chéile agus bhí an t-ádh liom gur éirigh liomsa agus le mo chuid cairde ticéid a fháil don oíche dheiridh i Staid Aviva, cuimhne a fhanfaidh liom go deo. 

Ní fhaca mé Taylor Swift beo roimhe sin agus rud speisialta faoin cheolchoirm áirithe seo ná go ndeachaigh sí trína réanna ceoil i gcaitheamh na mblianta. Mhair an cheolchoirm trí uair agus 15 bomaite, agus níor stop sí ach amháin nuair a bhí athrú feistis le déanamh aici go tapa.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir Taylor albam amach dar teideal Midnights ar a bhfuil amhrán darb ainm ‘You’re On Your Own, Kid’. Ar an amhrán seo, chan sí, ‘So, make the friendship bracelets, take the moment and taste it’. Chuaigh an t-amhrán agus na liricí áirithe seo go mór i bhfeidhm ar Swifties ar fud an domhain. Ó shin ar aghaidh, bhí daoine timpeall na háite ag cruthú méid ollmhór bhráisléid cairdis chun ullmhú don cheolchoirm. Ag na ceolchoirmeacha féin, mhalartaigh strainséirí a mbráisléid (agus na liricí éagsúla a cuireadh orthu) lena chéile. Ní hé seo ach sampla amháin den tionchar dhearfach atá ag an bhean ar an domhan.

Grianghraf le hEilís Nic Lochlainn. Eilís agus a cuid cairde ag The Eras Tour i mBaile Átha Cliath.

Faraor, tá an Eras Tour críochnaithe, ach ní sin le rá nach bhfuil ré nua i ndán don cheoltóir (agus dúinne!). Don albam úr seo The Life of a Showgirl bhuail Taylor le hiarchomhoibrithe dá cuid, léiritheoirí ón tSuailainn, Max Martin agus Shellback. D’fhill siad ar an stiúideo le chéile agus chuaigh siad i mbun oibre. D’oibrigh Swift leis an bheirt le haghaidh na n-albam Red, 1989, agus reputation. Ba léir ón chinneadh seo go raibh Taylor ag iarraidh dul i dtreo éagsúil lena halbam is déanaí The Tortutred Poets Department ó thaobh fuaime agus seánra de. B’aoibhinn liom Red agus 1989 agus mé i mo dhéagóir. Bhí mé réidh don phopcheol, don fhuinneamh agus don bheocht, agus ba é sin an rud a fuair muid ar an albam seo creidim.

Eisíodh an t-albam Dé hAoine, an 3 Deireadh Fómhair 2025. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an albam úr, d’fhreastail mé ar eispéireas éisteachta sa phictiúrlann an oíche sin. Ba é seo premiére an fhíseáin ceoil do ‘The Fate of Ophelia’, príomhshingil an albaim. Mar aon leis sin, bhí neart den taifeadadh ar chúl an cheamara á léiriú agus iad ar obair ar an fhíseán ceoil. Ar ndóighe, bhí an deis againn na 12 amhrán ar an albam féin a chloisteáil le físeáin líricí úrnua. Idir gach amhrán, thug Taylor í féin (a guth ar aon chor) comhthéacs agus cúlra na n-amhrán, rud a chuir go mór leis. Bheartaigh mé féin fanacht go dtí an t-imeacht féin chun éisteacht leis na hamhráin seo den chéad uair, rud a bhí thar a bheith spéisiúil!

Chuaigh mé chuig an imeacht speisialta seo leis an ‘Belfast Swifties Society’, grúpa a bhunaigh cara liom, bean óg as Corcaigh atá lonnaithe i mBéal Feirste, Méabh Ní Bhruadair. Tugann an grúpa seo deis iontach do leantóirí Taylor Swift bualadh le daoine eile agus pobal a chothú. Labhair mé le Méabh i ndiaidh an scannáin.

I rith an tsamhraidh in 2024, d’fhreastail Méabh ar an Eras Tour ceithre huaire, chomh maith le ceolchoirmeacha le Coldplay, Olivia Rodrigo agus Noah Kahan. 

“Bhí mé ag teacht chuig deireadh mo ‘Concert Girl Era’. Bhí mé ag iarraidh freastal ar Swiftegeddon (club oíche a sheineann ceol Taylor amháin) ach ní raibh duine ar bith eile ag iarraidh dul ag an phointe sin,” a dúirt Méabh liom.

“Bhí Taylor ag teacht go dtí an chuid deiridh den Eras Tour i Meiriceá agus mhothaigh mé nár thuig daoine thart orm gach rud a bhí le plé agam faoi. Shíl mé gur cheart rud éigin a dhéanamh faoi sin agus spás a thabhairt dom féin agus daoine eile teacht le chéile agus ár ngrá do Taylor a cheiliúradh gan bhreithiúnas.” 

Chuaigh Méabh ar líne, áit ar aimsigh sí pobal ollmhór de leantóiri Swift. Bheartaigh sí físeán TikTok a chur in airde, ag fiosrú an mbeadh suim ag mórán daoine a bheith páirteach i gCumann Swifties. Ó shin ar aghaidh, tá pobal iontach cothaithe aici le thart ar 150 duine mar chuid den ghrúpa i mBéal Feirste. Ar a bharr sin, tá grúpa eile aici lonnaithe i gCorcaigh mar gheall go raibh sí ag iarraidh aithne a chur ar neart Swifties eile sa bhaile. 

Grianghraf le hEilís Nic Lochlainn. Cara de chudi Eilís ag The Eras Tour.

“An príomhrud atá i gceist leis na grúpaí ná go bhfuil comhrá grúpa againn ar WhatsApp agus bíonn gach rud bainteach le Taylor á phlé againn ansin. Níl aon earraí bolscaireachta caillte amach agam ó chruthaigh mé na grúpaí mar tá gach duine chomh díograiseach sin. Tá gach cairdeagan Taylor Swift faighte agam, gach dlúthdhiosca a bhí uaim…tá pobal deas cruthaithe againn i mBéal Feirste. Buaileann muid le chéile do na hócáidí Swiftegeddon go minic.”

Eisíodh an t-albam ag 05:00 maidin Aoine in Éirinn. Bhí Méabh, cosúil le go leor leantóirí eile, ina suí réidh le héisteacht leis an togra úr. D’éist sí leis ó thús deiridh ina iomláine. 

“I mo thuairimse, an rud atá i gceist leis an albam ná go bhfuil sé cinéal ag tarraingt siar na gcuirtíní uirthi féin agus ar a saol le linn an Eras Tour. Chonaic muid í mar ‘Showgirl’ le linn an Eras Tour ach an rud atá i gceist leis an albam seo ná go bhfuil sé ag léiriú cad é a bhí ag tarlúint taobh thiar de sin. Is rud iontach simplí a bhí i gceist – bhí sí ag titim i ngrá agus mothaím sin go huile agus go hiomlán san albam seo.” 

An duine áirithe a raibh Taylor ag titim i ngrá leis ag an am ná Travis Kelce – peileadóir proifisiúnta Meiriceánach do na ‘Kansas City Chiefs’. Is as Ohio ó dhúchas dó. Roinn Taylor agus Travis roinnt grianghraf le chéile ar na mallaibh i ndiaidh to Travis ceiliúr pósta a chur uirthi, agus tugadh breis agus 30 milliún ‘Is maith liom’ leo. Bhí an dea-scéala á fhógairt achan áit agus ar eolas ag beagnach achan uile dhuine – roinn mo dhaid féin é liom fiú. 

D’amharc mé féin ar an agallamh a rinne Taylor ar phodchraoladh Travis agus a dheartháir Jason ‘New Heights’, a mhair breis agus dhá uair. Ba é seo an áit ar roinn sí an nuacht faoin albam den chéad uair. Ag féachaint ar an agallamh, bhí an chuma air go bhfuil an bheirt acu iomlán sáite agus i ngrá lena chéile. Bhí sé thar a bheith deas í a fheiceáil chomh sásta, socraithe agus sábháilte sin le duine eile. Nuair a smaoiním siar ar a leithéid de ‘Love Story’ agus ‘You Belong With Me’ ón albam Fearless in 2008, mothaím go bhfuil an síscéal draíochtúil bainte amach aici le Travis, agus tá mé thar a bheith sásta di. 

Grianghraf le hEilís Nic Lochlainn. Cumann na Swifties Bhéal Feirste ag an phictiúrlann le haghaidh an eispéiris éisteachta.

Ag labhairt faoin eispéireas éisteachta Dé hAoine, dúirt Méabh, “Bhí thart ar 15 ón ngrúpa ‘Belfast Swifties Society’ ann agus shuigh muid go léir le chéile, agus an cairdeagan nua á chaitheamh ag cuid againn. Bhí sé go hálainn gur chuir siad seó sa phictiúlrann ionas go raibh an deis ag na Swifties bailiú le chéile agus an t-eispéireas seo a bheith againn le chéile mar phobal. Ar ndóighe, thiocfadh leo seo uilig a chur ar líne go díreach ach an rud a thug mé faoi deara faoin Eras Tour ná go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le Taylor Swift ná an ceol amháin. Tá pobal ollmhór cruthaithe thart uirthi agus sin an fáth gur chuir sí sa phictiúrlann é. Thuig sí gur rud é seo a bhí ag teastáil ó dhaoine, gur theastaigh uainn bailiú le chéile arís agus leithscéal a bheith againn, mar a rinneamar ag an Eras Tour.”

An rud ba mhó a mhothaím féin ón albam seo ná áthas, sonas agus suaimhneas. Seans gurbh é an rud is radacaí ná an t-áthas s’agat a léiriú agus a roinnt go hoscailte na laetha seo. Tá a fhios againn uilig nach domhan simplí é agus go bhfuil neart ag tarlú sa domhan faoi láthair go dtiocfadh linn a bheith buartha agus gruama faoi, ach measaim go bhfuil sé tábhachtach aoibhneas a aimsiú agus a chaomhniú nuair is féidir.

D’ainneoin gur eisigh sí 12 albam ó 2006 go dtí an lá inniu, ní dóigh liom go mbeidh Taylor Swift ag éirí as go luath; tá mise lán sásta leis sin fosta! Mar a deir sí féin san amhrán deiridh ar an albam in éineacht le Sabrina Carpenter, ‘The Life of a Showgirl’: ‘I’m married to the hustle/And Now I know the life of a showgirl/And I’ll never know another’. 

The post Tionchar Taylor Swift go fóill le mothú i ndiaidh 12 albam appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta