Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh taighde Chomhairle na Gaelscolaíochta i gCnoc an Anfa

|

Chruinnigh múinteoirí agus cleachtóirí oideachais le chéile i gCnoc an Anfa ar na mallaibh chun taighde nua le Comhairle na Gaelscolaíochta i gcomhar le Coláiste Ollscoile An tSrutháin Mhilis a sheoladh.

Is é an tAire Oideachais Paul Givan a sheol an taighde agus d’aontaigh sé leis an tionscadal go bhfuil ualach oibre éagsúil ag múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais.

Bhí deis ag Lauren Nic Conmhaoil, ar múinteoir i mBunscoil na mBráithe Críostaí í, labhairt os comhar an lucht féachana faoi na dúshláin a bhíonn roimpi mar mhúinteoir Gaelscoile. Mar shampla, bíonn uirthi áiseanna foghlama Béarla a aistriú go Gaeilge dá rang agus an chuid is mó den am tá siad “as dáta” dar léi.

Labhair Meon Eile le Ciarán Catney fosta, Oifigeach Sinsearach ‘Tús Cothrom’ le Comhairle na Gaelscolaíochta. D’inis sé dúinn an difear a dhéanfaidh an taighde as seo amach agus cé chomh suntasach agus a bhí sé go raibh an tAire Oideachais i láthair ar an lá, rud a thugann feiceálacht agus aitheantas oifigiúil ní hamháin don taighde é féin, ach don ualach oibre ar leith atá ag múinteoirí in earnáil na Gaeilge.

Thig leat an taighde iomlán a léamh anseo .

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta