Tá Oireachtas na Sceallóg Nollag buailte linn
Is dócha go bhfuil an meascán meallacach Feirsteach sin – an ‘Christmas Chip’ – feicthe agaibh ar TikTok ar na mallaibh, agus is dócha go bhfuil tú ag smaoineamh gur chóir duit blas a fháil de na sceallóga Nollag sin. Tá mise anseo le rá leat, a léitheoir, nach gá duit. Smaoinigh ar bhúiste tirim, sceallóga bruite agus easpa súlaigh.
Mar is eol do chách, is é seo seachtain an Oireachtais i mBéal Feirste agus, dá réir sin, chuir mé liosta le chéile a áiríonn bialanna, tithe tábhairne agus imeachtaí fud fad na cathrach a shocróidh an fonn mallaithe Gaelach sin.
Greim Bídh

- Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál — Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh Gaeilge a chloisteáil agus a úsáid, beidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich foirfe duit. Bia traidisiúnta amhail stobhach, gambún milis rósta, sceallóga agus uibheacha agus, chomh maith leis an bhia, tá roinnt imeachtaí le titim amach sa Chultúrlann le linn na féile.
- Hatch, Bóthar na bhFál — Is cinnte go bhfuil mé claonta ach má tá sceallóg Nollag uait,is í seo an áit is fearr in iarthar na cathrach di dar liomsa. Má tá póit an Diabhail ort, áfach, tá caife, bricfeasta, agus rudaí níos láidre acu. Plean Sathairn socraithe!
- Caifé Ceoil, Bóthar Aontroma — Áit Ghaelach eile ina bhfuil ceol le cloisteáil agus ina bhfuil lón deas agus caife le fáil. Beidh imeacht nó dhó ar siúl in Áras Mhic Reachtain i rith an Oireachtais fosta, áit a bhfuil an caifé lonnaithe.
- Spaghetti Arms, Sráid an Aontais — Cur síos ceart é seo ar ‘bhia sráide salach ó haiste sa dorchadas’. Trí a chlog ar maidin, i ndiaidh Chlub na Féile, stiúgtha ólta. Cá háit a rachaidh muid fá choinne greim bídh? Sceallóga salacha, stiallacha sicín, curaí, sillí milis, súlach, cáis, amhail is dá n-osclódh geataí na bhflaitheas romhat faoin tráth sin.
Togha na Dí
Gan a thuilleadh moille… an t-ól. Tá praghsanna an Europa scannalach i bhfírinne, mar sin de, seo na tithe tábhairne is fearr le haghaidh na réamhdheochanna i lár na cathrach agus in Iarthar Bhéal Feirste… dar ndóighe.
- Tí Mhadáin, Sráid Berry — Más rud é go bhfuil tú ag lorg an phionta is fearr i mBéal Feirste, seo í an áit. Ag cur thar maoil le Gaeil, le cultúr agus le ceol, beidh sé plódaithe le linn na féile, agus tá Gaeilge ag an chuid is mó de na baill foirne anseo.
- Hawthorn/An Teach Beag, Sráid na Sceiche — Más iad vaidhbeanna Gaelacha na 70idí atá uait le linn an Oireachtais, tapaigh an deis! Teach tábhairne beag áitiúil atá lonnaithe ar Shráid na Sceiche lán le craic, seo an áit ar féidir múrphictiúir KNEECAP a fheiceáil chomh maith. Níl Cumann Chluain Árd ach cúpla coiscéim ar shiúl ar a bharr sin.
- Second Fiddle, Sráid Waring — Teach tábhairne ‘Gaelach’ i lár na cathrach le ceol beo agus fuadar le mothú. Ar oscailt go dtí a 03:00 ar an Aoine agus ar an tSatharn, mar eolas…
…agus Scoth na nImeachtaí

Bhí mé ar Oireachtas na Samhna in 2023 agus anuraidh i gCill Airne arís. Caithfidh mé a admháil go raibh mé i mo shaoithín amach is amach ag an am sin. Bhí mé ar léacht foclóireachta, ar sheoladh leabhair, agus ar phainéal cainte ag 9:00 maidin Aoine. I mbliana, áfach, tá nós cineál… difriúil agam. Idir an Chultúrlann, an Europa, agus Halla Cois Cuain, beidh a lán imeachtaí ‘idirghníomhacha’ nach mbeidh tú i do shuí acu.
- MGL: Maith Go Leor An Choirceog — Tiocfaidh DJ Próvaí, Móglaí Bap, Le Boom agus eile le chéile chun seó dochreidte a sholáthar dúinn oíche Déardaoin. Áit speisialta í seo (Ní Caff’s, brionglóid fiabhrais an focal a thabharfainn air sin) atá neadaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.
- Piontaí Gaeilge & Tráth na gCeist, Tí Mhadáin — Mura raibh tú in ann ticéad a fháil don cheolchoirm, eagraíonn cumann sóisialta ‘Piontaí Gaeilge’, tráth na gceist trí mheán na Gaeilge thuas staighre i dTí Mhadáin. Ná dearmad go dtig Gaeilge a labhairt leis an fhoireann!
- GaelGÁIRÍ, Europa — Oisín Mistéil, Louisa Ní Éideáin, Cúán de Búrca, Aideen McQueen, Hugh Carr, Bláithín de Burca, Eoin P. Ó Murchú, Síomha Hennessy, agus Justin Cassidy. Ar chuir na hainmneacha sin cathú ort? Oíche choiméide Ghaeilge atá i gceist, agus anuraidh ní raibh aon áit le suí ann…
- Club na Féile, Dé Aoine — Pólca4 i Halla Uladh. Níl focal ar bith de dhíth ar Pólca4. Tá blianta caite acu ag an Oireachtas agus níl dabht ar bith i mo cheannsa go mbeidh sí seo ar na hoícheanta is fearr i rith an Oireachtais agus plúr na gceoltóirí ann.
- Club na Féile, Dé Sathairn — Seán Mac Corraidh agus the Hot Whiskeys san Óstán Europa. Arís, b’fhéidir go bhfuil mé claonta toisc gur iníon léinn de chuid Naomh Muire mé agus go bhfuil duine díobh ina léachtóir agam, ach chonaic mé Clann Mhic Corraidh ag Féile na Gealaí agus ba léir go mbíonn draíocht ar na téadaí a phiocann siad.
Anseo i mBéal Feirste, ní bhaineann ionchas na nGael leis an Oireachtas ag teacht anseo amháin, ach le tús áite gan leithscéal a thabhairt don Ghaeilge i gcathair ina bhfuil an teanga greanta sna doirneoga agus sna bricí féin.
De réir mar a líontar amharclanna, hallaí, agus seisiúin dhéanacha oíche le hamhráin, filíocht agus comhrá le linn an Oireachtais, líontar na sráideanna le féidearthachtaí freisin. Bhí an Ghaeilge riamh anseo. Cuireann an deireadh seachtaine seo i gcuimhne dúinn cé chomh geal agus is féidir leis an todhchaí a bheith nuair a thagann pobal le chéile.
The post Tá Oireachtas na Sceallóg Nollag buailte linn appeared first on NÓS.