Tá an scéal amuigh – táimid beo!
Fáilte chuig Scéal.ie
Is athnuachan Scéal.ie ar an suíomh PEIG.ie a sheoladh i mí Lúnasa 2014.
Tá snua nua ar Scéal.ie ach fós, is é an misean céanna atá againn is mar a bhí ag PEIG.ie – a bheith inár lárphointe eolais do phobal na Gaeilge sa saol comhaimseartha, ag roinnt na scéalta is mó maidir le himeachtaí, folúntais, agus nuacht as Gaeilge libh.
Bí ag súil leis seo mar a leanas nuair a thugann tú cuairt ar Scéal.ie, ar do ríomhaire nó ar d’fhón:
- Dearadh nua-aimseartha agus simplí
- Nascleanúint iomasach
- Leathanach ar leith d’Imeachtaí
- Léarscáileanna idirghníomhacha
- Cuardaigh chumhachtacha
- Eolas athchóirithe agus so-aimsithe
Féach ar an bhfíseán thíos chun achoimre a fháil ar céard atá ar ár suíomh nua:
Bígí linn don seoladh oifigiúil ag an Oireachtas ag 2 i.n. ar an 30ú Deireadh Fómhair 2025.
Ba cheart go mbeadh atreorú uathoibríoch ó na leathanaigh a bhí ar PEIG.ie go dtí na leathanaigh chuí ar Scéal.ie, ach abair linn má bhíonn aon fhadhb agaibh.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag sceal@cnag.ie.
Beidh ár sheoladh ríomhphoist PEIG ag feidhmiú ar feadh tamaill eile, mar sin gheobhaimid aon teachtaireachtaí a sheoltar chuige freisin.