Is ón Eastóin ó dhúchas mé agus tá beagán Gaeilge foghlamtha agam ó tháinig mé anseo go hÉirinn nuair a bhí mé sé bliana d’aois.
Ach cé gur ón Eastóin mé níl Eastóinis ar bith agam ná ag éinne de mo mhuintir. Is cainteoirí Rúisise muid.
Mar gheall ar an gcúlra sin ba mhaith liom labhairt faoin alt faoin Eastóin a bhí ag Mairéad Ní Nuadháin ar Tuairisc le déanaí.
Ba mhaith liom rudaí san alt faoi shaol na gcainteoirí Rúisise faoin réimeas nua a chur ina gceart, mar ní dóigh liom go dtugann Mairéad pictiúr cruinn dúinn den chás mar atá.
Tá cainteoirí Rúisise lonnaithe sna réigiún Baltacha, an Eastóin ina measc, leis na céadta bliain. Ní inimirceoirí muid. Freisin ní raibh stát neamhspleách Eastónach ar bith ann roimh Réabhlóid na mBoilséiveach i 1917.
Tháinig náisiúnachas eitneach Eastónach chun tosaigh ansin, ag tógáil ar an ‘athmhúscailt’ náisiúnach a thosaigh timpeall 1853. Ach ba iad an mheánaicme Eastónach a bhí i mbun na gluaiseachta sin, agus chruthaigh siad rialtas in aghaidh na Réabhlóide, le cabhair ón nGearmáin.
D’fhás dearcadh frithchumannach faoin réimeas nua, agus chruthaigh an rialtas agus an junta míleata a bhí i gceannas caidreamh leis an nGearmáin Naitsíoch ar bhonn frithchumannachais. Cuireadh daoine a bhí i gcoinne an rialtais i bpríosún, cainteoirí Eastóinise agus cainteoirí Rúisise in éineacht.
Chuir an rialtas smacht ar na ceardchumainn agus, mar thoradh air sin, ghlac comhghuaillithe Eastónacha páirt ghníomhach san Uileloscadh, faoi cheannas is faoi stiúir na Naitsíoch.
Tá an t-eitneachas Eastónach inniu, cosúil le heitneachais eile atá ag tíortha eile i ndiaidh dheireadh an Aontais Shóivéadaigh, bunaithe ar an dearbhú bréagach gur chuir an tAontas Sóivéadach srian ar chearta teanga na ndaoine dúchasacha Eastónacha i bhfabhar na Rúiseach.
Léiríonn fianaise ó na cartlanna agus ó dhaoine a d’fhás suas san Eastóin Shóisialach go bhfuil cúrsaí go hiomlán difriúil. Cosúil leis an Úcráin, caomhnaíodh cultúr agus teanga náisiúnta na hEastóine agus stádas náisiúnta na tíre, agus ligeadh don teanga fás agus forbairt go hoscailte in éineacht le teanga an Aontais ar fad, an Rúisis.
Taispeánann íomhánna ón tréimhse go ndéanadh daoine ceiliúradh ar na nósanna dúchasacha agus iad gléasta i bhfeisteas náisiúnta na nEastónach, agus go mbíodh ainmneacha óstáin, sráideanna, agus fiú imeachtaí an Pháirtí Chumannaigh á bhfógair in Eastóinis agus i Rúisis araon.
In ainneoin gur mhair an dá phobal go síochánta le chéile, tá an stát agus rialtas na hEastóine i ndiaidh bréagscéal a chur chun cinn, agus tá rath air mar insint, go raibh a dteanga agus a gcearta cultúrtha faoi bhagairt, agus dá bharr sin, go raibh an ceart acusan idirdhealú a dhéanamh in aghaidh lucht labhartha na Rúisise san Eastóin.
Mar sin, ó 1991, thug an stát Eastónach tástálacha teanga agus ‘pasanna eachtrannach’ isteach chun daoine a labhraíonn an Rúisis a scaradh ó lucht na hEastóinise. D’fhág an t-idirdhealú lucht labhartha na Rúisise i bpurgadóir dlí, gan an stádas céanna acu leosan a raibh pas Eastónach acu.
Ba ghnáthoibrithe mo thuismitheoirí ach de bharr an t-idirdhealú sin, ní raibh aon dul as acu ach imeacht ón Eastóin agus saol nua a chruthú anseo in Éirinn, an tír inar tógadh mise.
Ghlan an stát Eastónach amach ón saol poiblí oifigigh a labhair an Rúisis nó a tháinig ó ré an Aontais Shóivéadaigh. Fuarthas réidh le daoine i saol na polaitíochta, nó i bpostanna sa chóras poiblí, riaracháin, dlí agus póilíneachta agus cuireadh dúchasaigh Eastónacha ina n-áit.
Is eol go coitianta, go dtí lár na 1990idí féin, go raibh tréimhse ann ina dtarlaíodh tubaistí go síoraí toisc go raibh an córas póilíneachta scriosta ar mhaithe le glúin nua d’Eastónaigh dhílse a thraenáil.
Sa lá atá inniu ann tá an cineál céanna deighilte fós á cothú ag an reitric leanúnach fhrith-Rúiseach. Cuid mhór de na bearta sin, ní chun leas aon duine iad. Mar shampla, tá iallach curtha ar mhúinteoirí nach múineann teanga na hEastóinise scrúduithe teanga san Eastóinis a dhéanamh. Tuairiscíodh i mí Iúil gur theip ar 72% de na múinteoirí sna scrúduithe sin go hiomlán.
Fógraíodh i mí Feabhra an sprioc “deireadh a chur” leis an Rúisis. Is é an toradh glan air seo ná an imirce agus 1,500 múinteoir, ar an meán, ag imeacht gach bliain, daoine oilte ag fágáil agus sochaí na hEastóine fágtha dá n-uireasa.
Is é fírinne an scéil gur cainteoirí Rúisise iad go leor daoine san Eastóin. Tóg Narva, an baile teorann in aice leis an Rúis, is cainteoirí Rúisise breis is 95% den phobal sa bhaile sin ach tá siad ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach. B’fhéidir nach bhfuil cuid acu tógtha leis an treo atá an tAE ag dul ar ábhair éagsúla, ach ní leor é sin mar údar lena gcearta sibhialta a theorannú.
An mbeadh éinne in Éirinn sásta leithcheal den chineál seo a imirt in aghaidh Phrotastúnaigh an Tuaiscirt nuair a thiocfaidh Éire aontaithe?